Home, National Library of Ireland
Menu
Blog Archive

Bailiúcháin Ghaeilge na Leabharlainne Náisiúnta

Máire Ní Chonalláin - Rannóg na mBailiúchán Fhoilsithe

Thursday, 18 June 2020
Irish language broadside poster with decorative red typography. Issued by Conradh na Gaeilge in 1917 for its annual Hallowe'en festival, advertising a concert and a céilí to be held in the Mansion House.

Féile na Samhna ó 29adh Deire Fóghmhair go dtí 3adh Samhain an chuirm cheóil (EPH G12)

Dia duit, Máire Ní Chonalláin is ainm dom agus tá mé ag obair i Rannóg na mBailiúchán Fhoilsithe sa Leabharlann. Ba mhaith liom insint duit faoi bhailiúcháin Ghaeilge na Leabharlainne Náisiúnta.

Tá sé ar cheann de na bailiúcháin is fairsinge sa teanga aon áit ar domhan.  An ndearna tú iarracht riamh cuimhneamh ar dhán nó ar ghearrscéal a d’fhoghlaim tú ar scoil agus gur mhaith leat é a aimsiú agus a léamh arís? Is cuma cé’n ghlúin lena mbaineann tú, tá seans maith ann go bhfuil an téacsleabhar a bhí agat ar scoil i dtaisce anseo mar is é LNÉ an leabharlann taifid d’Éirinn. D’fhéadfá do aistear a thosnú le cuardach sa phríomh chatalóg  áit a bhfaighidh tú taifead de leabhair, lámhscríbhinní, agus tréimhseacháin i nGaeilge. Tá mór-éileamh ar Fhoras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn i measc scoláirí, maraon le cnuasaigh filíochta cosúil le hÉigse a bhí againn ar scoil. Tá nuachtáin ar nós An Claidheamh Soluis, atá ar fáil go digiteach ó Chonradh na Gaeilge anseo chomh maith leis an tréimhseachán Comhar i gcruachóip anseo agus Irisleabhar na Gaedhilge a dhigitigh Acadamh Ríoga na hÉireann agus atá ar fáil anseo.  Bíonn suim mhór freisin ag léitheoirí i mbailiúcháin béaloideasa ar nós Leabhar Sheáin Í Chonaill. Má tá scríbhneoir nó file is ansa leat agat, d’fhéadfá a ainm a chur isteach sa chatalóg agus feiscint cad a aimseoidh tú.  Geallaim duit go mbeidh iontas ort cé chomh fairsing is atá na bailiúcháin náisiúnta agus an réimse atá ar fáil.

Ar ndóigh tá sár rogha litríochta nua i nGaeilge ar fáil agus tá foilsitheoirí an-ilghníomhach ag soláthar saothar do phobal na linne seo. Is mian linn an teanga a choimeád beo tré í a labhairt, a léamh agus a scríobh.  Foilsíodh an chéad leabhar le téacs Ghaeilge ann i lár an 16ú céad. Tá clár nua ar fáil de shaothar clóite na Gaeilge.  Déanann sé cur síos ar stair phriontála na teanga i bhfoirm liosta croineolaíoch agus tuairisciúil. Áiríonn sé na leabhair ar fad a foilsíodh i nGaeilge idir 1571 agus 1871. An Clóliosta atá mar theideal ar an gclár seo agus is féidir é a fheiscint anseo. Ar ndóigh, tá an Bíobla ar cheann de na leabhair is luaithe a foilsíodh as Gaeilge. Is iontach an fhoinse foclóra é, agus tá eagráin éagsúla sa Ghaeilge ó Bhedell go dtí Ó Fiannachta, agus gach ceann idir eatarthu. Más mian le héinne staidéar a dhéanamh ar an litríocht i dteanga ar bith, ní mór dó aird a thabhairt ar an mBíobla agus ar na clasaicí áit a bhfaighidh sé foclóir fhairsing agus ábhar ionsparáieach. Tá an-chuid macasamhail de chlasaicí na Gaeilge le fáil i NLI, agus tá sé d’aidhm againn gach rud a bhaineann le stair doiciméadach na hÉireann a bhailiú.

Is minic suim ag daoine i seanfhocail na Gaeilge agus tá neart leabhair le nathanna cainte agus ráití deasa ionta anseo. Is mór an taca an gréasán domhanda le haghaidh brabhsáil ar na frásaí is coitianta sa teanga freisin. Maidir leis an mbailiúchán lámhscríbhinní, is é bailiúchán luath Chonradh na Gaeilge is mó a théann léitheoirí i gcomhairle leis, féach anseo , agus áiríonn sé sin Páipéir Oireachtais na Gaeilge, féach anseo, ina bhfuil duaisiarrachtaí ó scríbhneoirí atá mór le rá anois. Ina theannta sin, tá Clár Lámhscríbhinní Gaelacha sa Leabharlann Náisiúnta ar fáil ar an suíomh anseo.   Mar a deir an seanfhocal, is aoibhinn beatha an scoláire. Tá súil agam go gcaithfidh tú uaireanta fada sona anseo am éigin, ag féachaint ar atá scríofa inár dteanga dúchais atá chomh saibhir sin agus a insíonn scéal na hÉireann go hiontaofa dúinn féin agus do na glúnta atá le teacht. 

Máire Ní Chonalláin
Coimeádaí Cúnta, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

-----

This story first appeared as a NLI Newsletter in June 2020.