Home, National Library of Ireland
Menu

Ceoldrámaí as Gaeilge

Le Philip Shields, Coimeádaí Ceoil ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Wednesday, 11 March 2026
musical score

Scór gutha d’Eithne (MU-vb-31)

“If the growth of a distinctly Irish civilisation had not been arrested it is not unreasonable to expect that we would now have a rich repertoire of operas in the Irish Language”. (Alt dar teideal “An Oireachtas” [sic], Southern Star, an 7 Lúnasa 1909. 

Bhí tionchar láidir ag dhá fheiniméan chultúrtha ar shaol an cheoil i mBaile Átha Cliath go luath sa 20ú haois: Athbheochan na Gaeilge, agus traidisiún ceoldráma thar a bheith láidir. Tháinig an dá ghné seo le chéile go soléir i léiriú Eithne le Robert O’Dwyer in 1909, an chéad cheoldráma a cumadh agus a léiríodh i nGaeilge. Tháinig roinnt ceoldrámaí Gaeilge eile chun cinn le O’Brien Butler agus G. Molyneux Palmer agus tháinig Éamonn Ó Gallchobhair chun cinn i dtús an chéid freisin. Tá cóipeanna lámhscríofa agus clóite de na saothair seo i seilbh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, chomh maith le comhfhreagras gaolmhar. 

Open music book

Lámhscríbhinn den scór iomlán d’Eithne (MS L 294)

Scór gutha d’Eithne

Scór gutha d’Eithne (MU-vb-31)

Ceoldráma i mBaile Átha Cliath

Bhí ceoldráma faoi bhláth i mBaile Átha Cliath ag an am seo: de réir meastachán amháin (McHale, 2018), cuireadh os cionn 1,000 léiriú ar siúl idir 1900 agus 1916. Bhí borradh faoin spéis a léiríodh i saothair Wagner freisin, agus bhain an borradh seo a bhuaicphointe amach le léiriú iomlán stáitsithe den timthriall iomlán a bhí aige dar teideal Ring i 1913. Téann traidisiún ceoldrámaíochta na hÉireann siar go dtí an 18ú haois, agus rinne cumadóirí ar nós Balfe, Wallace agus Stanford cion suntasach don seánra. 

Gaiety poster

Bailiúchán Holloway (EPH E349)

Queen's Theatre poster

Bailiúchán Holloway (EPH E315)

Robert O’Dwyer agus Conradh na Gaeilge

Ó thús, cé gur dhírigh Conradh na Gaeilge go príomha ar athbheochan na teanga, bhí tuairimí láidre ag an gConradh maidir le ceol freisin. Dúirt Dubhghlas de hÍde: “if Ireland loses her music, she loses what is, after the Gaelic language and literature, her most characteristic expression”.

Chuaigh an t-ealaíontóir Edward Martyn níos faide, ag maíomh: “Hitherto Irish musicians have ignored their ancient folk music. That is why we have no Irish composers, if we except O'Brien Butler, whose work is intensely national from the colour it has taken from the folk”. (Martyn, 1911). Reáchtáil Conradh na Gaeilge comórtas bliantúil an Oireachtais ó 1897, “at which prizes would be offered for readings, recitations, songs and dramatic sketches in Irish” (suíomh gréasáin an Oireachtais). 

 

Oireachtas na Gaeilge papers

Ó bhailiúcháin cheoil an Oireachtais (MS G 1361-1)

Oireachtas na Gaeilge papers

Ó bhailiúcháin cheoil an Oireachtais (MS G 1361-13)

Rugadh Robert O’Dwyer (1862-1949), cumadóir Eithne, i mBristol do thuismitheoirí Éireannacha. Tar éis dó a bheith ag obair i Sasana mar amhránaí ceoldrámaíochta agus mar stiúrthóir, bhog sé go hÉirinn in 1897. D’éirigh lena réamhléiriú Rosalind an bua a bhaint amach i gcomórtas Feis Ceoil 1900, agus ba ghearr gur ceanglaíodh é le Conradh na Gaeilge. In 1902, bhunaigh agus stiúir sé Cór an Oireachtais, agus in 1908 d’iarr Conradh na Gaeilge air ceoldráma Gaeilge a chruthú. Roghnaigh O’Dwyer an scéal Éan an cheoil bhinn, agus scríobh Tomás Ó Ceallaigh an leabhróg Gaeilge dó. 

Original music manuscript written by Robert O'Dwyer for the opera "Eithne, nó Éan an Cheoil Bhinn" ["Eithne, or the Bird of Sweet Music]

Sliocht lámhscríofa de “Eithne” – scór iomlán (MS L 2954)

Léirigh criticeoirí breithiúnas dearfach ar Eithne nuair a léiríodh den chéad uair é sa Rotunda in 1909, agus luadh tionchar Wagner ar an gceol sna léirmheasanna faoi. Spreag an rath seo Conradh na Gaeilge go láidir chun léiriú eile a eagrú arís in 1910 agus chun an saothar a fhoilsiú. Le déanaí, rinneadh an saothar a léiriú in athuair in 2017, mar thoradh ar thaighde ceannródaíoch Gavan Ring, ag tarraingt go páirteach ar fhoinsí atá le fáil sa Leabharlann Náisiúnta. 

 

Ceoldrámaí Gaeilge Eile

Níor éirigh le ceoldrámaí Gaeilge eile na linne an tionchar céanna a bhaint amach.

Bhí Muirgheis, le Thomas O’Brien Butler, a rugadh i gCathair Saidhbhín, le feiceáil in 1903, roinnt blianta roimh Eithne, agus rinneadh cuir síos air mar “An chéad cheoldráma Gaeilge” ar a leathanach teidil. Mar sin féin, cé go raibh an leabhróg ar fáil i nGaeilge, níor léiríodh é riamh ach i mBéarla. Ní raibh léirmheastóirí róthógtha leis, agus dúirt duine acu: “We are very sorry to have to criticise so severely a work intended to be thoroughly Irish. But it would be a bad service to Irish music to praise a composition merely because it is Irish”. (Bewerunge, 1902). Mar sin, thug leithéidí Edward Martyn agus John Millington Synge tacaíocht don cheoldráma. 

Music sheet

tulmhaisiú de Muirgheis

Rugadh Geoffrey Molyneux Palmer (1882–1957) i Sasana, cosúil le O’Dwyer, agus bhuail sé faoi i mBaile Átha Cliath in 1910. Tá suntas nach beag ag baint le Palmer toisc gur thaitin Chamber Music a d’úsáid sé go mór le James Joyce, i gcomparáid leis an gceol a d’úsáid cumadóirí eile. Ghlac Palmer páirt ghníomhach i saol cultúrtha agus intleachtúil na hÉireann, tar éis dó Baile Átha Cliath a bhaint amach, mar a léirítear ina chomhfhreagras le Dubhghlas de hÍde, A. P. Graves agus daoine eile. 

handwritten letter

Litir ó A. P. Graves go G. M. Palmer (MS 5,377)

handwritten letter

Litir ó James Joyce go G. M. Palmer, 13 Feabhra, 1909 (MS 5,378 (2))

Bhí a cheoldráma Gaeilge Sruth na Maoile bunaithe ar leabhróg le Tomás Ó Ceallaigh, mar gheall ar Chlann Lir, agus léiríodh den chéad uair é chun clabhsúr a chur le hOireachtas na bliana 1923, agus bhí léiriúcháin breise mar chuid de Chluichí Tailteann in 1924 - in éineacht le Shamus O’Brien Stanford agus Sean the Post le Harold White.

Ba é Éamonn Ó Gallchobhair (1900–1982) an cumadóir ba bhisiúla sa seánra seo: Choimisiúnaigh An tOireachtas cúig cheoldráma Gaeilge ar a laghad dá chuid idir 1942 agus 1963. D’fhoilsigh An Gúm ceann de na ceoldrámaí seo, Nocturne sa Chearnóg in 1957: Tá an lámhscríbhinn agus an scór clóite a ghabhann leis i seilbh NLI. Tá an ceann seo suite i gCearnóg Mhuirfean na 1820idí, murab ionann agus na ceoldrámaí roimhe seo faoi mhiotaseolaíocht na gCeilteach. 

music score

Sruth na Maoile le fonn Moore Silent O Moyle (MS 5072)

illustrated music score with ladies flirting

tulmhaisiú Nocturne sa Chearnóg (B3356)

Ceilteachas i gCeoldrámaíocht na hÉireann

Chomh maith le ceoldrámaí Gaeilge, bhí neart de cheoldrámaí Béarla bunaithe ar mhiotaseolaíocht na gCeilteach le linn na tréimhse seo, arna gcumadh ag cumadóirí ar nós leithéidí Esposito, Pelissier agus Molyneux Palmer, a scríobh ceoldráma grinn faoi Dhiarmuid agus Gráinne nach raibh léirithe ná foilsithe riamh, de réir cosúlachta. Tá lámhscríbhinn iomlán an scóir agus codanna den saothar seo i seilbh NLI.

 

Ceoldráma Comhaimseartha i nGaeilge

Le déanaí, chuir Dáirine Ní Mheadhra agus John Hess (a stiúir an tionscadal Irish Art Song in 2019) tús le tionscadal píolótaí, a bhaineann le triúr cumadóirí comhaimseartha Gaeilge ag cruthú ceoldrámaí gearra i nGaeilge. 

 

Foinsí:

Bewerunge, H. (1902). Muirghéis [O’Brien Butler’s Irish opera]. Irish Musical Monthly, 1(5), 58.

Martyn, E. (1911). The Gaelic League and Irish Music. The Irish Review, 1(9), 449–451. https://www.jstor.org/stable/30062771

McHale, M. (2018). ‘Hopes for Regeneration’: Opera in Revivalist Dublin, 1900-1916. In Music Preferred: Essays in Musicology, Cultural History and Analysis in Honour of Harry White (pp. 203–216). Vienna: Holitzer.

Klein, A. (2004). Celtic Legends in Irish Opera, 1900-1930. Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium, 24/25, 40–53. http://www.jstor.org/stable/40285180 

Palmer, G. M., Joyce, J., & Russel, M. T. (1993). James Joyce’s Chamber Music: The Lost Song Settings. Indiana University Press.

Ring, G. (2016). Performance Considerations for Robert O’Dwyer’s Eithne (1909): A Contextual Study and Edited Vocal Score [Royal Irish Academy of Music]. http://hdl.handle.net/2262/76198