An Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta
Coinnítear bailiúcháin ghrianghrafadóireachta na Leabharlainne Náisiúnta, ina bhfuil os cionn 600,000 grianghraf, sa Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta i mBarra an Teampaill anois. Áirítear leis an gCartlann seomraí dorcha agus spás stórála úrscothach. Éascaíonn limistéar taispeántais, spás miondíola, agus Seomra Léitheoireachta do rochtain ar bhailiúcháin, idir chinn stairiúla agus chomhaimseartha, ar cinn Éireannacha atá sa tromlach acu.
Ba é an cleachtas ailtireachta O'Donnell & Tuomey i mBaile Átha Cliath a dhear an foirgneamh seo a bhain duaiseanna amach, agus osclaíodh don phobal ar dtús é thiar sa bhliain 1998.