Is é an t-ailtire Thomas Deane, a rugadh i gCorcaigh, a rinne dearadh ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar an stíl chlasaiceach. Osclaíodh an foirgneamh leabharlainne saintógtha i 1890.
Is stór náisiúnta ann féin é foirgneamh na Leabharlainne ar go leor bealaí. Tá dóthain spáis sa dearadh agus comhdhéanamh saibhir air, le sárcheardaíocht san obair chloiche, marmar, crua-adhmad agus sa ghloine. Roghnaigh íomhá thíos chun turas fíorúil a thabhairt ar an Leabharlann.