Cinntíonn tionscadail innéacsaithe, cóipeála agus catalógaithe leanúnacha go bhfuil níos mó rochtana ná riamh ag an bpobal ar na grianghraif atá faoinár gcúram. Mar sin féin, ba chóir a thabhairt ar aird go bhfuil roinnt bailiúchán ann nach féidir a chur ar fáil do thaighdeoirí i láthair na huaire.
Gheobhaidh tú ina dhiaidh seo liosta de roinnt de na bailiúcháin is fearr aithne sa Chartlann. Lean na naisc le do thoil chun tuilleadh a fháil amach faoi bhailiúchán ar leith.