Gearrshaolta Nua-Aimseartha
Faigheann an Leabharlann Náisiúnta samplaí ionadaíocha de ghearrshaolta priontáilte nua-aimseartha a chuireann leis na bailiúcháin atá ag an Leabharlann cheana féin.
Rogha de ghearrshaolta nua-aimseartha.I measc gearrshaolta nua-aimseartha a fuarthas le déanaí:Ticéad ó Chluiche Ceannais Rugbaí Heineken 2006 nuair a bhí an lá ag Cúige Mumhan, ticéad níocháin gan dháta ó Neachtlann Swastika, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath, cárta poist ag déanamh fógraíochta ar Seó Capall Bhaile Átha Cliath i 1954 agus fógra don léiriúchán a thug Dublin Lyric Players ar dhá dhráma le W.B. Yeats sa Leabharlann Náisiúnta i mí Mheán Fómhair 2005.Tá bailiúchán de thart ar 4000 póstaer ó na 1950í go dtí an lá atá inniu ann ag an Leabharlann freisin.
Tá Gearrshaolta ó Olltoghcháin 2007, 2002 agus 1997 eagraithe le déanaí agus iad ar fáil do thaighdeoirí.