D'oibrigh an Leabharlann Náisiúnta i dteannta leis an gClár Tacaíochta don Bhunchuraclam i bhforbairt cláir bhunoideachais a chuimsíonn turais agus ceardlanna mar thionlacan leis an mórthaispeántas, Yeats: The Life and Works of William Butler Yeats.
Turas/ceardlann a chur in áirithe
Is trí choinne amháin a dhéantar na turais agus na ceardlanna. Chun turas treoraithe agus/nó ceardlann a chur in áirithe, déan teagmháil le ball na foirne taispeántais ag 01 6030277 chun dáta agus am a shocrú. Caithfear áirithintí a shocrú coicís ar a laghad roimh chuairt.
Turas timpeall an taispeántais (45 nóiméad; uaslíon 15 dalta an turas)
Cuirtear WB Yeats in aithne do bhunranganna sa turas gearr seo, agus faightear amach faoina chuid cairde, a theaghlach agus na rudaí a raibh suim aige iontu chomh maith le roinnt dá chuid filíochta is cáiliúla. Áirítear i measc bhuaicphointí an turais: lámhscríbhinn chéad dán Yeats, a scríobh sé nuair a bhí sé seacht mbliana déag d'aois; lámhscríbhinní de 'The Lake Isle of Innisfree' agus 'He Wishes for the Cloths of Heaven'; claíomh Seapánach a thug duine dá lucht leanúna dó; litir ó Yeats chuig a mhac óg; agus an snoiteán lapis lazuli aoibhinn a tugadh do Yeats i gcomhair a sheachtó breithlá.
Roimh do chuairt:
Tá roinnt moltaí sa bhileog eolais réamhchuairte thíos; moltar go láidir ullmhú don chuairt roimh ré. Bímid sásta i gcónaí turais a shaincheapadh chun gnéithe a chur san áireamh a chlúdaigh an rang agus iad ag ullmhú dá gcuairt!
Molaimid freisin go dtugann tú cuairt ar láithreán gréasáin taispeántas Yeats roimh do chuairtse. Táthar tar éis na hacmhainní seo a leanas a dhearadh chun cúnamh leat do rang a stiúradh trína gcuairt fhíorúil:
Ceardlanna (45 nóiméad; uaslíon de 15 dalta)
Tairgímid freisin, faoi réir na hinfhaighteachta, roinnt ceardlann mar chomhlánú leis an turas treoraithe timpeall an taispeántais:
The Lake Isle of Innisfree
The Lake Isle of InnisfreeOiriúnach don 3ú rang agus ranganna níos airde. Díríonn an cheardlann teanga agus ealaíne seo ar an íomháineachas saibhir i ndán cáiliúil Yeats, 'The Lake Isle of Innisfree'. Éisteann rannpháirtithe le taifead de WB Yeats ag aithris dáin agus freagraíonn siad dó trí ealaín, ag tabhairt íomhá den oileán mar a shamhlaíonn siad é.
Ceardlann Bleachtairí Leabharlainne
Oiriúnach do ranganna 4, 5 agus 6. Is í aidhm na ceardlainne seo obair an staraí agus bunábhar foinse agus ábhar tánaisteach foinse a chur in iúl do ranganna. Oibríonn leanaí i ngrúpaí chun eolas maidir le WB Yeats a mheas ag úsáid ábhair mhacasamhla ón taispeántas, lena n-áirítear a phasanna agus a thuairisc scoile ón mbliain 1877.
Ceardlann Leabharshuaitheantais
Leabharshuaitheantas George YeatsOiriúnach do rang a 5 agus a 6. Breathnaíonn an cheardlann staire agus ealaíne seo ar stair an leabharshuaitheantais ag baint úsáide as samplaí ó bhailiúcháin na Leabharlainne (lena n-áirítear leabharshuaitheantais WB agus George Yeats, atá sa taispeántas). Déanann an grúpa a chuid scileanna staire a chleachtadh agus iad ag scrúdú roinnt bun-leabharshuaitheantas chun an oiread is féidir leo a fháil amach faoi na daoine lena mbaineann na leabharshuaitheantais. Ar deireadh, bíonn deis ag rannpháirtithe a leabharshuaitheantas uathúil féin a chruthú le cur isteach i gclúdach an leabhair is fearr leo.
Tráthchlár samplach cuairte:
| 10.00 - 10.45 r.n. | 10.45 r.n. - 11.30 r.n. |
---|
Grúpa A (15 dalta) | Turas | Ceardlann |
Grúpa B (15 dalta) | Ceardlann | Turas |
Tar éis do chuairte:
Tá roinnt gníomhaíochtaí iarchuairte sainfhorbartha mar thacaíocht don fhoghlaim ag an taispeántas agus sna ceardlanna: