Ordaithe Ar Líne

Tá uasmhéid 3 mhír clóite (mar shampla, leabhair, eagráin irise, nó ríleanna micreascannán) agus 3 mhír lámhscríbhinní nó 3 leabhar uathúla, gur féidir a ordú do gach am scoite ordaithe. Má tá níos mó ná 3 mhír clóite nó 3 mhír lámhscríbhinní ordaithe ag am seachadtha amháin, beidh an t-ábhar breise ar coimeád do amannta seachadtha ina dhiaidh sin. Is é an t-am scoite le haghaidh ordaithe ná 15 nóiméad roimh an am a sheachadtar na míreanna, m.sh. glacfar le na horduithe do am seachadtha 10.30 ag 10.15.

Ní mór Orduithe do am seachadtha 9.30 a chur isteach faoin am ordaithe deiridh don lá oibre roimhe sin.

Is féidir le léitheoirí orduithe le haghaidh sliotáin maidine agus tráthnóna a chur isteach 15 nóiméad roimh an am seachadtha.  Féadfaidh foireann na leabharlainne aisghabháil an tráthnóna a chur siar más rud é nach dtagann léitheoir isteach chun dul i gcomhairle le hábhar aisghafa na maidine.

Os rud é nach féidir dul i gcomhairle le roinnt míreanna ach i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní, nó trí choinne sa Roinn Priontaí & Líníochtaí agus i Seomra Léitheoireachta Chartlann Náisiúnta na Grianghrafadóireachta (NPA), tá sé riachtanach go seiceálfadh tú ‘Féach air i’  chun suíomh an ábhair sa taifead catalóige a bheith ar eolas agat roimh do chuairt ar an Leabharlann.

Stóráltar míreanna áirithe in ionad stórála sheachtrach freisin agus tá sé seo léirithe mar Lasmuigh faoi ‘Féach air i’ sa taifead catalóige. Ní mór na nithe a iarraidh roimh 14:00 ar an gCéadaoin le haghaidh seachadadh chuig an bPríomh Sheomra Léitheoireachta ar an Aoine.

Tá crua-chóipeanna de na nuachtáin (iad siúd atá ar an láthair) le feiceáil trí choinne amháin – fógra 5 lá oibre ag teastáil. Téigh i dteagmháil le info@nli.ie le hiarratas a dhéanamh le do thoil.


Tá ticéad léitheoireachta ag teastáil chun dul i gcomhairle le ábhar bhunaidh. Tá eolas faoi conas iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheoireachta, agus uaireanta oscailte Oifig na dTicéad Léitheoireachta ar fáil anseo.

Cliceáil anseo le ordú a dhéanamh

An Príomhfhoirgneamh, Seomra Léitheoireachta.
An Príomhfhoirgneamh, Seomra Léitheoireachta.
Naisc Thapa