Nuachtáin ar Mhicreascannán
Tá réimse teoranta nuachtán Éireannach ar mhicreascannán ar díol ag an Leabharlann Náisiúnta. Is í aidhm Aonad Micreascannáin na Leabharlainne táirge ardcháilíochta a sholáthar de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta. Déantar an t-ullmhúchán, scannánú agus próiseáil go léir laistigh den fhoras agus déantar dianphróiseas rialála cáilíochta ar gach scannán. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig leathanach an Tionscadail NEWSPLAN le do thoil.
Is féidir liosta nuachtán atá ar díol ar mhicreascannán i láthair na huaire a íoslódáil anseo:
Praghsanna
Dúbailt mhicreascannáin reatha: €100 an spól
Déan teagmháil leis an seoladh seo i gcomhair fiosruithe nó tuilleadh sonraí faoi ordú a chur isteach:
Oifig NEWSPLAN
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Ríomhphost: newsplan@nli.ie