Tá scóir cheoil clóbhuailte, ón 18ú agus 19ú haois den chuid is mó, le fáil sa bhailiúchán ceoil. Is é Ceol Joly atá mar chroí an bhailiúcháin, ar cuid é de bhronntanas Joly atá ar cheann de na bunbhailiúcháin den Leabharlann. Díríodh an bailiúchán le blianta beaga anuas ar an gceol le cumadóirí Éireannacha nó ar chumadóirí a raibh cónaí orthu in Éirinn.
'Quadrille on Irish airs' nó 'Dublin Quadrille' le J.T. Stone. Londain, Brewer & Co [18-?].Tá na bailiúcháín cheoil chlóbhuailte suite i bpríomhfhoirgneamh na Leabharlainne. Tá bailiúchán beag suntasach den cheol lámhscríbhinne le fáil sa bhailiúchán lámhscríbhinní leis sin, atá lonnaithe ag 2-3 Sráid Chill Dara.