Taifead den Fhoilsitheoireacht Éireannach
Déanann an Leabharlann iarracht gach ábhar clóbhuailte a fhoilsítear in Éirinn a bhailiú agus tairgtear dhá bhealach chun rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin ábhar sin.
1. I gcás na bhfoilseachán is déanaí, nach bhfuil i gcatalóga ar líne na Leabharlainne go fóill, b’fhéidir, tá tuairiscí maidir le leabhair a fuarthas faoin reachtaíocht um thaisce dhlíthiúil le fáil lena n-íoslódáil i bhfoirm PDF:
2. Tá rogha sa Chuardach Casta atá mar ghné dár gCatalóg ar Líne cuardach a dhéanamh de réir Foilsitheora.
Chomh maith leis sin, mar thoradh ar an mbeartas atá ag an Leabharlann ábhar a bhfuil spéis ag muintir na hÉireann ann a bhailiú, sa chás go bhfuil an t-ábhar sin foilsithe, tá an chatalóg ar líne thar a bheith áisiúil mar threoir don Léann Éireannach.