Cartlann Ghréasáin Fearainn
Tá cartlannú gréasáin á dhéanamh ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar bhonn roghnaitheach ó 2011. Tá NLI anois i mbun ransú fearann a dhéanamh ar spás gréasáin na hÉireann. Baineann cartlannú gréasáin fhearainn le láithreáin ghréasáin atá mar chuid den fhearann náisiúnta a ransú, a chartlannú agus a chaomhnú.
Is éard atá i gceist leis an ransú ná níos mó ná trí mhilliún URLanna a shábháil. Cuirtear béim ar leith ar:
- Láithreáin ghréasáin na Gaeilge
- Láithreáin ghréasáin Rialtas na hÉireann & comhlachtaí poiblí
- Láithreáin ghréasáin Ardoideachais
Is í an Internet Archive a dhéanann an ransú thar ceann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Críochnófar an ransú roimh dheireadh 2017. Tar éis tuilleadh oibre chun na sonraí a ullmhú, cuirfear ar fáil i seomra léitheoireachta na Leabharlainne Náisiúnta iad i rith 2018.
Seiceáil anseo arís le haghaidh tuilleadh eolais.
Fógra do stiúrthóirí gréasáin:
Má tá aon cheist agat, nó más maith leat tuilleadh eolais a fháil, le do thoil téigh i dteagmháil linn ag: webarchives@nli.ie / +353 1 6030 228