Tacaíocht a thabhairt don Leabharlann
Tá go leor daoine aonair agus eagras tar éis tacaíocht a thabhairt do shaothar na Leabharlainne Náisiúnta in imeacht na mblianta. Bhaineamar tairbhe as deonú ábhair dár mbailiúcháin, go háirithe as tabhairt ar láimh pháipéir William Butler Yeats ó mhuintir Yeats. Fuaireamar roinnt tiomnachtaí freisin ar bunaíodh Iontaobhas Leabhar Náisiúnta na hÉireann lena maoirsiú, agus soláthraíonn an Coiste agus baill Chumann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann tacaíocht agus spreagadh leanúnach do shaothar na Leabharlainne.