Tá traidisiún fada ag an Leabharlann Náisiúnta ag reáchtáil taispeántas ardcháilíochta d'ábhair óna cuid bailiúchán. Tugann na taispeántais sin, agus go leor gradam bainte acu, deiseanna oideachasúla uathúla agus, go háirithe i gcás na dtaispeántas taistil agus ar líne, rochtain i bhfad níos leithne ar shealbhúcháin na Leabharlainne.
Taispeántais Reatha
Soláthraíonn an rannóg seo faisnéis i leith na dtaispeántas atá ar taispeáint i bhfoirgnimh na Leabharlainne Náisiúnta faoi láthair.
Taispeántais Taistil
Cuireann an Leabharlann Náisiúnta leaganacha de go leor dá taispeántais ar fáil d'fhorais chultúrtha, leabharlanna, ionaid ealaíne agus ghailearaithe i bhformáid taistil.
Taispeántais Ar Líne
Éascaíonn ár dtaispeántais ar líne do rochtain ar thaiscí LNÉ ó bhailte agus seomraí ranga ar fud an domhain.
Taispeántais Roimhe Seo
Soláthraíonn an rannóg seo tuairiscí gearra ar roinnt de na taispeántais a dhéantar sa Leabharlann Náisiúnta agus sa Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta le blianta beaga anuas.