Sealbhaíonn an Leabharlann ábhar trí thaisce dhlíthiúil, trí bhronntanas agus trí cheannachán.
Taisce Dhlíthiúil
Is foráil reachtúil atá sa taisce dhlíthiúil a chuireann iallach ar fhoilsitheoirí cóipeanna dá bhfoilseacháin a thaisceadh i leabharlanna áirithe, sa tír ina bhfoilsítear iad de ghnáth. Déantar foráil reachtúil i bPoblacht na hÉireann don taisce dhlíthiúil san Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000.
Éascaíonn an taisce dhlíthiúil d'fhorbairt ár gcartlainne clóbhuailte náisiúnta. Is minic gur sa Leabharlann Náisiúnta a fhaightear an t-aon chóip d'ábhar faoi leith atá ar fáil go héasca don phobal. Is í aidhm shloinnte na Leabharlainne an t-ábhar sin a chaomhnú agus é bheith inrochtana do na glúnta amach romhainn.
Chun liostaí d'ábhar a fuarthas le déanaí faoin reachtaíocht um thaisce dhlíthiúil a íoslódáil, féach an leathanach faoi Thaifead den Fhoilsitheoireacht Éireannach
Liostáileann an doiciméad seo a leanas na leabharlanna atá i dteideal, faoin reachtaíocht um chóipcheart, cóip shaor in aisce a fháil de rud ar bith a fhoilsítear in Éirinn:
Legal Deposit - General Information ISSN_5LegalDeposit.pdf (0 MB, Adobe PDF)
Bronntanas
Faigheann an Leabharlann Náisiúnta bronntanais luachmhara dár mbailiúcháin gach bliain, mar is léir ó na liostaí a cheanglaítear le Tuarascálacha Bliantúla na Leabharlainne. Táimid thar a bheith buíoch do na deontóirí a rannchuir chomh flaithiúil sin d'fhorbairt na mbailiúchán náisiúnta.
Leagtar amach critéir roghnaithe na Leabharlainne maidir le bronntanais go hachomair sa bhileog Treasuring our Heritage: Donation of Materials to the National Library of Ireland, ar féidir í a íoslódáil anseo:
Treasuring our Heritage NLI_TreasuringOurHeritage.pdf (0.15 MB, Adobe PDF)
Más spéis leat ábhair a bhronnadh ar an Leabharlann, ach nach bhfuil tú cinnte an sásaíonn siad ár gcritéir roghnúcháin, ba cheart duit dul i dteagmháil le ceachtar den Choimeádaí Lámhscríbhinní nó Coimeádaí na mBailiúchán Clóbhuailte agus Amhairc.
Tá roinnt áscanna ann - arna bhforáil faoi alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 - inar féidir faoiseamh cánach a cheadú do dheontóirí ábhar oidhreachta do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Féadtar an faoiseamh sin a chur i bhfeidhm i leith bronntanas nó "míreanna oidhreachta" ar nós cartlann, leabhar, taifead eastáit, lámhscríbhinní agus priontaí mar a sáraíonn luach na míreanna a bhronntar €150,000. Leagtar amach mionsonraí na gcoinníollacha incháilithe éagsúla don fhaoiseamh cánach i mbileog HET 1 na gCoimisinéirí Ioncaim.
Ceannach
Baintear leas as buiséad sealbhúchán na Leabharlainne lena thuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhailiúcháin na Leabharlainne, bíodh sé trí cheannach díreach nó trí cheant. Déantar cinntí ábhar ársaíochta agus míreanna oidhreachta uathúla a cheannach ar chomhairle shaineolach d'fhoireann coimeádaithe na Leabharlainne. Ceannaítear foilseacháin reatha agus úra arb inspéise d'Éirinn iad, nach sealbhaítear faoin taisce dhlíthiúil, mar ghnáthchúrsa.