Subscribe to our Newsletter
Maidir Linne
Tá roinnt ceisteanna coitianta thíos a chuirtear faoi Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
Níl saoráidí páirceála do na léitheoirí againn. Tá an pháirceáil sráide i bhfoisceacht na Leabharlainne teoranta agus faoi réir sriantaí ama. Tá roinnt carrchlós tráchtála ilstórach ann sa limistéar máguaird lena n-áirítear Ionad Setanta agus Carrchlós Lána Theach na Scoile.
Tá Príomh-Sheomra Léitheoireachta na Leabharlainne, an limistéar taispeántais, an seomra seimineáir, an siopa agus an caifé inrochtana go léir do chathaoir rothaí. Tá an Seomra Léitheoireachta, an limistéar taispeántais agus an siopa sa Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta inrochtana do chathaoir rothaí freisin.
Is leabharlann taighde í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ní leabharlann iasachta. Ní mór do léitheoirí féachaint ar ábhar na Leabharlainne i gceann dár gcuid Seomraí Léitheoireachta.
An féidir liom cóip de leathanach ar bith ó nuachtán a ordú, lena n-áirítear an leathanach tosaigh, mar bhronntanas? Féach ar ár leathanach Seirbhísí Cóipeála le heolas a fháil maidir le hordú a dhéanamh agus liosta praghsanna.
Ní thugann an Leabharlann Náisiúnta ábhar ar iasacht tríd an Scéim Iasacht Idir-Leabharlainne. Mar sin féin, faoi réir ag coinníollacha áirithe, is féidir linn fótachóipeanna a fháil d'ábhar áirithe faoin Scéim.
Sealbhaíonn an Leabharlann comhaid iomlán d'fhormhór pháipéir nuachta na hÉireann. Is féidir sonraí faoinár gcuid sealúchas a fháil i mbunachar sonraí NEWSPLAN ar féidir teacht air ar an láithreán seo.
Ní chuirtear nuachtáin agus litríocht tréimhseacháin eile ar fáil do léitheoirí go dtí go gceanglaítear iad nó go gcuirtear ar mhicreascannán iad. Déantar é seo lena chinntiú go gcaomhnaítear an t-ábhar atá i gceist ionas go bhfaighidh glúine úsáideoirí na Leabharlainne amach anseo rochtain air. Tá socruithe micreascannáin agus ceangail leagtha amach ar bhealach a chiallaíonn go mbíonn sé dhá nó trí mhí go hiondúil sula mbeidh fáil ar eagrán ar leith de nuachtán nó tréimhseachán sa Seomra Léitheoireachta.
Baintear dian-úsáid as bailiúchán na nuachtán, agus ar an drochuair tá siad leochaileach toisc go ndéantar iad a phriontáil ar pháipéar de chaighdeán íseal. Luathaíonn siar-láimhseáil agus siar-nochtadh ar sholas an próiseas dosheachanta de dhíscaoileadh agus de mheath, agus cuirfidh siad faoi dheireadh le scrios bailiúchán luachmhar. Mar sin, mar chuid de chlár bhuanchoimeád na nuachtán, cuirfear teidil áirithe ar fáil ar mhicreascannán amháin chun na bun-nuachtáin a chosaint.