Acmhainn thábhachtach d'éagsúlacht leathan úsáideoirí Leabharlann Náisiúnta na hÉireann iad na híomhánna inár mbailiúcháin ghrianghrafadóireachta agus inár mbailiúcháin phriontaí agus líníochtaí. Táthar tar éis rogha ionadaíoch de na híomhánna sin a dhigitiú, agus is féidir rochtain a fháil orthu trí leas a bhaint as ár gCatalóg Ar Líne. Féach rannóg na mBailiúchán den láithreán gréasáin seo i gcomhair tuilleadh sonraí faoi na bailiúcháin seo.
Grianghraif Dhigiteacha
Thug an Leabharlann faoi thionscadal fairsing chun a bailiúcháin de phlátaí gloine a dhigitiú. Is féidir rochtain a fháil ar bhailiúcháin Lawrence (Royal & Cabinet), Plátaí Iomlán Poole agus Independent Newspapers (1912-1936), Clarke, Eason, Keogh, Stereo Pairs agus Tempest faoi láthair ar ísealtaifeach agus bunfhaisnéis ag dul leo, lena n-áirítear teideal, dáta agus suíomh nuair a bhíonn an méid sin ar fáil, sa Bhunachar Sonraí Grianghraf Digiteach.
Cé go ndearnadh digitiú ar an ábhar go caighdeán cartlainne, is gá tuilleadh oibre a dhéanamh chun leas a bhaint as luach iomlán na ngrianghraf digiteach seo. Mar shampla níl an fhaisnéis a ghabhann le roinnt de na híomhánna leasaithe go fóill, rud a chiallaíonn go praiticiúil go bhfuil roinnt de na foscríbhinní, a aistríodh díreach ó bhuninnéacsanna/liostaí, an-ghearr agus neamhchruinn uaireanta.