Tá sealbhuithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann mar an bailiúchán is cuimsithí d'ábhar doiciméadach Éireannach ar domhan, agus tá siad mar léiriú ríluachmhar ar stair agus oidhreacht na hÉireann. Próiseáiltear ábhar a shealbhaítear tríd an Taisce Dhlíthiúil, tabhartais agus ceannacháin ina dhiaidh sin dá stóráil agus dá rochtain. Is cuid ríbhunúsach dá saothar é soláthar stórála agus cúraim iomchuí dár mbailiúcháin, agus cinntítear a gcaomhnú do na glúnta amach romhainn leis sin.
Tá roinnt formáidí i mbailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta; táthar tar éis na bailiúcháin a ghrúpáil ina gceithre chatagóir le nascleanúint fhurasta den chuid seo den láithreán gréasáin a éascú:
Clóbhuailte
Áirítear lenár mbailiúcháin chlóbhuailte leabhair, tréimhseacháin, nuachtáin, foilseacháin oifigiúla, léarscáileanna, agus ceol.
Lámhscríbhinní
Tá isteach is amach ar mhilliún mír i mbailiúcháin Rannóg na Lámhscríbhinní thar nach mór míle bliain.
Amharc
Áirítear le bailiúcháin amhairc na Leabharlainne Náisiúnta grianghraif, priontaí & líníochtaí agus gearrshaolta.
Digiteach
Áirítear leis an gcatagóir seo eolas i leith bailiúchán digiteach.