Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ag tabhairt cuireadh d’Iarratasóirí don Ghrianghrafadóir Cónaithe 2024

Deis nua spreagúil do ghrianghrafadóirí

Dé Máirt, 17 Deireadh Fómhair 2023
Image of Glendalough

Glendalough, Co.Wicklow. Tilbrook Collection. (TIL 539)

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) / Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI)
Grianghrafadóir Cónaithe

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar 30 bliain ó bunaíodh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), tá urraíocht déanta ag an EPA ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) chun cónaitheacht a chruthú do ghrianghrafadóir chun dul i ngleic go cruthaitheach le saothar digiteach bunaidh a bheidh mar chuid de na bailiúcháin ghrianghrafadóireachta i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Ag tosú in 2024 agus ag obair thar thréimhse ceithre shéasúr as a chéile (An tEarrach, an Samhradh, an Fómhar agus an Geimhreadh), ag táirgeadh 120 íomhá dhigiteacha ar a laghad (30 íomhá dhigiteacha ar a laghad a ghabhann gach séasúr) tabharfaidh an grianghrafadóir cónaithe léargas ar thaithí dhaonna thimpeallacht na hÉireann. Beidh an grianghrafadóir ina chónaí ar oileán na hÉireann ar feadh na tréimhse dhá mhí dhéag. Beidh rochtain ag an iarratasóir rathúil ar shaineolas na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, agus tacófar leis le rochtain ar shonraí agus ar shaineolas maidir leis an gcomhshaol.

Is é príomhfheidhm an tionscadail taifead doiciméadach a chruthú ar staid an chomhshaoil i bPoblacht na hÉireann trí bhailiúchán tarraingteach grianghraf. Díreofar ar shaibhreas agus éagsúlacht an chomhshaoil a fhiosrú, chomh maith leis na dúshláin atá roimh ár dtimpeallacht.  Ba cheart go bhfiosródh na grianghraif eispéireas an duine, lena n-áirítear dúshlán agus deis, i rith na bliana agus i dtimpeallachtaí agus in áiteanna éagsúla. Príomh-aschur amháin a bheidh ann ná taispeántas ar líne a óstálfar ar shuíomh gréasáin NLI (www.nli.ie) chun príomhtheachtaireachtaí comhshaoil a scaipeadh ar lucht féachana náisiúnta. Tá sé mar uaillmhian againn go gcabhróidh an tionscadal seo chun idirphlé náisiúnta a spreagadh maidir le príomhtheachtaireachtaí comhshaoil.

Cruthóidh an comhoibriú seo taifead grianghrafadóireachta buan ar ghnéithe éagsúla de thionchar idirghníomhaíocht an duine leis an gcomhshaol ar bhealaí dearfacha agus diúltacha araon. Beidh an corpas coimisiúnaithe íomhánna grianghrafadóireachta digiteacha a chruthófar mar chuid de bhailiúcháin ghrianghrafadóireachta NLI agus mar ábhar do thaispeántas ar líne arna óstáil ag NLI.

 

Maidir leis an EPA

Is comhlacht rialála neamhspleách é an EPA a bunaíodh i 1992. Is é an cuspóir atá leis ná “ár dtimpeallacht a chosaint, a fheabhsú agus a athbhunú trí rialáil, eolas eolaíoch agus oibriú le daoine eile”. Tá sainchúram leathan comhshaoil ag an EPA agus tá ról lárnach aici i rialáil comhshaoil, i soláthar eolais agus abhcóideachta don chomhshaol. Tá tuilleadh faisnéise i ndáil leis an EPA ar ár suíomh gréasáin www.epa.ie.

Eolas faoi Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Is í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leabharlann taifid na hÉireann, tá ár mbailiúcháin buan agus tá fáil ag cách orthu ag ár bhfoirgnimh stairiúla i mBaile Átha Cliath agus ar líne trínár suíomh gréasáin www.nli.ie. Arna bunú in 1877, is é an misean atá againn ná an t-ábhar go léir is oidhreacht liteartha agus oidhreacht dhoiciméadach na hÉireann a bhailiú, a chosaint agus a roinnt, is cuma cén cineál ábhair atá ann. Tugaimid aire do níos mó ná 12 mhilliún mír thar ceann an Stáit do mhuintir na hÉireann.

Príomhbhailiúcháin ghrianghrafadóireachta NLI: Tá os cionn cúig mhilliún grianghraf i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ó na 1840idí go dtí an lá atá inniu ann. Tá an bailiúchán grianghrafadóireachta is mó ar domhan a bhaineann le hÉirinn ag an Leabharlann, a chlúdaíonn an tréimhse ó thús na grianghrafadóireachta i lár na 1800idí go dtí tús an 21ú haois.

Is féidir leis an nGrianghrafadóir Cónaithe grianghraif chartlainne NLI a iniúchadh agus freagairt dóibh tríd an gcatalóg ar líne (https://catalogue.nli.ie/) agus trí athruithe sa chomhshaol le 30 bliain anuas agus níos faide a chur le taobh a chéile/a scrúdú.

D'fhéadfadh spéis a bheith ag daoine i mbailiúcháin ghrianghrafadóireachta stairiúla ar líne lena n-áirítear Bailiúchán Lawrence (https://catalogue.nli.ie/Collection/vtls000313414), Bailiúchán Tionscadal Grianghrafadóireachta Lawrence (https://catalogue.nli.ie/Collection/vtls000313217), agus Bailiúchán Morgan (https://catalogue.nli.ie/Collection/vtls000033928). Chun tuilleadh eolais a fháil, féach anseo: https://www.nli.ie/collections/our-collections/photographs

Is iomaí alt nuachtáin a raibh scéalta iontu a bhain leis an gcomhshaol le feiceáil mar a tuairiscíodh le blianta fada anuas. B'fhéidir gur mhaith leis an nGrianghrafadóir Cónaithe iniúchadh a dhéanamh ar ár mbailiúcháin ar líne atá digitithe nó trí choinne a dhéanamh le foireann an tseomra léitheoireachta i seomraí léitheoireachta NLI. Tá tuilleadh eolais le feiceáil anseo: https://www.nli.ie/collections/our-collections/photographs
https://www.nli.ie/visit/reading-rooms

Bainfear úsáid as ábhar i mbailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta mar chuid den obair trí chomhaontú le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus moltar go n-úsáidfí ábhar nach bhfuil faoi chóipcheart nuair is féidir. Beidh sé de fhreagracht ar an ngrianghrafadóir cónaithe cead cóipchirt a fháil chun aon ábhar atá faoi chóipcheart a úsáid.

Beartas bailiúcháin NLI: Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann sainordaithe chun “[a] bailiúchán a chaomhnú, a athchóiriú, a chothabháil agus a mhéadú ar mhaithe leis an bpobal agus taifead ar ábhar leabharlainne a bhaineann le hÉirinn (lena n‑áirítear ábhar a bhaineann leis an nGaeilge) a bhunú agus a choimeád agus chun rochtain éigin a thabhairt do bhaill den phobal ar ábhar a bhaineann le tíortha eile”.

Is í Éire ár bhfócas bailithe, rud a chiallaíonn oileán na hÉireann agus eispéireas na hÉireann in áiteanna eile. Bailímid ábhar a bhaineann le háiteanna, pearsantachtaí, daoine aonair, grúpaí, eagraíochtaí, imeachtaí, gníomhaíochtaí, eispéiris nó téamaí a bhfuil ábharthacht shuntasach náisiúnta nó idirnáisiúnta ag baint leo d'Éirinn, nó taithí ar chónaí in Éirinn. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar ár mBeartas Forbartha Bailiúcháin: Beartas um Fhorbairt na mBailiúchán NLI

Taisce i gcomhair chaomhnú agus rochtain fadtéarmach: Déanfar an saothar grianghrafadóireachta a tháirgtear faoin gcónaitheacht seo a thaisceadh le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag deireadh na Cónaitheachta faoi Chomhaontú Taiscí NLI arna chomhshíniú ag an ngrianghrafadóir agus ionadaí ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Aistreofar na íomhánna digiteacha chuig an Leabharlann Náisiúnta i gcomhair chaomhnú agus rochtain fadtéarmach.

Riachtanais theicniúla: Oibreoidh an grianghrafadóir coimisiúnaithe go dlúth le foireann Bhailiúcháin Dhigiteacha Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chun an fhormáid chomhaid optamach agus na meiteashonraí tuairisciúla is gá a shainaithint (e.g. teideal, suíomh, cur síos gairid) le haghaidh chaomhnú agus rochtain fadtéarmach ar na grianghraif dhigiteacha a taisceadh le NLI mar chuid den chónaitheacht seo. Is ar an ngrianghrafadóir coimisiúnaithe amháin atá an fhreagracht na meiteashonraí tuairisciúla a comhaontaíodh le NLI a chruthú agus a sheachadadh.

Maoin Intleachtúil agus Ceadúnú: Cuirfidh an grianghrafadóir coimisiúnaithe ceadúnas CC-BYCC-BY-ND Creative Commons i bhfeidhm ar gach saothar grianghrafadóireachta digiteach a thaisctear le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann mar chuid den chónaitheacht seo. Tugann ceadúnais Creative Commons bealach caighdeánaithe don ghrianghrafadóir chun cead poiblí a thabhairt a gcuid oibre a úsáid faoi dhlí an chóipchirt agus soiléireacht a thabhairt don phobal maidir leis an gcaoi ar féidir na grianghraif dhigiteacha a athúsáid. Soláthróidh na ceadúnais shonracha CC-BY nó CC-ND a chuirfear i bhfeidhm ar obair a coimisiúnaíodh don tionscadal comhoibríoch seo agus a tháirgtear le linn na cónaitheachta seo úsáid saor in aisce na ngrianghraf digiteach seo ag athúsáideoirí lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, bhaill den phobal, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ​​agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, faoi théarmaí ceachtar den dá cheadúnas.

Láthair:  Ní mór don Ghrianghrafadóir Cónaithe a bheith ina chónaí ar oileán na hÉireann, agus freagróidh sé don choimre trí shuíomhanna agus ábhair spéise a roghnú as gach cearn de Phoblacht na hÉireann. Is féidir le NLI ionchur saineolaithe, moltaí agus cuairteanna ar láithreáin (nuair is infheidhme agus is féidir) a éascú. Is féidir leis an ngrianghrafadóir suíomhanna eile ar fud na tíre a roghnú freisin, mar shampla faoin ceantair thuaithe, uirbeacha, chósta, lochanna agus aibhneacha. Is féidir taighde ar bhailiúcháin NLI a dhéanamh go cianda trínár gcatalóg ar líne. Tá fáilte roimh an nGrianghrafadóir Cónaithe freisin iarratas a dhéanamh ar Thicéad Léitheora agus rochtain a fháil ar ábhar cartlainne trí na príomhsheomraí léitheoireachta.

Formáid an Tionscadail: Meastar go mairfidh an tionscadal 12 mhí, ó Eanáir/Feabhra 2024-Eanáir/Feabhra 2025. Cuirfidh an Grianghrafadóir Cónaithe 30 íomhá dhigiteacha ar a laghad faoi bhráid NLI/EPA gach séasúr. Éilíonn an chónaitheacht seo íosmhéid foriomlán de 120 íomhá dhigiteacha a glacadh agus a cuireadh isteach thar cheithre shéasúr as a chéile.

Le linn a gcónaitheachta, oibreoidh an grianghrafadóir go cianda ar bhailiúcháin ábhartha ar líne NLI, agus ar an láthair le foireann an EPA trí choinne a dhéanamh, chun sraith grianghraf digiteach a chruthú (gan priontaí grianghrafadóireachta a bheith de dhíth) agus beidh deis aige páirt a ghlacadh i líon beag gníomhaíochtaí rannpháirtíochta poiblí pearsanta agus ar líne. Tabhair faoi deara go n-úsáidfidh an grianghrafadóir a dtrealamh agus a spás stiúideo féin le linn na cónaitheachta seo. Seolfaidh NLI taispeántas ar líne de ghrianghraif roghnaithe a luaithe a bheidh corpas na hoibre digití taiscthe agus aistrithe chuig NLI lena chaomhnú agus lena rochtain mar chuid den bhailiúchán náisiúnta.

Uasbhuiséad don iarrthóir rathúil: €24,500 chun gach CBL (más ábhartha), táillí, ábhair, taisteal, cothabháil agus lóistín a áireamh. Mar chuid den phróiseas aighneachta, iarrfaimid ar gach grianghrafadóir moladh a thabhairt dúinn maidir leis an gcaoi a n-úsáidfear an buiséad seo thar réimse gníomhaíochta agus líon na laethanta a bhfuil súil acu a bheith ar an láthair ar fud na tíre a chur san áireamh. Féach an Fhoirm Iarratais do Ghrianghrafadóir Cónaithe faoi iamh.

Sula mbronnfar an chónaitheacht seo, beidh ar an ngrianghrafadóir rathúil Deimhniú Imréitigh Cánach atá bailí agus reatha a sholáthar.

 

Amlíne beartaithe:

  • Preasráiteas / Glao ar Aighneachtaí: DF 2023
  • Spriocdháta: Samhain 2023
  • Roghnaigh grianghrafadóir cónaithe: Eanáir 2024
  • Ionduchtú agus tosú an tionscadail (lena n-áirítear formáid comhaid agus meiteashonraí a aithint / a thástáil):  R1/Q2 2024
  • Aighneachtaí grianghrafadóireachta in aghaidh an tséasúir (30 íomhá dhigiteacha ar a laghad a ghabhann gach séasúr in aghaidh na ráithe arna gcur faoi bhráid NLI/EPA lena n-athbhreithniú): R2/3 2024, R3/4 2024, R1/2 2025
  • Tionscadal curtha i gcrích: R1/Q2 2025
  • Bailiúchán grianghrafadóireachta a thaisceadh, a aistriú agus a chatalógú: R3 2025 – R4 2025
  • Bailchríoch a chur ar íomhánna don taispeántas ar líne agus iad a roghnú: R3 2025
  • Seoladh an taispeántais ar líne: R1 2026

 

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná 17:00 (MAG), an 22 Samhain 2023.

Féach an Fhoirm Iarratais do Ghrianghrafadóir Cónaithe faoi iamh.

 

EPA Logo