Cartlann Ghréasáin

Scéal na hÉireann Ar Líne a Chaomhnú
Sa lá atá inniu ann tá mórchuid de scéal na hÉireann ar líne. Ach is féidir le suíomhanna gréasáin a athrú nó a imeacht as radharc thar oíche.
Caomhnaíonn Cartlann Ghréasáin de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann suíomhanna gréasáin roghnaithe ionas gur féidir le glúine san am atá le teacht rochtain a fháil ar thaifead digiteach ár linne.
Idir fheachtais pholaitiúla, imeachtaí cultúrtha agus tionscnaimh an phobail, tugann Cartlann an Ghréasáin léargas ar shaol na hÉireann mar a nochtar é ar líne.
Cuardaigh cartlann an ghréasáin
CCanna
Is ionann Cartlann an Ghréasáin agus cnuasach caomhnaithe de suíomhanna gréasáin in Éirinn. Glacaimid roghbhlúire rialta de shuíomhanna roghnaithe ionas go bhféadtar rochtain a fháil ar a n-ábhar agus a struchtúr, fiú má athraítear nó má bhaintear an suíomh bunaidh.
Tarlaíonn cuid mhór de ghníomhaíochtaí cultúrtha, polaitiúla agus sóisialta ár linne ar líne. Is cuid thábhachtach de thaifead doiciméadach na hÉireann iad suíomhanna gréasáin, ach is féidir leo imeacht as radharc go tapa.
Déanann NLI an gréasán a chartlannú trí bhogearra ransaitheora gréasáin a úsáid chun roghbhlúire de shuíomhanna gréasáin a ghlacadh ionas gur féidir linn iad a chaomhnú don todhchaí. Féadann úsáideoirí dul i dtaithí leis na suíomhanna gréasáin mar a bhí siad ar an ngréasán beo
Déanaimid suíomhanna gréasáin a chartlannú a bhaineann le healaíona Éireannacha, cúrsaí polaitiúla, eagraíochtaí pobail, suíomhanna an rialtais agus na hearnála poiblí agus cúrsaí reatha.
Tugaimid tús áite do shuíomhanna gréasáin atá tábhachtach ó thaobh an chultúir nó na staire de, na cinn ar dócha go n-athróidh siad nó go n-imeoidh siad as radharc, nó na cinn a insíonn scéal na hÉireann sa lá atá inniu ann. Cuirtear fáilte roimh mholtaí ón bpobal freisin.
Cinnte. Cuirimid fáilte roimh mholtaí faoi shuíomhanna gréasáin a thugann léargas ar an saol in Éirinn sa lá atá inniu ann. Comhlánaigh an fhoirm thíos chun suíomh gréasáin a mholadh.
Cloíonn NLI le dlí cóipchearta na hÉireann. Murab ionann agus formhór leabharlanna náisiúnta an Aontais Eorpaigh, ní thugann reachtaíocht na hÉireann cead do NLI gach suíomh gréasáin in Éirinn a bhailiú agus a chur ar fáil go córasach faoi láthair, rud a fhágann bearna shuntasach sa taifead stairiúil ar líne.
Tá NLI tiomanta do ghéilleadh do chóipcheart bíodh is go molaimid ag an am céanna go nuashonraítear reachtaíocht ionas go tacaíonn sí le caomhnú digiteach agus le rochtain an phobail.
Is féidir. Tá suíomhanna gréasáin arna gcartlannú ar fáil trí Thairseach Cartlainne Gréasáin de chuid NLI. Caomhnaítear gach suíomh mar a bhí sé ag pointe ama éigin, agus is féidir iad a bhrabhsáil go díreach mar a bheadh suíomh gréasáin beo ann.
AIMSIGH TUILLEADH

