Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas Meirge a Fháil ar Iasacht

Úsáideann cailín óg gloine formhéadúcháin bhuí chun léarscáil stairiúil a scrúdú.

An Chaoi a nOibríonn Taispeántas Meirge a Fháil ar Iasacht

Tá ár dTaispeántais Mheirge ar Iasacht ar fáil i bhformáid phreabmheirge. Léiríonn siad bailiúcháin éagsúla na Leabharlainne agus cuimsíonn eolas agus leaganacha de thaispeántais de chuid na Leabharlainne.

Áirítear sna Taispeántais Mheirge ar Iasacht idir ocht agus dhá mheirge dhéaga agus tá siad ar fáil ar iasacht. Tá na meirgí éasca le hiompar agus le cur le chéile. Is féidir na taispeántais a fháil ar iasacht saor in aisce, ach ní mór d'institiúidí óstacha a gcuid socruithe féin a dhéanamh chun an taispeántas a iompar ón Leabharlann agus a thabhairt ar ais chuici.

Tá na taispeántais mheirge atá ar fáil againn liostaithe thíos. Úsáid an fhoirm áirithinte ag deireadh an leathanaigh nó déan teagmháil le learning@nli.ie chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le conas na meirgí a fháil ar iasacht do scoil, do mhúsaem, do leabharlann nó d'ionad eile.

 

Tall Tales and Deadly Drawings 

Tír lán le scéalta agus scéalaithe í Éire. Thar na blianta, cuireadh na scéalta a scríobhadh síos ar sheilfeanna na Leabharlainne.  In Tales Tall and Deadly Drawings cuimhnítear ar na leabhair a spreag daoine le himeacht na nglúnta. Déantar céiliúradh sa taispeántas seo ar an scéalaíocht, ar leabhair agus ar an léitheoireacht.

In Tall Tales and Deadly Drawings, aimseoidh tú cuid de na leabhair ab ansa leat a léamh – an tseachtain seo caite nó i bhfad siar – agus tiocfaidh tú ar leabhair nár bhain tú sult astu go fóill.

Deich seastán meirge inleacaithe atá sa taispeántas. Is díol spéise é do gach earnáil, go háirithe do bhunscoileanna.

 

The Past from the Press

Tá nuachtáin lán d'fhaisnéis a thugann príomhfhianaise thábhachtach dúinn faoin am atá thart. Mar is amhlaidh le gach fianaise stairiúil, tá níos mó i gceist le nuachtán ná mar a cheapfá ar dtús.

Scrúdaítear in The Past from the Press saincheisteanna amhail luachanna nuachta, claontacht, suibiachtúlacht, agus bolscaireacht agus spreagann sé thú le ‘léamh idir na línte’ de nuachtáin stairiúla agus comhaimseartha.

Cé go bhfuil réimse spéise leathan sa taispeántas, is díol spéise ar leith é do scoláirí na Staire agus an Bhéarla ag leibhéal bunscoile agus meánscoile araon.

Ocht seastán meirge inleacaithe atá sa taispeántas. 

Seasann grúpa fear ar chéimeanna stáisiún Shráid Fhearchair, áit a roinneann beirt nuachtán agus coinníonn fear óg nuachtán le díol faoina lámh

Buachaill ag díol nuachtáin ag stáisiún Shráid Fhearchair, 1897 (CLAR111)

Ireland from Maps

Tá bailiúchán fairsing léarscáileanna ag an Leabharlann, lena n‑áirítear cuid de na léarscáileanna is luaithe d’Éirinn. Baintear úsáid in Ireland from Maps as cuid de na doiciméid sin chun breathnú ar chuid de na bealaí ar léiríodh Éire trí na haoiseanna. 

Léiriúcháin shimplí ab ea na léarscáileanna ba luaithe ar thírdhreach an ‘bhaile’ a scríobadh ar tháibléid chré. Roinnt míle bliain ina dhiaidh sin, is féidir le duine ar bith a bhfuil rochtain acu ar ríomhaire agus nasc idirlín léarscáileanna an‑chruinn a dhéanamh le satailítí cumhachtacha. Tá bunchuspóirí na léarscáilíochta mar an gcéanna go fóill, áfach: ligean do dhaoine a mbealach a dhéanamh ó phointe amháin go pointe eile agus cur síos a dhéanamh ar ghnéithe áite.

In Ireland from Maps cuirtear i láthair bun‑choincheapa léarscálaithe agus téarmaíocht, chomh maith le hiniúchadh a dhéanamh ar an bhfothéacs atá taobh thiar de chuid de na léarscáileanna is cáiliúla in Éirinn.

Cé go bhfuil réimse spéise leathan sa taispeántas, is díol spéise ar leith é do scoláirí ag leibhéal bunscoile agus meánscoile araon.

Ocht seastán meirge inleacaithe atá in Ireland from Maps

 

Gallant Sons

In Gallant Sons baintear úsáid as príomhábhar foinse saibhir na Leabharlainne chun taithí roinnt de na saighdiúirí Éireannacha a thug seirbhís sa Chéad Chogadh Domhanda a fhiosrú.
Insítear scéalta sa taispeántas freisin faoi chuid de na teaghlaigh a fágadh ina ndiaidh.

Ina gcuntais ar a dtaithí féin cuirtear ina luí orainn costas ollmhór daonna an chogaidh agus insíonn siad dúinn rud éigin faoin saol in Éirinn idir 1914 agus 1918. Ocht seastán meirge inleacaithe atá in Gallant Sons

 

Heraldry: Coats of Arms Uncovered!

Cuireadh tús leis an araltas ar láithreacha catha na hEorpa sna meánaoiseanna. Chun idirdhealú a dhéanamh eatarthu féin le linn catha phéinteáil ridirí dearaí aitheantais uathúla ar a gcathéide. Bhí an‑tóir ar na 'harmais' mar thoradh air, ag éabhlóidiú óna gcuspóir bunaidh le bheith ina siombailí stádais a raibh tóir orthu.

Tugadh arailt orthu siúd a bhí freagrach as armais a dhearadh agus a thaifeadadh. Tá a haralt féin ag Éirinn ó 1552. Ó na 1940idí i leith, tá Oifig Ginealais an Stáit ag obair ar armais in Éirinn a dhearadh agus a thaifeadadh. Sa lá atá inniu ann tá an Oifig, ar a dtugtar Oifig an Phríomh‑Arailt de ghnáth, lonnaithe i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Cé go bhfuil réimse spéise leathan sa taispeántas, is díol spéise ar leith é do dhaltaí bunscoile.  Ocht seastán meirge inleacaithe atá sa taispeántas. 

 

Cogadh Domhanda na hÉireann

Dírítear in Cogadh Domhanda na hÉireann ar ghnéithe uathúla den Chéad Chogadh Domhanda ó thaobh na hÉireann de. Tarraingíonn sé ar bhailiúcháin na Leabharlainne de litreacha, dialanna, póstaeir earcaíochta, tuairiscí nuachtáin, cartúin, billí láimhe agus bileoga eolais ó 1914-1918.

I samhradh 1914, thosaigh cogadh san Eoraip a d’athraigh an domhan go deo. In Éirinn, thacaigh go leor daoine leis an gcúis agus chuaigh siad i mbun troda nó thaistil siad le freastal i seirbhísí altranais agus cúnta. Chuir daoine eile i gcoinne an chogaidh ar chúiseanna morálta, sóisialta nó polaitiúla. Faoin am ar tháinig deireadh leis an gcoimhlint i 1918, bhí a tionchar le brath fud fad na tíre.

Le cuntais phearsanta agus fianaise ó fhinnéithe súl, tugann Cogadh Domhanda na hÉireann cuairteoirí isteach i saol na ndaoine a d'fhulaing an Chéad Chogadh Domhanda.

Deich seastán meirge inleacaithe atá sa taispeántas seo.

I gcárta poist stairiúil tá léaráid d'fhear faoi éide agus é ag léamh cáipéise go grúpa fear ina suí bailithe timpeall tine. Tá an dán ‘It’s a Long Long Way from Tipperary’ air freisin.

Is fada an bealach ó Thiobraid Árann é, cárta poist, 1914 (EPH A110)

If I Were A Blackbird: Taispeántas maidir le saol Thomas J Kieran agus Delia Murphy

Déantar ceiliúradh sa taispeántas seo ar shaol an Dr TJ Kiernan nach maireann (an chéad Ambasadóir Éireannach chun na hAstráile) agus a bhean chéile Delia Murphy, an t‑amhránaí clúiteach a chan amhráin thraidisiúnta mar The Spinning Wheel, The Moonshiner, agus Thank You Ma'am Says Dan. Baintear úsáid ann as grianghraif, líníochtaí, leabhair agus taifid chun scéal shaol na Kiernans a insint, a rinne iarracht le linn a mblianta in Canberra bród a spreagadh sa phobal Gael‑Astrálach; leag siad béim ar ról na nÉireannach i bhforbairt na hAstráile agus, ar an gcaoi chéanna, ról na nGael‑Astrálach sa troid ar son neamhspleáchas na hÉireann. 

Ocht seastán taispeántais inleacaithe atá sa taispeántas.

 

Ulysses le James Joyce

Is é Lá Bloom, an 16 Meitheamh 1904, an lá ar thit amach na heachtraí eipiciúla in Ulysses le James Joyce. Le comóradh céad bliain an lae sin a cheiliúradh, d’oscail an Leabharlann mórthaispeántas ar an údar agus ar a shaothar is cáiliúla. 

Tá cuid de phríomhthéamaí an taispeántais sin sa Taispeántas Meirge ar Iasacht seo, lena n‑áirítear: Ulysses le Joyce; An Scríbhneoir i mBun Oibre: 1914-22; Conspóid agus Cinsireacht; agus Baile Átha Cliath Joyce: An Chathair atá sa Leabhar. 

Ocht seastán meirge inleacaithe, inghiorraithe atá sa taispeántas seo.

 

Discover Lifelines: litreacha ó dhaoine cáiliúla maidir leis na dánta is fearr leo

Déantar ceiliúradh sa taispeántas ar thionscadal Lifelines, a thosaigh in 1985 nuair a mhol an múinteoir Béarla Niall MacMonagle dá rang Cúigiú Bliana i gColáiste Wesley, Baile Átha Cliath go ndéanfaidís rud éigin chun cabhrú leo siúd a bhí ag fulaingt san Afraic. Scríobh siad chuig daoine cáiliúla agus d'iarr orthu an dán ab fhearr leo a ainmniú agus cúis a thabhairt. Rinneadh na freagraí a chóipeáil ar mheaisín Gestetner na scoile, iad a stápláil le chéile i leabhrán simplí agus díoladh na cóipeanna ar fad in dhá lá. Foilsíodh leabhráin bhreise, a chuir scoláirí Choláiste Wesley i dtoll a chéile freisin, in 1988, 1990 agus 1992.

Mar thoradh ar an rath a bhí ar na leabhráin, foilsíodh leabhar Lifelines in 1992, le réamhrá le Seamus Heaney. Foilsíodh Lifelines 2 in 1994 agus Lifelines 3 in 1997. D'fhoilsigh Penguin rogha ó Lifelines in 1993, agus d'fhoilsigh Townhouse imleabhar eile, Eagrán Nua agus Bailithe, in 2006. Bailíodh os cionn €100,000 ó dhleachtanna ar na heagráin éagsúla faoi 2006, airgead a tugadh do Concern le saothar na heagraíochta sa domhan i mbéal forbartha a mhaoiniú.

12 sheastán meirge inleacaithe atá sa taispeántas seo.

 

Revolutionary Lives

In 1918 agus in 1919, chuaigh daoine ó chúlraí éagsúla ar fud na hÉireann i gcomhar le chéile sa streachailt ar son neamhspleáchas na hÉireann. Chuir siad a dtiomantas don chúis sin in iúl i bhfocail dhúshlánacha óráidí, alt agus litreacha. 
Sa Taispeántas Meirge ar Iasacht seo tá ‘saol réabhlóideach’ seisear daoine éagsúla agus nochtann sé a rannpháirtíocht in imeachtaí 1918-1919.

Is iad na seisear daoine aonair atá le feiceáil ná: Laurence Ginnell, Lily Mernin, Thomas Johnson, Kathleen O’Brennan, Michael O’Flanagan, agus Máire Comerford.

Ocht seastán meirge inleacaithe atá sa taispeántas seo.

Grianghraf dubh agus bán de bhaill Thoscaireacht Phoblachtach na hÉireann ag seasamh le chéile mar ghrúpa

Grianghraf de Chomhaltaí Thoscaireacht Phoblachtach na hÉireann i Londain 1921 (MS 49,835/15/8)

Maireachtáil le Bród: Grianghraif le Christopher Robson

Rinne Maireachtáil le Bród doiciméadú ar shaol agus ar ghníomhaíocht LADT+ in Éirinn le linn na nóchaidí agus na náideanna, agus rinne sé ceiliúradh ar shaol Christopher Robson (1941-2013). Ní hamháin gur ghabh Christopher cuid mhór d’aistear suntasach na hÉireann i dtreo an chomhionannais LADTI+ ina chuid grianghraf, ach chuir sé an oiread sin leis an aistear sin trína chuid gníomhaíochta féin.

Is féidir an taispeántas seo atá go hiomlán dátheangach a íoslódáil saor in aisce lena phriontáil agus lena chur ar taispeáint i d’ionad!

Taispeántais Taistil

Déanfaidh NLI na sonraí pearsanta a thabharfaidh tú dúinn a phróiseáil de réir ár Ráitis Príobháideachais Sonraí.