Cabhair le Cuardach
Sa chatalóg, tugtar le chéile gach ceann de bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in aon chuardach amháin.
Inár gcatalóg ar líne tá sonraí faoi:
- Leabhair
- Sraitheacháin
- Nuachtáin
- Bailiúcháin lámhscríbhinní
- Léarscáileanna
- Bailiúcháin amhairc, lena n-áirítear grianghraif, priontaí agus líníochtaí, agus earraí inbhailithe
- Ceol
- Bailiúcháin dhigiteacha
- Láithreán gréasáin i gCartlann Ghréasáin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
- Cláir Paróistí Caitliceacha
An chatalóg a chuardach
Is féidir cuardach a dhéanamh ar údar, teideal, ábhar nó suíomh geografach go fiú sa bhosca cuardaigh.
Roghnaigh Gach Réimse ón roghchlár anuas taobh leis an mbosca cuardaigh le go bhfaighidh tú na torthaí cuardaigh is fadréimsí.
Má bhíonn na torthaí róghinearálta i dtosach, tá dhá bhealach ann leis na torthaí a chúngú:
- Is féidir an roghchlár anuas ar thaobh na láimhe deise den bharra cuardaigh a úsáid chun an chéad chuardach a rinne tú a theorannú. Is féidir an roghchlár a úsáid chun cuardach a dhéanamh de réir réimsí faoi leith, mar shampla, údar, teideal, ábhar nó gairmuimhir.
- Is féidir na scagairí Cuardach Cúng ar thaobh na láimhe deise den leathanach a úsáid chun na torthaí ón gcéad chuardach a chúngú. Is féidir na torthaí a scagadh de réir dáta, ábhair, údair, teanga, etc.
Agus paraiméadair an chuardaigh cúngaithe agat leis na scagairí, déanfar an chéad chuardach eile ar fhocal nó grúpa focal bunaithe ar na paraiméadair chéanna.
Más mian leat an cuardach a leathnú arís, bain an tic den rogha Coinnigh mo Scagairí Reatha in aice leis an mbarra cuardaigh.
Earraí digiteacha
Tá gach mír atá sna bailiúcháin atá againn le fáil sa chatalóg seo, idir na nithe sin atá againn sna hionaid stórála agus os cionn ná 140,000 mír atá digitithe againn.
Más mian leat gan féachaint ach ar íomhánna digitithe, roghnaigh Ná Cuardaigh ach Ábhar Digitithe amháin sula gcuirfidh tú tús leis an gcuardach. Bíonn an rogha sin áisiúil go háirithe más cuardach ar ghrianghraif agus ábhar físe a bhíonn i gceist.
Más rud é go bhfuil mír digitithe cheana féin, ní eiseofar an bhunchóip.
Torthaí agus ordú
Nuair a roghnóidh tú toradh ón gcuardach, beidh rannóg dar teideal Faigh é seo ar leathanach an toraidh.
Seo an áit a bhfaighidh tú an t-eolas seo:
- Gairmuimhir na míre
- An seomra léitheoireachta is féidir breathnú ar an mír ann
- Aon socruithe speisialta atá ann don mhír, e.g., amanna seachadta le haghaidh míreanna atá á stóráil go seachtrach
Is féidir an leathanach Orduithe ar Líne a úsáid chun an mhír a ordú ar líne.
Beidh an ghairmuimhir agus an seomra léitheoireachta don mhír sin de dhíth ort.
Teastóidh ticéad léitheora uait chun ábhair a ordú.
Tuilleadh eolais faoin gcatalóg a chuardach