Tús a Chur Leis

Clann Uí Fhaoláin, 1939 (POOLEWP 4313)
Tosaítear an taighde ar do mhuintir leat féin agus le do gharghaolta.
An chéad chéim chun tús a chur le taighde ar stair theaghlaigh is ea cóip den chairt sinsearachta teaghlaigh agus an grúpleathanach teaghlaigh a íoslódáil.
Úsáidtear an chairt sinsearachta teaghlaigh chun d’ainm agus ainmneacha do shinsear díreach amháin a thaifeadadh.
Úsáidtear an grúpleathanach teaghlaigh chun eolas a thaifeadadh faoin gclann a rugadh do lánúin, agus do theaghlach sínte san áireamh.
Labhair le daoine de do theaghlaigh faoina gcuimhní cinn ar stair an teaghlaigh, mar shampla, faoin áit a bhféadfadh sinsir a bheith curtha, toisc go mbíonn dátaí tábhachtacha ar leaca uaighe go minic.
D’fhéadfadh albaim grianghraf, seanlitreacha teaghlaigh, cuntais iarbháis ó nuachtáin agus doiciméid eile a bheith i seilbh do theaghlaigh shínte. Déan teagmháil leis an teaghlach sínte chun teacht ar thaifid a d’fhéadfadh a bheith úsáideach le haghaidh taighde. Coinníonn roinnt teaghlach Bíoblaí nó dialanna ina bhfuil dátaí breithlae, póstaí, básanna nó comóradh ócáide tábhachtaí eile breactha síos.
Agus tú ag labhairt le daoine de do theaghlach, bain úsáid as na teimpléid grúpleathanaigh teaghlaigh chun faisnéis atá ar eolas a thaifeadadh. Cabhróidh sé sin leat freisin bearnaí san fhaisnéis atá ar eolas faoin teaghlach a shainaithint.
Tar éis duit labhairt le daoine de do theaghlach, ba cheart achoimre a bheith agat ar na gardhátaí a bhaineann le breith, pósadh agus bás na ndaoine den teaghlach. Tá sé tábhachtach ag an gcéim sin taifid a chuardach lena bhfíorófar na dátaí agus lena mbunófar eolas breise.
Tabhair cuairt ar an leathanach Ríomhacmhainní le haghaidh naisc ginealais chun taifid ar do theaghlach a chuardach.
Aimsítear breitheanna, póstaí agus básanna a tharla tar éis 1864 go minic sa tsraith dá dtagraítear taifid shibhialta. Is minic a aimsítear breitheanna, póstaí agus básanna a tharla roimh 1864 i dtaifid eaglaise, i gcás inar tháinig siad slán. Soláthraítear tuilleadh eolais faoi thaifid shibhialta agus eaglaise ar leathanach an taighde bhreise.
Féadfaidh an tSeirbhís Staire Teaghlaigh ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann comhairle shonrach a sholáthar duit faoin gcaoi a ndéantar eolas ginealais a chuardach. Soláthraíonn an Leabharlann comhairliúchán saor in aisce i láthair go pearsanta, nó féadfaidh tú comhairle a fháil trí cheist a chur ar ríomhphost nó ar ghuthán.
Déan teagmháil leis an tSeirbhís Staire Teaghlaigh má tá aon cheist eile agat maidir le tús a chur le do thaighde ar stair do theaghlaigh.
Ní dhéanann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann taighde ginealais.