Preas agus Meáin

An Taoiseach Leo Varadkar agus an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir NLI (Meán Fómhair 2023)
Más ón bpreas nó ó na meáin atá tú agus gur mhaith leat fiosrú a dhéanamh, nó más mian leat iarratas scannánaíochta a chur isteach, féach an t-eolas thíos agus comhlánaigh na foirmeacha cuí.
Fiosruithe ó na meáin
Le haghaidh fiosruithe ó na meáin, ba chóir teagmháil a dhéanamh le
DHR Communications
Ríomhphost: info@dhr.ie
Teileafón: (01) 420 0580
Iarratais ar íomhánna
Déanann an Rannóg Cumarsáide agus Forbartha bainistíocht ar iarratais ó na meáin ar íomhánna a bhaineann go díreach le taispeántais, seónna agus cláir phoiblí Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Má tá íomhánna ag teastáil uait do na meáin, déan teagmháil le development@nli.ie.
Preaseisiúintí
Léigh na preasráitis is déanaí de chuid NLI anseo.
Scannánaíocht sa Leabharlann Náisiúnta
Nuair is praiticiúil agus is oiriúnach a dhéanamh, cuireann NLI a chuid foirgneamh ar fáil lena n-úsáid le scannánaíocht nó grianghrafadóireacht a dhéanamh. Iarrtar ort iarratais le scannánaíocht nó grianghrafadóireacht a dhéanamh in NLI a chur isteach coicís ar a laghad roimh an dáta beartaithe. Níl le déanamh ach an fhoirm iarratais thíos a chomhlánú. Caithfidh ball foirne de chuid NLI maoirseacht a dhéanamh ar aon scannánaíocht nó grianghrafadóireacht a dhéantar sa Leabharlann.
Suíomhanna atá ar fáil
- An Forhalla agus an Seomra Léitheoireachta, Sráid Chill Dara (Tabhair faoi deara nach féidir scannánaíocht a dhéanamh sa phríomhsheomra léitheoireachta ach amháin taobh amuigh de na huaireanta oscailte).
- Seomra boird NLI, Sráid Chill Dara.
- Seomra léitheoireachta na lámhscríbhinní, Sráid Chill Dara.
Táillí agus costais le haghaidh eagraíochtaí sna meáin
- Scannánaíocht/grianghrafadóireacht ar an láthair €250 san uair*
- Leabhair, micreascannán, nuachtáin a aisghabháil €10 an ceann
- Ábhar cartlainne a aisghabháil €20 an fillteán
- Nuachtáin a aisghabháil ó stóráil sheachtrach €25 an t-imleabhar/bosca
D’fhéadfadh táillí faoi leith as cóipcheart agus cead a bheith i gceist. Féach ár leathanach maidir le cead ar athúsáid le sonraí a fháil.
*Seans go mbeadh tuilleadh baill foirne ag teastáil, bunaithe ar scála na scannánaíochta, agus bheadh costais bhreise i gceist dá mbeadh.