Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ráiteas maidir le Príobháideachas Sonraí

Solas athraonta ar bhalla trí fhuinneog dhaite i bPríomhfhoirgneamh na Leabharlainne NLI

Tá Ráiteas Leabharlann Náisiúnta na hÉireann maidir le Príobháideachas Sonraí i bhfeidhm ón 21 Aibreán 2023.

Is “rialaitheoirí sonraí” iad na daoine nó na heagraíochtaí a chinneann na críocha a ndéantar Sonraí Pearsanta a phróiseáil ina leith agus an bealach a ndéantar an phróiseáil sin, agus a dhéanann cinntí neamhspleácha i ndáil leis na Sonraí Pearsanta agus/nó a rialaíonn na Sonraí Pearsanta sin ar bhealach ar bith eile.

Chun críocha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), is í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (an Leabharlann) an rialaitheoir sonraí maidir leis na Sonraí Pearsanta a bhfuil tuairisc orthu sa Ráiteas Príobháideachais seo. Is é misean na Leabharlainne Náisiúnta cuimhne thaifeadta na hÉireann a bhailiú, a chosaint agus a chur ar fáil, aire a thabhairt do bhreis agus dhá mhilliún déag mír atá faoinár gcúram, lena n‑áirítear leabhair, lámhscríbhinní, nuachtáin, grianghraif, priontaí, léarscáileanna, léaráidí, earraí inbhailithe, ceol agus meáin dhigiteacha.

Tá feidhm an Oifigigh Cosanta Sonraí curtha amach ar conradh ag an Leabharlann Náisiúnta do XpertDPO Ltd.

Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí mar seo a leanas:
Ríomhphost: dataprotection@nli.ie
Seoladh poist: 4 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 A322

Is é cuspóir an Ráitis Príobháideachais seo ráiteas a sholáthar duit, mar an duine is ábhar do na sonraí, maidir le cleachtais agus ceanglais na Leabharlainne i ndáil le Cosaint Sonraí agus le Príobháideachas mar aon le míniú ar na cearta atá agat mar an duine is ábhar do na sonraí. 

Tá feidhm ag an Ráiteas Príobháideachais seo maidir lenár gcleachtais eagraíochtúla agus lenár suíomh gréasáin atá ar fáil ar www.nli.ie

Ó tharla go bhfuil an Eagraíocht bunaithe i bPoblacht na hÉireann, tá an doiciméad seo bunaithe ar Dhlí na hÉireann maidir le Cosaint Sonraí, agus tá an Leabharlann Náisiúnta faoi dhlínse Choimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí. Leagtar amach sa Ráiteas Príobháideachais seo na Sonraí Pearsanta maidir leat a bhailímid agus phróiseálaimid i ndáil le seirbhísí agus le feidhmeanna na hEagraíochta. Nílimid freagrach as an ábhar ná as na fógraí príobháideachais ar shuíomhanna gréasáin a bhféadfaimis naisc sheachtracha a chur ar fáil chucu.

  • An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán AE 679/2016)
  • Achtanna na hÉireann um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018
  • Rialacháin a eascraíonn as an Acht um Chosaint Sonraí, 2018
  • Na Rialacháin maidir le r-phríobháideachas, 2011, lena gcuirtear chun feidhme Threoir AE 2002/58/CE maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach, ar a dtugtar an Treoir maidir le r-phríobháideachas freisin
  • An tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986, Rialacháin 1988

Faoi dhlíthe maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas sonraí, tá cearta ag daoine aonair maidir le húsáid a Sonraí Pearsanta ag eagraíochtaí, lena n‑áirítear ár n‑eagraíocht féin. Le dlíthe na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint sonraí, rialaítear na gníomhaíochtaí ar fad a bhíonn ar siúl againn i ndáil le bailiú, stóráil, láimhseáil, nochtadh agus úsáidí eile Sonraí Pearsanta.

Ní mór dúinn na dlíthe maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas sonraí a chomhlíonadh mar tá ceangal dlí orainn é sin a dhéanamh, ach ba mhaith linn freisin go mbeadh muinín agat ionainn. Má chloímid leis an dlí maidir le cosaint sonraí, cabhraíonn sé linn dea-cháil a choinneáil maidir leis an gcaoi a mbíonn Sonraí Pearsanta á láimhseáil againn.

Ceanglaítear orainn freagracht a léiriú as na ceanglais atá orainn ó thaobh cosaint sonraí de. Ciallaíonn sé sin nach mór dúinn a bheith in ann léiriú a thabhairt ar an gcaoi a mbíonn na dlíthe is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas sonraí a gcomhlíonadh againn, agus gur chomhlíonamar na dlíthe iarbhír. 

Déanaimid é sin, i measc nithe eile, lenár mbeartais agus ár nósanna imeachta i scríbhinn, trí chomhlíonadh cosanta sonraí agus príobháideachais sonraí a leabú inár gcórais agus inar rialacha gnó, trí mhonatóireacht inmheánach a dhéanamh ar ár gcomhlíonadh ó thaobh cosaint sonraí agus príobháideachas sonraí de agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh orthu, agus trí bhearta a ghlacadh más rud é nach mbíonn na rialacha a gcomhlíonadh ag ionadaithe dár gcuid, fostaithe nó conraitheoirí ina measc. 

Tá dualgais áirithe orainn freisin i ndáil le taifid a choinneáil faoinár bpróiseáil sonraí.

Ní mór dár n‑ionadaithe go léir, fostaithe agus conraitheoirí ina measc, ár mBeartais agus ár Nósanna Imeachta maidir le Cosaint Sonraí, ar a bhfuil an Ráiteas Príobháideachais seo bunaithe, a chomhlíonadh agus Sonraí Pearsanta á bpróiseáil acu ar ár son.

    Tá sé d’aidhm againn cloí leis na prionsabail seo a leanas atá le fáil sna dlíthe maidir le Cosaint Sonraí:

    • Dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht – ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach.
    • Teorannú de réir cuspóra – ní mór sonraí pearsanta a bhailiú chun críoch sonraithe, sainráite agus dlisteanach agus ní dhéanfar próiseáil bhreise orthu ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin.
    • Íoslaghdú sonraí – beidh Sonraí Pearsanta leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil.
    • Beachtas – Ní mór do shonraí pearsanta a bheith beacht agus, nuair is gá, cothrom le dáta. Ba cheart Sonraí Pearsanta míchruinne a cheartú nó a scriosadh.
    • Coinneáil – Ba cheart sonraí pearsanta a choinneáil i bhformáid inaitheanta, agus níor cheart iad a choinneáil ar feadh tréimhse is faide ná mar is gá.
    • Sláine agus rúndacht – Ba cheart sonraí pearsanta a choinneáil ar bhealach slán.
    • Cuntasacht – Ní mór dúinn cloí leis na sé phrionsabal ghinearálta thuas faoi RGCS agus, anuas air sin, ní mór dúinn a bheith in ann a léiriú freisin go mbímid ag cloí leo trí chinntí a chlárú agus taifid a choinneáil orthu.

    Sonraí Pearsanta

    Faisnéis phearsanta ar bith a thugann tú go deonach don Leabharlann trí fhoirmeacha gréasáin, mar shampla Foirm Réamhchláraithe Léitheora, nó ríomhphost a úsáid, déileálfar leis an bhfaisnéis sin ar na caighdeáin slándála agus rúndachta is déine, agus ar aon dul leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018, agus le RGCS.

     

    Na cineálacha sonraí a bhailímid

    Próiseas

    Cuspóir

    Bunús dlí

    Cineál sonraí

    Forshealbhúcháin

    Faisnéis ar fhoinse le haghaidh bainistíocht bailiúchán

    Conradh
    Leas an Phobail

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, Uimhir theileafóin, Faisnéis airgeadais 

    Tuairiscí/taifid ar thimpistí

    Tuairiscí a thaifeadadh agus a thiomsú i gcás timpiste / gortaithe ar áitreabh na Leabharlainne

    Ceanglas Dlíthiúil

    Ainm, Uimhir theileafóin, Íomhá/íomhánna, Faisnéis liachta

    Saothair Nua-Fhaighte

    Cumarsáid a dhéanamh le díoltóirí agus le deontóirí maidir le saothair a fháil 

    Conradh
    Leas an Phobail

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, Uimhir theileafóin, Faisnéis airgeadais, Faisnéis fostaíochta

    Riarachán

    Tascanna ginearálta riaracháin a dhéanamh laistigh den Leabharlann

    Leas an Phobail
    Ceanglas Dlíthiúil

    Miontuairiscí cruinnithe, Bainistíocht dialainne agus cláir oibre, Gearáin

    Seirbhís tagartha ó chartlannaí ar dualgas

    Seirbhísí tagartha ó chartlannaí ar dualgas a sholáthar

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, Uimhir theileafóin, Uimhir an ticéid léitheora de chuid na Leabharlainne

    Cúltacaí

    Sonraí pearsanta a stóráil agus cóipeanna cúltaca a dhéanamh de na sonraí sin i gcás éigeandála agus chun críoch aisghabhála i gcás tubaiste

    Ceanglas Dlíthiúil

    Déantar cóip chúltaca shlán de shonraí na Leabharlainne go rialta

    Sonraí agus Tuairiscí Boird agus Coistí

    An pobal a chur ar an eolas maidir le ceapacháin, cruinnithe agus torthaí, agus cloí le reachtaíocht ábhartha

    Conradh
    Ceanglas Dlíthiúil

    Ainm, Faisnéis fostaíochta, Beathaisnéis ghairid a bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith inti

    TCI

    Chun críoch sábháilteachta agus slándála ar shuíomhanna na Leabharlainne agus chun cabhrú le coireacht nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chosc agus a bhrath.

    Leas an Phobail

    Taifeadtaí TCI agus íomhánna sochair (i gcás inarb infheidhme)

    Deontais / Gníomhais maidir le tabhartas

    Deontais / gníomhais maidir le tabhartais a fháil le haghaidh bhailiúchán na Leabharlainne

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, Uimhir theileafóin, Faisnéis airgeadais, Faisnéis fostaíochta, Sonraí ar an gcaoi a bhfuarthas an t‑ábhar a bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith iontu

    Bainistíocht chumarsáide – ríomhphost agus post

    Teachtaireachtaí ríomhphoist a thagann isteach go boscaí ríomhphoist na Leabharlainne a bhainistiú agus a fhreagairt, post a fháil agus a sheoladh

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, Uimhir theileafóin, Faisnéis airgeadais, Faisnéis fostaíochta, Sonraí / inneachar measctha a bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith iontu

    Sonraisc maidir le himeachtaí

    Aistriú íocaíochtaí chuig aoichainteoirí agus éascaitheoirí imeachtaí a chumasú

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, Uimhir theileafóin, Faisnéis airgeadais, Faisnéis fostaíochta

    Faisnéis faoi thaispeántais

    Faisnéis faoi thaispeántais a chur ar fáil do chuairteoirí agus don phobal

    Leas an Phobail

    Ainm, Íomhá/íomhanna

    Íomhánna / póstaeir ó thaispeántais

    Fógraíocht agus poiblíocht a dhéanamh ar taispeántais de chuid na Leabharlainne 

    Leas an Phobail

    Íomhánna agus téacs ó chatalóg na Leabharlainne de dhaoine nádúrtha (beo)

    Ceadúnais easpórtála

    Iarratais ó chomhlachtaí éagsúla ar cheadúnais easpórtála a chomhlíonadh agus iompar ábhair lasmuigh den Stáit laistigh den Aontas Eorpach a éascú

     Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, Uimhir theileafóin, Faisnéis fostaíochta

    Cuairteanna grúpa

    Cuairteanna grúpa ar an láthair a bhainistiú agus a chur in áirithe, agus teagmháil a dhéanamh le grúpaí

    Conradh
    Toiliú

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Ainm an ghrúpa, Riachtanais ó thaobh inrochtaineachta de

    Araltas agus Ginealas

    Próiseáil a dhéanamh ar iarratais ar bhronnadh armais, iarratais maidir le ginealas agus araltas, agus ceisteanna taighde agus ceisteanna eile a fhreagairt

    Conradh
    Toiliú (sonraí de chatagóir speisialta)

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, Uimhir theileafóin, Faisnéis airgeadais, Cóip de theastas breithe / pas 

    Leabharlannaí ar dualgas

    Seirbhísí Leabharlannaí ar Dualgas a chur ar fáil agus ceisteanna maidir le bailiúchán na Leabharlainne a fhreagairt

    Toiliú
    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, ceisteanna a bhféadfadh sonraí pearsanta measctha a bheith iontu 

    Iarratais maidir le hiasachtaí

    Iarratais ó chomhlachtaí cultúrtha eile a chomhlíonadh maidir le hábhar ó bhailiúchán na Leabharlainne a fháil ar iasacht

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, Uimhir theileafóin, Faisnéis fostaíochta, Síniú

    Liostaí seoltaí

    Cumarsáid ábhartha a sheoladh amach chuig daoine atá cláraithe ar Liostaí Seoltaí na Leabharlainne

    Toiliú

    Ainm, Seoladh ríomhphoist

    Cúrsaí sa Leabharlann

    Rannpháirtithe a chlárú agus teagmháil a dhéanamh leo maidir le cúrsaí / imeachtaí foghlama sa Leabharlann

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Aitheantóirí do chruinnithe ar líne, Faisnéis fostaíochta

    Imeachtaí ar líne de chuid na Leabharlainne

    Cur ar a gcumas do dhaoine clárú d’imeachtaí ar líne de chuid na Leabharlainne agus páirt a ghlacadh iontu

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh (roghnach)

    Bailiú orduithe ar líne

    Iarratais ó léitheoirí a phróiseáil agus a chomhlíonadh le cur ar a gcumas míreanna ón mbailiúchán a ordú

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Uimhir an ticéid léitheora de chuid na Leabharlainne

    Cláir Pharóiste

    Ceisteanna maidir le cláir pharóiste a fhreagairt agus cabhair a thabhairt ina leith

    Toiliú
    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, ceisteanna a bhféadfadh sonraí pearsanta measctha a bheith iontu 

    Íocaíochtaí

    Íocaíochtaí a dhéanamh agus a fháil i ngnáthchúrsa ghnó na Leabharlainne 

    Conradh
    Ceanglas Dlíthiúil

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Faisnéis airgeadais (mar shampla ainm agus seoladh an bhainc, IBAN, íocaíochtaí ar shonraisc)

    Iarratais ar chead

    Iarratais ó dhaoine aonair / ón bpobal chun ábhar ón mbailiúchán a fhoilsiú / atáirgeadh

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, Uimhir theileafóin

    Grianghrafadóireacht / Físeán

    Grianghraif a ghlacadh agus físeáin a thaifeadadh ag imeachtaí na Leabharlainne chun críoch margaíochta

    Toiliú

    Ainm, Íomhá, Ainm an linbh (i gcás inarb infheidhme), Gaol leis an leanbh (i gcás inarb infheidhme), Síniú

    Preaseisiúintí

    An preas agus an pobal a chur ar an eolas maidir le himeachtaí agus forbairtí sa Leabharlann 

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Seoladh (lena n‑áirítear seoladh sealadach i gcás inarb ábhartha), Cleamhnuithe (oideachasúla, mar shampla), Faisnéis fostaíochta

    Clárú léitheora (Ticéad léitheora de chuid na Leabharlainne) 

    Daoine a shainaithint agus cur ar a gcumas bailiúcháin na Leabharlainne a úsáid

    Toiliú
    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Faisnéis fostaíochta

    Earcaíocht (lena n‑áirítear réamhearcaíocht, earcaíocht agus roghnúchán)

    Iarrthóirí réamhearcaíochta ar fhostaíocht a chlárú, athbhreithniú a dhéanamh ar iarrthóirí ar phoist laistigh den Leabharlann agus a n‑oiriúnacht a mheasúnú, le haghaidh bainistíocht eitice

    Conradh
    Fostaíocht / Slándáil Shóisialach (sonraí de chatagóir speisialta)

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Náisiúntacht, Stádas víosa, CV, Stair oibre agus oideachais, Nótaí agallaimh

    Earcaíocht – Moltóirí

    Sonraí oideachais agus fostaíochtaí iarrthóirí ar fhostaíocht laistigh den Leabharlann a dheimhniú

    Toiliú

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Faisnéis fostaíochta, Tuairimí a thugtar faoi rún ar an bhfeidhmíocht

    Comhlíonadh rialála

    Rialacháin airgeadais agus aon dlí ábhartha eile a chomhlíonadh

    Ceanglas Dlíthiúil
    Conradh

    Tuarascálacha bliantúla, Ráitis airgeadais agus foilseacháin lena n‑áirítear iniúchtaí, cruinnithe boird agus pleananna straitéiseacha, Cartlannú agus scriosadh taifead, Saoráil faisnéise agus Iarratais ar chosaint sonraí

    Orduithe athghrafaíochta

    Iarratais ó dhaoine aonair / ón bpobal a chomhlíonadh maidir le cóipeanna de mhíreanna ón mbailiúchán

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Seoladh, Uimhir theileafóin

    Foghlaim ar líne do scoileanna

    Cur ar a gcumas do scoileanna seisiúin ar líne a chur in áirithe do dhaltaí

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Faisnéis fostaíochta

    Comórtais Scoile

    Cur ar a gcumas do scoileanna clárú le haghaidh comórtas agus cur ar a gcumas do dhaltaí iontráil a chur isteach

    Toiliú

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Faisnéis fostaíochta agus inneachar closamhairc (mar shampla físeán)

    Cóipeáil féinseirbhíse

    Iarratais ó léitheoirí a chomhlíonadh chun ábhar a iarrtar ón mbailiúchán a chóipeáil agus a shábháil

    Conradh

    Ainm, Uimhir an ticéid léitheora de chuid na Leabharlainne

    Na Meáin Shóisialta

    Bainistíocht na meán sóisialta a chomhordú, ár dtaispeántais a mhargú, agus cumarsáid a dhéanamh lenár gcuairteoirí agus lenár lucht leanúna

    Leas an Phobail

    Sonraí measctha ó na meáin shóisialta (mar shampla Ainm, Ainm úsáideora, Grianghraf próifíle)

    Cainteoirí / Léachtóirí

    Socruithe a eagrú le daoine aonair a thugann cainteanna agus léachtaí agus dul i dteagmháil leo, agus fógraíocht a dhéanamh ar imeachtaí

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Faisnéis fostaíochta, Faisnéis oideachais

    Campaí samhraidh

    Rannpháirtithe i gcampaí samhraidh na Leabharlainne a chlárú agus teagmháil a dhéanamh leo

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Ainm an linbh ag freastal ar an gcampa

    Suirbhéanna

    Aiseolas a fháil ó lucht freastail an imeachta agus ón bpobal maidir le seirbhísí agus imeachtaí na Leabharlainne

    Toiliú

    Freagraí suirbhé a bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith iontu (ní iarraimid ort d’ainm ná aon sonraí eile a thabhairt)

    Sonraí maidir le húsáid an ghréasáin

    Seirbhísí ar líne a fheidhmiú go héifeachtach agus anailís a dhéanamh ar an úsáid chomhiomlán chun feabhas a chur ar sheirbhísí úsáideora

    Toiliú

    Faisnéis theicniúil, lena n‑áirítear seoladh prótacail idirlín (IP), cineál brabhsálaí agus córas oibriúcháin, an dáta agus an t‑am a úsáideann tú ár suíomh, na leathanaigh ar a bhféachann tú, agus an suíomh gréasáin ónar tháinig tú chuig ár suíomh, lena n‑áirítear aon téarma cuardaigh a d’úsáid tú

    Comhroinnt sonraí tríú páirtí

    Cur ar a cumas don Leabharlann feidhmeanna a dhéanamh le soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, feidhmeanna lena gcuirtear ar ár gcumas againn ár seirbhísí mar leabharlann agus mar chartlann a sholáthar

    Conradh

    Spleách ar thríú páirtí

    Taispeántais taistil

    Cur ar a gcumas d’iarsmalanna, scoileanna agus leabharlanna taispeántais taistil a óstáil agus a chur in áirithe

    Conradh
    Leas an Phobail

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Faisnéis fostaíochta

    Ionad a fháil ar cíos

    Úsáid shuíomhanna na Leabharlainne le haghaidh imeachtaí a éascú

    Conradh

    Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir theileafóin, Faisnéis fostaíochta, Faisnéis airgeadais

    Taifid ar chuairteoirí

    Taifead cruinn a choinneáil ar chuairteoirí (conraitheoirí agus daoine aonair a thagann go cruinnithe le baill foirne) chun na Leabharlainne

    Toiliú
    Conradh

    Ainm, Uimhir theileafóin, Uimhir chláraithe agus déanamh na feithicle, Faisnéis fostaíochta

     

    Sonraí de chatagóir speisialta

    Is féidir linn sonraí íogaire – nó ‘Sonraí de chatagóir speisialta’ – maidir leat a bhailiú chun cabhrú leat agus chun ár seirbhís(í) a sholáthar. 

    • Sonraí a bhaineann le cúrsaí sláinte (mar shampla, má tá riachtanais inrochtaineachta ar leith ag cuairteoir).
    • Sonraí pearsanta lena léirítear creideamh reiligiúnach nó fealsúnachta (mar shampla, riachtanais chothaithe ag campaí samhraidh).
    • Sonraí pearsanta lena léirítear bunús ciníoch nó eitneach (mar shampla, do náisiúntacht tríd an aitheantas a thugtar).
    • Sonraí a bhaineann le saol gnéis nó claonadh gnéis duine nádúrtha (mar shampla inscne tríd an aitheantas a thugtar, mar shampla pas, teastas breithe agus iarratais maidir le stair an teaghlaigh / araltas á ndéanamh).

     

    Sonraí leanaí

    Is féidir linn sonraí leanaí a bhailiú chun cabhrú leat agus chun ár seirbhís(í) a sholáthar do leanaí. Déantar é sin le toiliú an tuismitheora nó an chaomhnóra i gcás ina bhfuil an leanbh faoi bhun 16 bliana d’aois.

    • Céadainm agus sloinne leanaí ag freastal ar imeachtaí na Leabharlainne (mar shampla campaí samhraidh)
    • Grianghraif nó íomhánna ó fhíseán (i gcás ina bhfaightear iad sin le toiliú ó thuismitheoir, mar shampla ag taispeántais, cainteanna)

     

    Sonraí maidir le cionta coiriúla

    Ní bhailíonn an Leabharlann aon fhaisnéis ar chiontuithe ná ar chionta coiriúla.

     

    Teilifís Ciorcaid Iata (TCI)

    Tá Teilifís Ciorcaid Iata (TCI) in úsáid ag an Leabharlann inár bhfoirgnimh agus timpeall orthu. Úsáidimid TCI chun sábháilteacht agus slándáil shuíomhanna na Leabharlainne a áirithiú agus chun cabhrú le coireacht nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chosc agus a bhrath. Tá fógraí maidir le próiseáil chóir ar taispeáint againn, mar aon le Beartas TCI is féidir a léamh anseo

     

    Foirm Réamhchláraithe Léitheora

    Ní mór duit an Fhoirm Réamhchláraithe Léitheora ar líne a chomhlánú chun iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora. An fhaisnéis a chuireann tú ar fáil, úsáidtear í chun taifead ríomhaireachta a chruthú i d’ainm féin a stóráiltear i mbunachar sonraí. Is féidir linn d’iarratas ar thicéad léitheora a phróiseáil go hiomlán leis an bhfaisnéis a chuireann tú ar fáil nuair atá tú ag clárú agus cabhraíonn sí linn tú a chur i dtreo na seirbhíse nó na mbailiúchán cuí. Ní úsáidfear faisnéis bhreise a sholáthraíonn tú fút féin ach ar mhaithe le seirbhísí amach anseo a fhorbairt agus – má chuireann tú in iúl go bhfuil a leithéid uait – chun gníomhaíochtaí agus imeachtaí na Leabharlainne a chur in iúl duit.

    Is é cuimhne thaifeadta na hÉireann a bhailiú, a chosaint agus a chur ar fáil an misean atá ag an Leabharlann Náisiúnta. Tá an Leabharlann faoi réir na reachtaíochta maidir le cartlannú agus bailiú taifead.

    Mar chomhlacht atá luaite sa sceideal leis an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, tá an Leabharlann Náisiúnta faoi réir an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986, agus Rialacháin 1988. Tá an tAcht agus na Rialacháin infheidhme maidir le bainistíocht chartlainne taifead, lena n‑áirítear diúscairt agus coinneáil taifead. Tá dualgas ar an Leabharlann cloí leis an Acht um Chartlann Náisiúnta agus a áirithiú go gcoinnítear taifid agus sonraí i gcomhréir leis an Acht.

    Feidhmíonn an tAcht laistigh de chreat dlíthiúil maidir le bainistíocht taifead. D’fhéadfaí a chuimsiú faoin gcreat sin freisin reachtanna a bhaineann le réimsí amhail cosaint sonraí, saoráil faisnéise, agus reachtaíocht a bhaineann le réimsí sonracha oibre amhail an oidhreacht chultúrtha, an chosaint shóisialta agus bailiú cánach, i measc réimsí eile.

    Níl aon reachtaíocht níos tábhachtaí ná an tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986, maidir le bainistíocht taifead poiblí, lena n‑áirítear taifid a scriosadh, a choinneáil nó a choimeád siar. Sula bhféadfaí taifid a scriosadh, a choinneáil nó a choimeád siar, ní mór cloí leis na forálacha a leagtar amach san Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, agus i Rialacháin 1988.

    Is é Airteagal 6(1)(e) an bunús dlí faoina gcoinníonn an Leabharlann sonraí inár gcartlanna – is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail. 

    Coinníonn an Leabharlann sonraí chun críoch cartlannaithe (Airteagal 89(3) de RGCS agus Alt 42 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018). I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a bhailiú (a phróiseáil) chun críoch cartlannaithe ar mhaithe le leas an phobail, is ann do mhaoluithe sonracha ar na cearta mar a leagtar amach in Airteagail 15, 16, 18 agus 21 de RGCS.

    Tá an Leabharlann faoi réir an Achta um Fhorais Chultúir Náisiúnta, 1997, freisin (I.R. 11/97). Sonraítear in Alt 12(1) den Acht gurb iad príomhfheidhmeanna Bhord na Leabharlainne an t‑ábhar leabharlainne i mbailiúchán na Leabharlainne Náisiúnta a chaomhnú, a athchóiriú, a chothabháil agus a mhéadú ar mhaithe leis an bpobal agus taifead ar ábhar leabharlainne maidir le hÉirinn (lena n‑áirítear ábhar a bhaineann leis an nGaeilge) a bhunú agus a chothabháil.

    Féadfaidh an Leabharlann sonraí a stóráil ar feadh tréimhsí is faide i gcás ina ndéanfar próiseáil ar na sonraí pearsanta chun críoch cartlannaithe amháin ar mhaithe le leas an phobail, chun críoch eolaíoch nó stairiúil nó chun críoch staitistiúil, faoi réir cur chun feidhme beart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil chun cearta agus saoirsí an duine is ábhar do na sonraí a chosaint.

    I gcás nach bhfuil sonraí faoi réir an Achta um Chartlann Náisiúnta agus na Rialachán, ní choinneoidh an Leabharlann sonraí ach ar feadh na tréimhse is gá chun na gcríoch dár bhailíomar iad a chomhlíonadh, lena n‑áirítear chun aon cheanglas dlíthiúil, cuntasachta nó tuairiscithe a chomhlíonadh.

    Chun an tréimhse choinneála iomchuí a chinneadh le haghaidh sonraí pearsanta, cuirimid san áireamh méid, nádúr agus íogaireacht na sonraí pearsanta, an riosca féideartha díobhála a d’eascródh as úsáid neamhúdaraithe nó nochtadh do shonraí pearsanta, na cuspóirí dá bpróiseálaimid do shonraí pearsanta agus cé acu an féidir nó nach féidir linn na cuspóirí sin a chomhlíonadh ar bhealach eile, agus na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme.

    Ceanglaímid ar gach tríú páirtí aird a léiriú ar shlándáil do shonraí pearsanta agus caitheamh leis na sonraí de réir an dlí. Ní cheadaímid dár soláthraithe seirbhíse tríú páirtí do shonraí pearsanta chun a gcríoch féin agus ní cheadaímid dóibh do shonraí pearsanta a phróiseáil ach chun críoch sonraithe amháin agus i gcomhréir lenár dtreoracha.

    Nuair a thoilíonn tú do shonraí pearsanta a thabhairt dúinn, iarrfaimid ort freisin toiliú le comhroinnt do shonraí pearsanta leis na tríú páirtithe atá leagtha amach thíos. Tá conarthaí i bhfeidhm ag an Leabharlann agus déanaimid dícheall cuí maidir lenár soláthraithe agus tríú páirtithe ábhartha.

    • Comhlachtaí seirbhíse poiblí eile amhail an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte, an Chartlann Náisiúnta agus comhlachtaí eile
    • Soláthraithe seirbhíse a ghníomhaíonn mar phróiseálaithe bunaithe in Éirinn agus san Eoraip a sholáthraíonn seirbhísí forbartha, TF, agus riaracháin córais agus taistil.
    • Soláthraithe teicniúla arb eintitis eile iad a idirghníomhaíonn linn i dtaca leis na seirbhísí a bhíonn á soláthar againn.
    • Sainchomhairleoirí gairmiúla a ghníomhaíonn mar phróiseálaithe, rialaitheoirí nó comhrialaitheoirí lena n‑áirítear dlíodóirí, baincéirí, iniúchóirí agus árachóirí bunaithe in Éirinn a sholáthraíonn seirbhísí comhairleachta, baincéireachta, dlíthiúla, árachais agus cuntasaíochta.
    • Rialtóirí agus údaráis eile mar phróiseálaithe, rialaitheoirí nó comhrialaitheoirí bunaithe in Éirinn a cheanglaíonn tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí próiseála in imthosca áirithe.

    Tá cuid dár dtríú páirtithe seachtracha bunaithe lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), mar sin aistreofar sonraí lasmuigh de LEE mar chuid den phróiseáil a dhéanann siad ar do shonraí pearsanta.  

    Nuair a aistrímid do shonraí lasmuigh de LEE, áirithímid go dtugtar an leibhéal céanna cosanta dóibh ach a áirithiú go gcuirtear chun feidhme aon cheann amháin ar a laghad de na cosaintí seo a leanas:

    • Féadfaimid do shonraí pearsanta a aistriú chuig tíortha a measann an Coimisiún Eorpach go gcuirtear leibhéal imleor cosanta ar fáil do shonraí pearsanta iontu, nó;
    • I gcás ina mbíonn soláthraithe seirbhíse áirithe in úsáid againn, féadfaimid úsáid a bhaint as conarthaí sonracha atá formheasta ag an gCoimisiún Eorpach ina dtugtar an chosaint chéanna do shonraí pearsanta is a thugtar dóibh san Eoraip.

    Déan teagmháil linn má tá faisnéis bhreise uait ar an gcóras sonrach a bhíonn in úsáid againn agus do shonraí pearsanta á n‑aistriú lasmuigh de LEE.

    Nuair a gheobhaidh an Leabharlann do chuid faisnéise, úsáidfimid nósanna imeachta diana agus gnéithe slándála diana chun ár ndícheall a dhéanamh nach gcaillfear do shonraí pearsanta trí thimpiste, ná nach n‑úsáidfear iad nó nach ndéanfar iad a rochtain ar bhealach neamhúdaraithe. Bíonn criptiú, srianta rochtana agus gnéithe eile in úsáid ag an Leabharlann chun slándáil do shonraí a áirithiú.

    Tá nósanna imeachta curtha i bhfeidhm againn chun déileáil le haon sárú amhrasta ar shonraí pearsanta agus tabharfaimid fógra duit agus d’aon rialtóir infheidhme nuair a bhíonn ceanglas orainn é sin a dhéanamh faoin dlí. 

    Trí thoiliú lenár bpróiseáil ar do Shonraí Pearsanta i gcomhréir leis an Ráiteas Príobháideachais seo, i gcás inarb é sin an bunús dlí iomchuí sainaitheanta le haghaidh na próiseála, tugann tú cead dúinn do Shonraí Pearsanta a phróiseáil go sonrach chun na gcríoch a shainaithnítear.

    Féadfaidh tú an toiliú a tharraingt siar ag am ar bith ach é sin a chur in iúl go soiléir, le ráiteas nó le gníomh soiléir lena ndeimhnítear a leithéid, gur mian leat an toiliú le próiseáil Sonraí Pearsanta a bhaineann leat a tharraingt siar. Déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí leis na sonraí teagmhála thíos má bhíonn aon cheist agat a bhaineann le toiliú a tharraingt siar.

    Ní dhéanfaidh tarraingt siar an toilithe difear do dhlíthiúlacht na próiseála bunaithe ar thoiliú roimh a tharraingt siar.

    In imthosca áirithe, agus ag brath ar an mbonn dlíthiúil faoina ndéantar próiseáil ar do shonraí pearsanta, tá na cearta seo a leanas agat faoin dlí:

    • Faisnéis a iarraidh maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil Sonraí Pearsanta maidir leat á gcoinneáil againn agus, má tá, cé hiad na Sonraí Pearsanta sin agus cén fáth a bhfuil siad á gcoinneáil / á n‑úsáid againn.
    • Rochtain ar do shonraí pearsanta a iarraidh (ar a dtugtar ‘iarratas duine ar a s(h)onraí’ de ghnáth). Cuirtear ar do chumas leis sin cóip de na Sonraí Pearsanta atá á gcoinneáil againn maidir leat a fháil agus a chinntiú go bhfuil siad á bpróiseáil de réir an dlí againn.
    • A iarraidh go ndéanfaí na Sonraí Pearsanta atá againn maidir leat a cheartú. Cuirtear ar do chumas leis sin a iarraidh go ndéanfaí aon fhaisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn atá againn maidir leat a cheartú.
    • Léirscriosadh do chuid Sonraí Pearsanta a iarraidh. Cuirtear ar do chumas leis sin a iarraidh orainn Sonraí Pearsanta a scriosadh nó a bhaint i gcás nach bhfuil aon chúis mhaith againn le leanúint lena bpróiseáil. Tá sé de cheart agat chomh maith iarraidh orainn do chuid Sonraí Pearsanta a scriosadh nó a bhaint i gcás inar fheidhmigh tú do cheart le cur i gcoinne a bpróiseála (féach thíos).
    • Cur i gcoinne na próiseála ar do Shonraí Pearsanta i gcás ina bhfuilimid ag brath ar leas dlisteanach (nó leasanna dlisteanacha tríú páirtí) agus go bhfuil rud éigin i gceist le do chás sonrach féin a fhágann gur mhaith leat cur i gcoinne na próiseála ar an mbonn sin. Tá sé de cheart agat cur i gcoinne na próiseála freisin i gcás ina bhfuil próiseáil á déanamh againn ar do Shonraí Pearsanta chun críoch margaíochta dírí.
    • Cur i gcoinne cinnteoireacht uathoibrithe lena n‑áirítear próifíliú, is é sin gan a bheith mar ábhar aon chinnteoireachta uathoibrithe a dhéanfaimid le do Shonraí Pearsanta nó próifíliú ort.
    • Srian ar phróiseáil do Shonraí Pearsanta a iarraidh. Cuireann sé sin ar do chumas a iarraidh orainn próiseáil Sonraí Pearsanta maidir leat a chur ar fionraí, mar shampla más maith leat go ndéanfaimid cruinneas na sonraí nó an chúis lena bpróiseáil a fhíorú.
    • A iarraidh go n‑aistreofar do Shonraí Pearsanta i bhfoirm leictreonach struchtúrtha chugat féin nó chuig páirtí eile (ar a dtugtar ceart chun ‘iniomparthachta sonraí’ go hiondúil). Cuireann sé sin ar do chumas do shonraí a thógáil uainn i bhformáid atá inúsáidte go leictreonach agus a bheith in ann do shonraí a aistriú chuig páirtí eile i bhformáid atá inúsáidte go leictreonach.

    Cheapamar Oifigeach Cosanta Sonraí chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le cosaint sonraí agus ar chomhlíonadh an Fhógra seo agus ár mbeartas gaolmhar. Déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí má tá ceist ar bith agat faoin bhFógra seo nó maidir le comhlíonadh i ndáil le cosaint sonraí.

    Más mian leat do chearta a fheidhmiú, déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí a thabharfaidh freagra ar an iarratas laistigh d’aon mhí féilire amháin.

    Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí mar seo a leanas:
    Ríomhphost: dataprotection@nli.ie
    Seoladh poist: 4 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 A322

    Tá sé de cheart agat, mar an duine is ábhar do na sonraí, gearán a dhéanamh am ar bith le húdarás maoirseachta i ndáil le ceist ar bith a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanaimid ar do Shonraí Pearsanta. Ba mhaith linn scéala a fháil uait ar an gcéad dul síos má bhíonn gearán agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí le gur féidir linn an fhadhb a réiteach. Ós rud é gur in Éirinn atá an eagraíocht lonnaithe agus gur ann a dhéanaimid ár bpróiseáil ar shonraí, tagaimid faoi raon feidhme Choimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann ó thaobh cosaint sonraí de.

    Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí mar a leanas:
    Suíomh gréasáin: www.dataprotection.ie
    Fón: +353 57 8684800 nó +353 (0)761 104 800
    Ríomhphost: info@dataprotection.ie
    Seoladh: Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí – Teach na Canála, Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire, Co Laoise, R32 AP23. Nó 21 Cearnóg Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2. D02 RD28 Éire

    Déantar athbhreithniú tráthrialta ar an Ráiteas Príobháideachais seo agus, ar an ábhar sin, tá sé faoi réir a athraithe. Ní bheidh feidhm ag athruithe ach amháin maidir le gníomhaíochtaí agus faisnéis ina ndiaidh, seachas ar bhonn iarghabhálach. 

    Molaimid duit an Ráiteas Príobháideachais seo a léamh ó am go chéile le déanamh cinnte go dtuigeann tú cén chaoi a n‑úsáidfear aon fhaisnéis phearsanta a sholáthróidh tú.

    Molaimid duit an Ráiteas Príobháideachais seo a léamh ó am go chéile le déanamh cinnte go dtuigeann tú cén chaoi a n‑úsáidfear aon fhaisnéis phearsanta a sholáthróidh tú. 

    Déanfar aon athrú ar an Ráiteas Príobháideachais seo a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin seo le go mbeidh tú ar an eolas i gcónaí maidir leis an bhfaisnéis a bhailíonn tú, maidir leis an úsáid a bhainimid as an bhfaisnéis sin agus maidir leis na himthosca, más ann dóibh, ina ndéanaimid í a nochtadh.