Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Faisnéis Chorparáideach

Íomhá gar-amhairc de mhionghné an urláir mhósáice sa leabharlann

Tá faisnéis ar ár struchtúr rialachais, ar straitéis Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus ar ár mbeartais chorparáideacha agus ár dtuarascálacha le fáil anseo thíos.

Tá an Bord freagrach go comhchoiteann as an Leabharlann a threorú agus a stiúradh.

Cathaoirleach: Eoin McVey
Leaschathaoirleach:
An tOll. Ciarán Ó hÓgartaigh

Gnáth-Comhaltaí:
An Dr. Marie Bourke
John Grenham
Lisa Grimm
Lorelei Harris
Elizabeth M. Kirwan
An tOll. Kalpana Shankar
Caitriona Sharkey

  • Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an mBord ach ríomhphost a sheoladh chuig boardandcommittees@nli.ie
  • Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Miontuairiscí faofa an Bhoird:

    2023:

    2022:

    2021:

    Image of board members 2023

    John Cox, Leabharlannaí Ollscoil na Gaillimhe; Caitriona Sharkey, comhalta boird; John Grenham, comhalta boird; an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann; Eoin McVey, cathaoirleach an bhoird; an Dr. Marie Bourke, comhalta boird; an tOll. Ciarán Ó hÓgartaigh, leaschathaoirleach agus Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe.

    Cabhraíonn na Coistí leis an mBord agus cuireann siad comhairle air

    An Coiste Comhairleach do Léitheoirí: cabhraíonn an coiste seo leis an mBord agus cuireann sé comhairle air maidir le seirbhísí na Leabharlainne. 

    Cathaoirleach: Lorelei Harris

    Comhaltaí:
    Lian Bell
    Harry Hughes
    Liam O’Brien
    An tOll. Mary O’Dowd
    An Dr Audrey Whitty

    An Coiste Ginealais agus Araltais: cabhraíonn an coiste seo leis an mBord agus cuireann sé comhairle air maidir le feidhmeanna ginealais agus araltais na Leabharlainne.

    Cathaoirleach: John Grenham

    Comhaltaí:
    An Dr. Marie Bourke
    Catriona Crowe
    Lisa Grimm
    Tony Hennessy
    Nicola Morris
    An Dr Rachel Murphy
    An tOll. Kalpana Shankar

    Comhaltaí de bhrí oifige:
    An Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir 
    Colette O’Flaherty, Príomh-Aralt na hÉireann

     

    An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca: cabhraíonn an coiste seo leis an mBord agus cuireann sé comhairle air maidir le dearbhuithe riosca, rialála, rialachais agus dearbhuithe gaolmhara na Leabharlainne. 

    Cathaoirleach: An tOll. Ciarán Ó hÓgartaigh

    Comhaltaí:
    An Dr. Marie Bourke
    An tOll. Philip O’Regan
    Catriona Sharkey

    Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Coistí ach ríomhphost a sheoladh chuig boardandcommittees@nli.ie

    Is é an Stiúrthóir an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin a dhéanann bainistíocht ar an Leabharlann trí chéile. 

    Stiúrthóir reatha: An Dr. Audrey Whitty

    Stiúrthóirí roimhe seo:
    An Dr. Sandra Collins 2015-2022
    Fiona Ross 2010-2014
    Aongus Ó hAonghusa 2003-2009
    Brendan Ó Donoghue 1997-2003
    Seán Cromien 1997
    An Dr. Patricia Donlon 1989-1997
    Michael Hewson 1982-1988
    Alf MacLochlainn 1976-1982
    An Dr. Patrick Henchy 1967-1976
    An Dr. Richard J. Hayes 1940-1967
    An Dr. Richard Irvine Best 1924-1940
    An Dr. Robert Lloyd Praeger 1920-1924
    Thomas W. Lyster 1895-1920
    William Archer 1878-1895

    Cuimsítear an Stiúrthóir agus gach ceannasaí roinne de chuid na Leabharlainne ar an bhFoireann Ceannaireachta.

    Is é cuspóir na Foirne Ceannaireachta cur i bhfeidhm straitéis na Leabharlainne a fhorbairt agus a stiúradh go rathúil, bunaithe ar shaineolas na foirne, agus ceannaireacht a léiriú trí chinnteoireacht choiteann agus freagracht chomhroinnte.

    Stiúrthóir: An Dr. Audrey Whitty
    Ríomhphost: awhitty@nli.ie
    Teileafón: 01 60 30 267

    Leas-Stiúrthóir & Ceann na nEastát: Brian O'Donnell
    Ríomhphost: bodonnell@nli.ie
    Teileafón: 01 60 30 240

    Ceannasaí Cumarsáide agus Forbartha: Liz Coffey
    Ríomhphost: ecoffey@nli.ie
    Teileafón: 01 60 30 250

    Ceannasaí Bailiúchán Digiteach: Eoghan Ó Carragáin
    Ríomhphost: eocarragain@nli.ie
    Teileafón: 01 60 30 219

    Ceannasaí Taispeántas, Foghlama agus Cláreagraithe: Dr Sinéad McCoole
    Ríomhphost: smccoole@nli.ie
    Teileafón: 01 60 30 284

    Ceannasaí Airgeadais agus Príomhoifigeach Riosca: Kathleen Ruane
    Ríomhphost: kruane@nli.ie
    Teileafón: 01 60 30 266

    Ceannasaí Acmhainní Daonna: Katy Lumsden
    Ríomhphost: klumsden@nli.ie
    Teileafón: 01 60 30 310

    Ceannasaí Bailiúchán Foilsithe: Eoin McCarney
    Ríomhphost: emccarney@nli.ie
    Teileafón: 01 60 30 223

    Ceannasaí Soláthar Seirbhíse: Sandra McDermott
    Ríomhphost: smcdermott@nli.ie
    Teileafón: 01 60 30 227

    Coimeádaí na mBailiúchán Speisialta agus Príomh-Aralt na hÉireann: Colette O'Flaherty
    Ríomhphost: coflaherty@nli.ie
    Teileafón: 01 60 30 230

    Cairt Eagraíochta NLI

     

    Tá achoimre ar ár misean, ár bhfís agus ár luachanna, agus ar ár gcuspóirí straitéiseacha le haghaidh na tréimhse 2022-2026 le fáil i straitéis Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

    Straitéis na Leabharlainne, 2022-2026 (PDF 2.9MB)

    Nochtuithe Cosanta

    An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta - 2022 (PDF )
    An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta – 2021 (PDF 391KB)
    An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta – 2020 (PDF 402KB)
    An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta – 2019 (PDF 87KB)
    An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta – 2018 (PDF 88KB)
     

    Tuarascálacha Bliantúla

    Tuarascáil Bhliantúil - 2022 (PDF 2MB)
    Tuarascáil Bhliantúil – 2021 (PDF 3MB)
    Tuarascáil Bhliantúil – 2020 (PDF 87KB)
    Tuarascáil Bhliantúil – 2019 (PDF 87KB)
    Tuarascáil Bhliantúil – 2018 (PDF 2.3MB)
    Tuarascáil Bhliantúil – 2017 (PDF 2.5MB)


    Íocaíochtaí prasa 

    Tuairisceán maidir le híocaíochtaí Prasa, R1 2024 (PDF 97 KB)

    Tuairisceán maidir le híocaíochtaí Prasa, R1-4 2023 (PDF 695 KB)
    Tuairisceán maidir le hÍocaíochtaí Prasa, R1-4 2022 (PDF 1.24MB)
    Tuairisceán maidir le hÍocaíochtaí Prasa, R1-4 2021 (PDF 512KB)
    Tuairisceán maidir le hÍocaíochtaí Prasa, R1-4 2020 (PDF 480KB)
    Tuairisceán maidir le hÍocaíochtaí Prasa, R1-4 2019 (PDF 488KB)
    Tuairisceán maidir le hÍocaíochtaí Prasa, R1-4 2018 (PDF 480KB)

     

    Íocaíochtaí os cionn €20,000

    Íocaíochtaí os cionn €20,000, R2, 2023 (PDF 129KB)
    Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1, 2023 (PDF 129KB)
    Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1-R4, 2022 (PDF 1.3MB)
    Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1-R4, 2021 (PDF 592KB)
    Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1-R4, 2020 (PDF 585KB)
    Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1-R4, 2019 (PDF 579KB)
    Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1-R4, 2018 (PDF 585KB)

    Tá na cearta dlíthiúla thíos ag gach aon duine faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014: 

    • an ceart rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla arna gcoinneáil ag Ranna Rialtais agus ag gach comhlacht poiblí a chloíonn le forálacha Alt 6 den Acht; 

    • an ceart chun faisnéis phearsanta faoi/fúithi atá á coinneáil a cheartú nó a nuashonrú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus 

    • an ceart go dtabharfaí mínithe dó/di ar chinntí arna ndéanamh ag comhlachtaí poiblí a bhaineann leis/léi. 

    Leis na cearta sin, tar éis dáta áirithe (an 21 Aibreán 1998 i gcás na Leabharlainne Náisiúnta), is féidir le daoine rochtain a iarraidh ar fhaisnéis phearsanta a choinnítear maidir leo – is cuma cén uair a cruthaíodh an fhaisnéis sin – agus ar thaifid eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán 1998. 

     

    Cén chaoi a bhfeidhmíonn an tSaoráil Faisnéise? 

    Ceanglaíonn an tAcht ar chomhlachtaí poiblí freagra a thabhairt ar iarratais ón bpobal ar fhaisnéis atá á coinneáil acu. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí a gcinneadh a thabhairt maidir le hiarratas laistigh de thréimhse 4 seachtaine tar éis an iarraidh a fháil. 

     

    Cén chaoi ar féidir liom iarratas ar shaoráil faisnéise a dhéanamh le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann? 

    Ba cheart iarratas i scríbhinn nó i ríomhphost a chur chuig:

    An tSaoráil Faisnéise, 
    Leabharlann Náisiúnta na hÉireann,
    4 Sráid Chill Dara,
    Baile Átha Cliath 2
    Teil: +353 (1) 6030265 
    Ríomhphost: foi@nli.ie 

    Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith san iarratas: 

    • Ráiteas go bhfuil an t‑iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise; 

    • An oiread faisnéise agus is féidir faoi na taifid atá á lorg; 

    • An fhormáid inar mian leat aon taifid a scaoilfear a fháil (m.sh. mar fhótachóipeanna) 

    Tabharfar freagra tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis an tIarratas a fháil. 

     

    An féidir liom rochtain a fháil ar aon fhaisnéis atá á hiarraidh agam? 

    Tá na taifid seo a leanas faoi raon feidhme na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise: 

    • gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta atá á coinneáil ag an Leabharlann Náisiúnta, beag beann ar an uair a cruthaíodh iad 

    • gach taifead eile a cruthaíodh i ndiaidh dháta tosaithe an Achta um Shaoráil Faisnéise (21 Aibreán 1998) 

    • aon taifead eile a bhfuil gá leis chun taifead reatha a thuiscint, fiú má cruthaíodh an taifead sin roimh an 21 Aibreán 1998 

    • taifid phearsanra a bhaineann le baill foirne reatha a cruthaíodh i ndiaidh an 21 Aibreán 1995, agus taifid phearsanra a cruthaíodh roimh an dáta sin sa chás ina bhfuil siad á n‑úsáid nó ina bhfuil sé beartaithe iad a úsáid ar bhealach a dtéann i bhfeidhm, nó a bhféadfadh dul i bhfeidhm, ar bhealach diúltach ar an duine i gceist. 

    Mar sin féin, le gur féidir gnó a dhéanamh i gceart, uaireanta ní mór cineálacha áirithe faisnéise a dhíolmhú óna scaoileadh i gcásanna áirithe. Leagtar amach na cásanna sin san Acht. I measc na ndíolúintí is tábhachtaí, cuimsítear taifid a bhaineann leis na nithe seo a leanas: 

    • faisnéis faoi rún agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, 

    • faisnéis phearsanta (cé is moite d’fhaisnéis a bhaineann leis an duine ag a bhfuil an t‑iarratas á dhéanamh). 

    Is féidir go ndiúltófar d’iarratais freisin má mheastar go bhfuil siad rómhór nó nach bhfuil siad soiléir, ach tá dualgas ar an Leabharlann Náisiúnta cabhrú leis an iarrthóir é sin a réiteach. 

     

    An ngearrtar táille ar fhaisnéis a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise? 

    Ní ghearrtar aon táille ar iarratas a chur isteach. Maidir le hiarratais neamhphearsanta, is féidir táillí eile a ghearradh ar an am a chaitear chun teacht ar na taifid agus ar aon chostas atáirgthe a thabhaíonn an Leabharlann Náisiúnta chun an t‑ábhar a d’iarr tú a chur ar fáil (táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála).

    Nuair is lú an costas cuardaigh, atáirgthe agus cóipeála ná €101, ní ghearrtar aon táille.  Nuair is mó an costas cuardaigh, atáirgthe agus cóipeála ná €500 ach nuair is ísle é ná €700, gearrtar táille €500 ar a mhéad.  Nuair is mó an costas cuardaigh, atáirgthe agus cóipeála ná €700, is féidir leis an gcomhlacht diúltú an t‑iarratas a phróiseáil.

    Tabharfar sonraí duit i scríbhinn faoi na táillí iarbhír a ghearrfar ort as d’iarratas.  Ba cheart íocaíocht a dhéanamh le Ríomhaistriú Airgid nó le seic nó ordú poist iníoctha le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Déan teagmháil le foi@nli.ie chun sonraí bainc a fháil.  Tá liosta táillí ábhartha le fáil thíos: 

    Liosta táillí 

    • Ní ghearrtar aon táille ar iarratas a chur isteach 

    • Cuardach agus Aisghabháil – €20 in aghaidh na huaire (i gcás iarratais ar mó an costas cuardaigh, aisghabhála, agus cóipeála a bhaineann leo ná an táille íosta €100), faoi réir na n‑uasteorainneacha thuasluaite. 

    • €0.04 in aghaidh an leatháin fótachóipe 

    • Táille athbhreithnithe inmheánaigh – €30 (€10 dóibh siúd a bhfuil cárta leighis acu) 

    • Táille le hachomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise – €50 (€15 dóibh siúd a bhfuil cárta leighis acu) 

    Nótaí:

    1. Ní ghearrtar aon táille mura bhfuil sna taifid ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir amháin, ach amháin i gcás inarb ann do líon mór taifead. 

    2. Má tá táille laghdaithe iarratais á héileamh agat, ní mór duit uimhir chlárúcháin an Chárta Leighis a lua leis an iarratas, mar aon le hainm an Bhoird Sláinte a d'eisigh é agus toiliú uait na sonraí sin a dheimhniú leis an mBord sin. 

    3. Tá liosta iomlán táillí ar fáil ach é a iarraidh. 

     

    Céard ba cheart dom a dhéanamh mura bhfuil mé sásta leis an gcinneadh faoi m’iarratas ar shaoráil faisnéise? 

    Is féidir leat achomharc a dhéanamh i gcoinne aon chinnidh a dhéanann an Leabharlann Náisiúnta ach scríobh chuig an Aonad Saorála Faisnéise, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath 2, agus athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar an scéal. D'fhéadfadh táille €30 (€10 i gcás daoine a bhfuil cárta leighis acu) a bheith i gceist le hachomharc den sórt sin a dhéanamh. Ní ghearrfar aon táille as iarratais ar athbhreithniú inmheánach a bhaineann le faisnéis phearsanta amháin nó le cinneadh maidir le táille nó éarlais a ghearradh. 

    Ba cheart an t‑achomharc a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine tar éis dháta an fhreagra (ach ceadófar achomhairc dhéanacha i gcásanna áirithe). Déanfaidh ball foirne níos sinsearaí sa Leabharlann athbhreithniú iomlán ar an gcás faoin achomharc, agus cuirfear cinneadh in iúl duit laistigh de thréimhse trí seachtaine. 

     

    Céard a tharlóidh mura mbeidh mé sásta le cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh? 

    Is ceadmhach duit achomharc a dhéanamh laistigh de shé mhí ach scríobh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Má dhéanann tú achomharc, déanfaidh an Coimisinéir Faisnéise imscrúdú agus breithniú iomlán ar an ábhar agus eiseoidh sé cinneadh nua.

    Ba cheart gach achomharc a sheoladh chuig: 

    An Coimisinéir Faisnéise,
    18 Sráid Líosain Íochtarach,
    Baile Átha Cliath 2
    Teil: +353 (1) 639 5689
    Íosghlao: 1890 22 30 30
    Facs: +353 (1) 639 5674
    Ríomhphost: info@oic.ie 

    D'fhéadfadh táille €50 (€15 i gcás daoine a bhfuil cárta leighis acu) a bheith i gceist le hiarratas den sórt sin a dhéanamh. Arís, ní ghearrfar aon táille as achomhairc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise a bhaineann le faisnéis phearsanta amháin nó le cinneadh maidir le táille nó éarlais a ghearradh. 

     

    An féidir liom cabhair a fháil chun iarratas a dhéanamh? 

    Beidh. Má bhíonn cabhair uait, beidh an fhoireann san Aonad Saorála Faisnéise sásta cabhrú leat chun d’iarratas a scríobh.

     

    An gá dom iarratas ar shaoráil faisnéise a dhéanamh le faisnéis a fháil ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann? 

    Cuireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann faisnéis ar fáil don phobal go tráthrialta trí bhileoga faisnéise, foilseacháin, srl. Leanfar den nós sin. Bealach eile í an tSaoráil Faisnéise le rochtain a éascú ar thaifid nach gcuirtear ar fáil sa ghnáthchúrsa. 

     

    Cá háit ar féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil ar an tSaoráil Faisnéise? 

    Tá faisnéis bhreise ar an tSaoráil Faisnéise le fáil ó: 

    An Coimisinéir Faisnéise,
    18 Sráid Líosain Íochtarach,
    Baile Átha Cliath 2
    Teil: +353 (1) 639 5689
    Íosghlao: 1890 253 238
    Facs: +353 (1) 639 5674 
    Ríomhphost: info@oic.gov.ie 

    An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe,
    An Láraonad Beartais,
    Urlár 3,
    7-9 Rae Mhuirfean,
    Baile Átha Cliath 2 
    Teil: +353 (1) 631 8258
    Facs: +353 (1) 604 5750
    Ríomhphost: cpu@per.gov.ie 

    Tá faisnéis níos cuimsithí ar an tSaoráil Faisnéise, lena n‑áirítear téacs an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, le fáil ar www.foi.gov.ie.

     

    Tuilleadh faisnéise

     

     

      2023 2022 2021
    Cuairteanna fisiceacha ar NLI      
    Cuairteoirí  190,721 166,364 29,617
    Taighdeoirí  19,918 12,045 3,246
    Cuairteanna ar líne      
    Comhcheangailte le haghaidh gach láithreán gréasáin NLI* 927,104* 1,263,116 1,536,298

    * nli.ie, registers.ie, sources.ie agus nli catalóg ar líne

    * Titim i gcuairteanna ar líne de bharr athrú (Márta 2023) de sholáthraithe anailíse, rud a chuir isteach ar fhigiúirí taifeadta.