Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol

Mionghné taobh amuigh de Phríomhfhoirgneamh na Leabharlainne NLI

Cad is AIE ann?

Tugtar cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag lorg faisnéis faoin gcomhshaol ó chomhlachtaí poiblí i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007. Tháinig na rialacháin sin i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2007 agus leasaíodh iad le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) (Leasú) 2011 agus 2014. 

 

Cad is féidir liom a iarraidh?

Is féidir leat faisnéis chomhshaoil a iarraidh atá á coinneáil ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann nó atá á coinneáil thar a ceann. Sainmhínítear faisnéis chomhshaoil i rialacháin AIE agus cinneann sé cad atá ar fáil faoi na rialacháin AIE.

 

Conas a dhéanaim iarratas AIE chuig an Leabharlann?

Más mian leat faisnéis a lorg faoin gcomhshaol faoi rialacháin AIE, beidh ort d’iarratas a dhéanamh i scríbhinn tríd an ríomhphost chuig aie@nli.ie nó tríd an bpost chuig: 

Oifigeach AIE,
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann,
4 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 A322 
Ríomhphost: aie@nli.ie 

 I do chomhfhreagras ba chóir duit:

  • A lua go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi Rialacháin AIE.
  • D’ainm, seoladh agus aon sonraí teagmhála ábhartha eile a thabhairt.
  • A insint dúinn ar bhealach chomh sonrach agus is féidir cén fhaisnéis chomhshaoil atá uait agus cén fhormáid is fearr leat.

 

Conas a dhéileálfaidh an Leabharlann le m’iarratas?

Admhóidh a Leabharlann go bhfuarthas d’iarratas laistigh de dheich lá oibre.

Déanfaidh an Leabharlann gach iarracht freagra a thabhairt laistigh de mhí amháin tar éis d’iarratas a fháil. Murar féidir linn an t-amlíne sin a chomhlíonadh, scríobhfaimid chugat taobh istigh de mhí lena chur in iúl duit cathain a eiseofar freagra. Eiseofar an freagra tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an t-iarratas a fháil i gcomhréir le rialacháin AIE.

Má tá tú míshásta leis an gcéad fhreagra nó mura bhfuil freagra faighte agat laistigh den amfhráma cuí, is féidir leat iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach i scríbhinn chuig an Oifigeach AIE tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an freagra bunaidh a fháil.

An t-oifigeach de chuid na Leabharlainne a bheidh i mbun an athbhreithnithe inmheánaigh, scríobhfaidh sé nó sí chugat laistigh de mhí amháin ón dáta a bhfuarthas an t-iarratas ar athbhreithniú agus míneoidh sé toradh an athbhreithnithe.

Mura mbeidh tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, féadfaidh tú iarratas ar athbhreithniú neamhspleách a chur chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil chun tuilleadh sonraí a fháil.  

 

Cad iad na táillí atá iníoctha maidir le m’iarratas AIE?

Níl aon táille iarratais iníoctha as iarratas ar fhaisnéis a chur isteach faoi rialacháin AIE.  

De réir na rialachán, féadfaidh an Leabharlann táille réasúnta a ghearradh as taifid/faisnéis a sholáthar maidir le d’iarratas, lena n-áirítear an costas a bhaineann le tiomsú, fótachóipeáil, priontáil agus postas.

Tá táillí na Leabharlainne socraithe mar seo a leanas:

  • Fótachóip: €0.04 in aghaidh na bileoige
  • CD-Rom: €10.00

Féadfar na táillí sin a tharscaoileadh nuair a mheastar gur lú ná €10 an costas iomlán a bhaineann le faisnéis/taifid a sholáthar. Níl aon táille iníoctha más mian leat leaganacha leictreonacha den fhaisnéis/de na taifid a fháil tríd an ríomhphost. Cuirfear in iúl duit aon táillí atá iníoctha sa litir fhreagartha ar d’iarratas.

Níl aon táille iarratais ar athbhreithniú inmheánach.

Tá táille iníoctha leis an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil as athbhreithniú neamhspleách. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil chun tuilleadh sonraí a fháil.  

 

Cá háit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil?

Tá faisnéis ghinearálta maidir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014 le fáil ar shuíomhanna gréasáin na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil.

Tá Bunachar Sonraí Náisiúnta Staitisticí AIE, a bhfuil faisnéis maidir leis an Leabharlann ann, ar fáil anseo.

 

Cúnamh le hiarratais a dhéanamh

Má tá aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach AIE tríd an ríomhphost ag aie@nli.ie.