Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Beartas maidir le Fianáin

Ceiribín múnlaithe sa mhionghné maisiúcháin i bPhríomhsheomra Léitheoireachta NLI

An beartas seo i dtaobh fianán, tá feidhm aige maidir le www.nli.ie agus le haon cheann dá fhofhearainn.

Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus a urramú. Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin chun idirdhealú a dhéanamh idir tusa agus daoine eile a úsáideann an suíomh. Cuidíonn sé sin linn féachaint chuige go mbainfidh tú tairbhe as do sheisiún brabhsála ar an suíomh gréasáin agus cuireann sé ar ár gcumas dúinn freisin an suíomh a fheabhsú. Is féidir leat gach fianán ar ár suíomh gréasáin a dhiúltú ach amháin iad siúd a aicmítear mar fhianáin éigeantacha.

Is comhaid bheaga téacs iad fianáin ar féidir iad a úsáid i suíomh gréasáin chun cur le heispéireas an úsáideora. Is comhad beag ina bhfuil litreacha agus uimhreacha é fianán a stórálaimid ar do bhrabhsálaí nó ar thiomántán crua do ríomhaire má thoilíonn tú leis sin. Bíonn faisnéis sna fianáin a aistrítear chuig tiomántán crua do ríomhaire. Ligeann siad do chuideachtaí feidhmeanna an tsuímh gréasáin a chur in oiriúint d’úsáideoirí, ar nós cuimhneamh ar shonraí logála isteach agus gluaiseachtaí laistigh de shuíomh gréasáin a rianú chun féachaint cé na leathanaigh a bhfuil tóir orthu agus a chur ar a cumas do chuideachta suíomh gréasáin níos fearr a chruthú dá húsáideoirí.

Déantar fianáin a rangú sna catagóirí seo a leanas:

 

Fianáin éigeantacha

Is fianáin iad seo atá ag teastáil chun an suíomh gréasáin a fheidhmiú. Áirítear leo, mar shampla, fianáin a chuireann ar do chumas logáil isteach i limistéir shlána dár suíomh gréasáin.

 

Fianáin roghanna

Leis na fianáin roghanna, bíonn an suíomh gréasáin in ann cuimhneamh ar fhaisnéis a athraíonn an chaoi a bhfeidhmíonn an suíomh gréasáin nó an chuma atá air, amhail do rogha teanga nó an réigiún ina bhfuil tú.

 

Fianáin staitisticí

Cuidíonn fianáin staitisticí le húinéirí suímh gréasáin teacht ar thuiscint ar an gcaoi a mbíonn cuairteoirí ag idirghníomhú le suímh ghréasáin trí fhaisnéis anaithnide a bhailiú agus a thuairisciú.

 

Fianáin mhargaíochta

Úsáidtear fianáin mhargaíochta chun cuairteoirí a rianú agus iad ag brabhsáil ar shuímh ghréasáin. Is éard atá i gceist leo fógraí a thaispeáint atá ábhartha agus tarraingteach don úsáideoir aonair agus mar sin ar mó a luach d’fhoilsitheoirí agus d’fhógróirí tríú páirtí.

Úsáideann an suíomh gréasáin seo fianáin chun ábhar a phearsantú, chun gnéithe meán sóisialta a sholáthar agus chun anailís a dhéanamh ar ár dtrácht. Chomh maith leis sin, roinnimid faisnéis anaithnid lenár gcomhpháirtithe anailíse faoin gcaoi a n-úsáidtear an suíomh. 

Faoin dlí, is féidir linn fianáin a stóráil ar do ghléas má tá siad de dhíth ionas go bhfeidhmeoidh an suíomh – sin iad na fianáin éigeantacha. Teastaíonn do chead uainn le haghaidh fianáin de chineál ar bith eile.

I gcás roinnt fianán, is seirbhísí tríú páirtí atá le feiceáil ar ár leathanaigh a chuir ar an suíomh iad. Gheofar tuilleadh faisnéise faoi na fianáin a úsáidimid agus na cuspóirí atá againn ina leith sa tábla thíos.

Bainimid úsáid as na fianáin seo a leanas:

Ainm an Fhianáin

Cuspóir

Soláthraí

Marthanacht

Aistriú Sonraí

Catagóir

VUFIND_SESSION

Coinníonn sé staid seisiúin an chuairteora mar atá le linn iarrataí éagsúla ar leathanach.

NLI

Fianán Seisiúin

Éire

Riachtanach

PHP_SESSID

Coinníonn sé staid seisiúin an chuairteora mar atá le linn iarrataí éagsúla ar leathanach.

NLI

Fianán Seisiúin

Éire

Riachtanach

_parish_registers
_session

Coinníonn sé staid seisiúin an chuairteora mar atá le linn iarrataí éagsúla ar leathanach.

NLI

Fianán Seisiúin

Éire

Riachtanach

cc_cookie

Stórálann sé rogha an chuairteora maidir le fianáin

NLI

Fianán Seisiúin

Éire

Riachtanach

ui

Stores the visitor's UI preference

NLI

Fianán Seisiúin

Éire

Riachtanach

complianceCookie

Stórálann sé rogha an chuairteora maidir le fianáin

NLI

Fianán Seisiúin

Éire

Riachtanach

_nli-starter_session

Coinníonn sé staid seisiúin an chuairteora mar atá le linn iarrataí éagsúla ar leathanach.

NLI

Fianán Seisiúin

Éire

Riachtanach

_psr_rails_session

Coinníonn sé staid seisiúin an chuairteora mar atá le linn iarrataí éagsúla ar leathanach.

NLI

Fianán Seisiúin

Éire

Riachtanach

_pk_id.

Úsáidtear fianáin chun roinnt sonraí a stóráil faoin úsáideoir ar nós uimhir aitheantais uathúil an chuairteora

Matomo

13 mhí

Bunaithe san AE

Anailísíocht

_pk_ses.

Fianáin ghearrthréimhseacha a úsáidtear chun sonraí a stóráil go sealadach don chuairt.

Matomo

30 nóiméad

Bunaithe san AE

Anailísíocht

_pk_ref.

Stórálann sé an fhoinse tráchta nó an feachtas a mhíníonn conas a shroich an t-úsáideoir an suíomh.

Matomo

6 mhí

Bunaithe san AE

Anailísíocht

CONSENT

 

Youtube

1 bliain 9 mhí

 

Riachtanach

DEVICE_INFO

 

Youtube

6 mhí

 

Riachtanach

VISITOR_INFO1_LIVE

 

Youtube

3 mhí

 

Riachtanach

YSC

 

Youtube

Seisiúin

 

Riachtanach

sc_anonymous_id

 

SoundCloud

10 bhliain

 

Riachtanach

 

Féadfaidh tú, tráth ar bith, do thoiliú i leith an Dearbhaithe Fianán ar ár suíomh Gréasáin a athrú nó a tharraingt siar.

Ina theannta sin, féadfaidh tú a roghnú cé acu is mian leat glacadh le fianáin nó nach mian trí shocruithe do bhrabhsálaí a athrú. Mar sin féin, má úsáideann tú socruithe do bhrabhsálaí chun gach fianán a bhlocáil (lena n-áirítear fianáin fhíor-riachtanacha), seans nach mbeidh tú in ann dul chuig an suíomh ar fad nó cuid de. Cuireann brabhsálaithe éagsúla rialuithe éagsúla ar fáil duit agus mar sin tá naisc againn thíos chuig roinnt brabhsálaithe coitianta, mar aon le treoracha ina dtaobh.

Tá tuilleadh eolais sa Ráiteas maidir le Príobháideachas Sonraí faoi cé muid féin, conas teagmháil a dhéanamh linn agus conas a phróiseálaimid sonraí pearsanta.