Cartlann Aerach na hÉireann

Is ionann Cartlann Aerach na hÉireann agus cartlann bheo ina bhfuil bailiúchán cuimsitheach d’ábhar a bhaineann le homaighnéasacht, stair agus litríocht LADT.
Cuireann Cartlann Aerach na hÉireann léargas fíorspéisiúil agus luachmhar ar fáil dúinn maidir le stair shóisialta, chultúrtha agus pholaitiúil na bpobal LADT in Éirinn sa chomhthéacs idirnáisiúnta ó lár an 20ú haois go dtí tús an 21ú haois. Thiomnaigh Cónaidhm Náisiúnta na nAerach (ar a thugtar NXF anois) an príomhbhailiúchán ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in 2008. Ina riocht mar chartlann bheo, bíonn an Leabharlann an-bhuíoch as tiomnachtaí bainteach d’ábhar a fháil ó ghrúpaí ionadaíocha agus ó dhaoine aonair.
San áireamh sa bhailiúchán seo, ina bhfuil taifid eagraíochtúla den chuid is mó, tá páipéir an Chónaidhm Náisiúnta LADT (NXF), Lesbians Organising Together (LOT), Out Magazine, Fhéile Scannán Leispiach agus Aerach Bhaile Átha Cliath (GAZE), Alternative Miss Ireland, Sexual Liberation Movement (SLM), Gay Health Action (GHA), páipéir na Gluaiseachta ar son Cearta Daoine Aeracha in Éirinn, Union for Sexual Freedoms in Ireland (USFI), GLEN, Dublin LGBT Pride, Gays Against Imperialism, GCN, agus eagraíochtaí eile
I dteannta na dtaifead cartlainne, tá ábhar priontáilte lena n-áirítear tréimhseacháin agus monagraif náisiúnta agus idirnáisiúnta, chomh maith le gearrthóga nuachtáin ó na 1960idí go dtí blianta luatha na haoise seo. I measc na n-ábhar atá fós gan chatalógú tá míreanna scannáin agus fuaime, grianghraif agus sleamhnáin, fógráin, póstaeir, suaitheantais agus ábhar gearrshaolach eile.
Ag teacht go maith le Bailiúchán NLI d’ábhar i gCartlann Aerach na hÉireann (IQA) tá bailiúchán de shuíomhanna gréasáin againn agus iad caomhnaithe i gCartlann Ghréasáin na Leabharlainne. San áireamh sa bhailiúchán seo tá suíomhanna gréasáin a rinneadh taifead orthu le linn na bhfeachtas a bhí ar siúl i gcaitheamh an Reifrinn um Chomhionannas Pósta in 2015. Is féidir teacht ar an mbailiúchán 47 shuíomh gréasáin seo i gCartlann GhréasáinNLI.
Roinnt íomhánna ón mbailiúchán

An ad for Gay Switchboard. In Touch newsletter, Irish Gay Rights Movement (IGRM). Late 1970s-early 1980s.

Pre-publicity flyer for Out magazine, published in Dublin, Winter 1984.

Panti at the Dublin Pride March, 2003. Photograph: Chrisopher Robson.

In June 1974 Belfast's Gay Liberation Society (GLS) published its ground-breaking pamphlet "Gay Forum: Seven Essays on Homosexuality".

Flikkers 5th annual Hallowe'en Ball 1987. A5 monochrome flyer designed by Maricon.

"Last House" on Thursday, July 24th, 1975, was RTÉ's weekly look at "summer season happenings with emphasis on people and entertainment". Produced by John McColgan.

"Local Elections" by Walter Kilroy, in OUT magazine, June/July 1985, p. 16.

Lesbian/Gay Pride Week 1984: Rally at GPO, Sat 30th June 1984. Photograph: Tony O'Shea.

2nd International Gay Youth Congress, 1985. Dublin. Photographed by Thomas Anthony O'Shea.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Chartlann Aerach na hÉireann, déan teagmháil le mqueries@nli.ie
nó léigh tuilleadh faoin mbailiúchán inár gcatalóg