Poetry Aloud

Comórtas bliantúil filíochta labhartha is ea Poetry Aloud atá oscailte do gach scoláire iar‑bhunscoile ar oileán na hÉireann. Eagraíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Éigse Éireann é le tacaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Déanann Poetry Aloud ceiliúradh ar an lúcháir a bhaineann le filíocht a rá agus éisteacht léi i measc daltaí iar-bhunscoile ar oileán na hÉireann.
Cuireann Poetry Aloud filíocht labhartha i láthair na scoláirí, rud a chothaíonn muinín agus bród as ár n-oidhreacht scríofa.
Foghlaimíonn rannpháirtithe i dtrí chatagóir (Sóisearach, Idirmheánach agus Sinsearach) dán forordaithe amháin agus dán amháin dá rogha féin as bailiúcháin roghnaithe agus téann siad san iomaíocht ag babhtaí réigiúnacha, babhtaí leathcheannais agus ag an mbabhta ceannais náisiúnta i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Tá iar-rannpháirtithe de chuid Poetry Aloud le feiceáil ag léamh litreacha agus dánta i bpíosaí a taifeadadh le haghaidh taispeántais sa leabharlann. Ghlac cuid acu páirt in imeachtaí comórtha sa Leabharlann agus in imeachtaí eile a d’eagraigh Éigse Éireann, agus chuaigh cuid eile acu isteach san aisteoireacht agus san fhilíocht mar ghairm.
Stair Poetry Aloud
Cuireadh tús leis an gcomórtas náisiúnta mar Yeats Aloud siar in 2006 agus athraíodh an t-ainm go Poetry Aloud in 2007. Tá na mílte iontrálacha faighte ó shin i leith.
Thacaigh Seamus Heaney, nach maireann, le Poetry Aloud agus bhí an méid seo le rá aige mar gheall air: “Tugann sé an fhilíocht isteach i gcuimhne agus i gcroí na n-óg ar bhealach a fhanfaidh leo ar feadh an tsaoil”. Nuair a bhuaigh sé Gradam David Cohen as Gaisce Saoil sa Litríocht, d’ainmnigh sé Poetry Aloud le haghaidh Ghradam Clarissa Luard.
An chaoi a n-oibríonn sé
Ritheann Poetry Aloud ó Mheán Fómhair go Nollaig.
Bíonn trí chatagóir ann:
- Sóisearach: An 1ú bliain agus an 2ú bliain i bPoblacht na hÉireann agus bliain 8, bliain 9 agus bliain 10 i dTuaisceart Éireann
- Idirmheánach: An 3ú bliain agus an 4ú bliain i bPoblacht na hÉireann agus bliain 11 agus bliain 12 i dTuaisceart Éireann
- Sinsearach: An 5ú bliain agus an 6ú bliain i bPoblacht na hÉireann agus an 6ú bliain agus an 7ú bliain i dTuaisceart Éireann
Bíonn babhtaí réigiúnacha, babhtaí leathcheannais agus babhta ceannais náisiúnta ann gach bliain.
In 2020 agus 2021 reáchtáladh Poetry Aloud mar chomórtas fíorúil.
In 2022, ba chomórtas fíorúil an chéad bhabhta den chomórtas.
Lean ort ag scrollú le breathnú ar thaifeadtaí den chomórtas san am atá thart.