Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Beartas maidir le hÚsáid an Láithreáin

Síleáil Phríomhsheomra Léitheoireachta NLI

Úsáid a bhaint as Ábhar ón Suíomh Gréasáin

Is féidir teacht ar a bhfuil ar shuíomh gréasáin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus é a íoslódáil ar bhonn sealadach le haghaidh úsáid phearsanta. Tá na gníomhartha seo a leanas toirmiscthe, áfach, maidir le haon ábhar atá le feiceáil ar an suíomh gréasáin seo:

  • é a chur ar taispeáint don phobal nó a léiriú os comhair an phobail
  • aon ábhar a fuarthas ón suíomh gréasáin nó atá bunaithe air a ligean ar cíos nó a thabhairt ar iasacht
  • macasamhlú neamhúdaraithe de chineál ar bith, lena n-áirítear ábhar a fháil ón suíomh agus/nó é a stóráil in aon chóras aisghabhála nó é a chuimsiú in aon ríomhchlár nó saothar eile

 

Cóipcheart agus Macasamhlú

Tabhair faoi deara gur ag NLI agus ag úinéirí cóipchirt eile arna sonrú atá an cóipcheart san ábhar go léir a chuimsíonn an suíomh gréasáin seo nó atá ar an suíomh gréasáin seo. Ó thaobh saothair ealaíne de, má tá an t-ealaíontóir beo nó má tá níos lú ná 70 bliain imithe tharainn ó fuair sé nó sí bás, beidh cóipcheart ar leithligh sa saothar féin de bhreis ar an gcóipcheart a bhaineann lena mhacasamhlú digiteach ar an suíomh gréasáin seo.

I gcomhair tuilleadh faisnéise faoi chóipeanna údaraithe a fháil d’ábhar de chuid NLI, féach ar an leathanach maidir le Seirbhísí Cóipeála. I gcomhair tuilleadh faisnéise maidir le cead a fháil i dtaobh ábhar de chuid NLI a mhacasamhlú, féach ar an leathanach atá againn maidir le Cead Ábhar a Athúsáid.

 

Séanadh

Urramaíonn NLI na cearta maoine intleachtúla atá ag daoine eile. Mar sin rinneamar gach iarracht réasúnach a chinntiú, i gcás macasamhlú na n-ábhar go léir ar na leathanaigh seo (lena n-áirítear íomhánna, téacs, físeáin agus fuaim, ach gan a bheith teoranta dóibh sin), gur le toiliú iomlán ó úinéirí cóipchirt a dhéantar sin. Má tá aon cheist agat maidir leis sin, déan teagmháil leis an Rannóg Forbartha agus Cumarsáide ag development@nli.ie.

Agus an suíomh gréasáin á chur le chéile, bhíothas an-chúramach a bheith cruinn. Nuair a chuirtear botúin nó easnaimh ar ár súile dúinn, déanfar leasuithe chomh tapa agus is féidir. Ní ghlacann NLI le haon dliteanas, áfach, as caillteanas díreach nó caillteanas iarmhartach a tharlóidh don úsáideoir a eascraíonn as aon rud ar an suíomh seo nó as aon bhotún nó easnamh atá ann.

Ní thugann NLI baránta ar bith go mbeidh seirbhís gan bhriseadh ar an suíomh gréasáin seo nó nach bhfuil aon bhotún ar an suíomh.

Ní gá gur formhuiniú ó NLI d’aon táirgí, seirbhísí, beartais nó tuairimí de chuid eagraíochta nó duine aonair é nascadh le suímh ghréasáin sheachtracha.