Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Treoirlínte Láimhsithe Airigh

Íomhá de lámha agus greim acu ar leabhar ar chúisín

Cloígh leis na treoirlínte seo a leanas agus tú ag láimhsiú ábhair ó bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Ábhair a úsáid inár seomraí léitheoireachta

  • Tá cosc ar bhia agus deoch sna seomraí léitheoireachta
  • Ná húsáidtear ach pinn luaidhe nó ríomhairí le nótaí a bhreacadh
  • Bí cinnte go bhfuil do lámha glan, tirim agus saor ó lóis
  • Ná scríobh ar aon ábhair de chuid na leabharlainne, ná cuir brú orthu agus ná leag aon earraí eile orthu
  • Bíodh spás oibre slachtmhar agat

 

Leabhair nó imleabhair lámhscríbhinní a láimhsiú go haireach

  • Ná hoscail imleabhair agus iad ina luí cothrom ar an tábla. Ba chóir imleabhair a chur ar chúisín agus tromáin pháipéir (tromáin “nathrach”) nó tromáin bheaga mar thaca fúthu, más gá. 
  • Ná fág imleabhar oscailte in am ar bith agus é béal faoi
  • Más gá duit an áit a bhfuil tú ag obair san imleabhar a lipéadú ar bhealach, iarr duillín gan aigéad ar bhall foirne
  • Ná tóg imleabhair agus ná cuir ar do ghlúin iad
  • Ná cuir brú choíche ar imleabhar, ná cuir do chuid nótaí air agus ná leag do mhéara ar an téacs
  • Ná húsáid brú díreach le haon imleabhar a oscailt níos mó ná a shrianadh
  • Ná marcáil na leathanaigh agus ná scríobh nótaí orthu
  • Má bhíonn bosca ceithre fhlapa (bosca céimnithe) ag gabháil leis an imleabhar, déan cinnte de go bhfuil an t-imleabhar curtha ar ais i gceart sa bhosca agat sula dtabharfaidh tú ar ais é ag an gcuntar

 

Míreanna scaoilte a ghabhann le lámhscríbhinní a láimhsiú go haireach

  • Ba chóir na míreanna a leagan go cothrom leibhéalta agus a choinneáil laistigh de theorainneacha an fhillteáin
  • Ná tóg míreanna, ná cuir ar do ghlúin iad agus ná hiompair thart sa seomra iad
  • Ná cuir brú ar an mír, ná cuir do chuid nótaí uirthi agus ná leag do mhéara ar an téacs inti
  • Ná marcáil na leathanaigh agus ná scríobh nótaí orthu
  • Tá cosc ar mhíreanna a bheith ag gobadh amach thar imeall an tábla
  • Ná húsáid brú díreach le haon mhír a oscailt níos mó ná a shrianadh
  • Úsáid tromáin pháipéir (tromáin “nathrach”) nó tromáin bheaga más gá
  • Más mír uimhrithe atá i gceist, ní mór í a choinneáil san ord uimhreach ceart san fhillteán
  • Agus an fillteán á thabhairt ar ais agat go dtí an cuntar, bí cinnte go bhfuil na míreanna leabaithe mar is ceart ann

 

Treoirlínte don ghrianghrafadóireacht dhigiteach

Tá cead agat ceamara digiteach a úsáid, an ceamara ar d’fhón nó táibléad san áireamh.

Cloígh leis na rialacha seo a leanas le féachaint chuige go mbeidh na bailiúcháin sábháilte:

  • Ná húsáid splanc-ghrianghrafadóireacht
  • Bíodh achar oiriúnach idir an ceamara agus an mhír i dtólamh
  • Agus grianghraif á nglacadh agat, déan cinnte nach bhfuil seodra ná éadaí i dteagmháil leis na míreanna
  • Cas na leathanaigh i míreanna móra go cúramach

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an mbail atá ar mhír nó‚ má bhíonn cabhair nó comhairle uait, ná bíodh aon drogall ort labhairt lenár mbaill foirne sna seomraí léitheoireachta.