Faisnéis Chorparáideach

Is féidir faisnéis faoinár struchtúr Rialachais, straitéis Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus ár mbeartais agus tuarascálacha corparáideacha a fháil thíos.
Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
“an t-ábhar leabharlainne atá i mbailiúchán na Leabharlainne a chaomhnú, a athchóiriú, a chothabháil agus a mhéadú chun sochair don phobal agus taifead ar ábhar leabharlainne (lena n-áirítear ábhar a bhaineann leis an nGaeilge) i ndáil le hÉirinn a bhunú agus a chothabháil agus cur leis an rochtain a sholáthraítear do dhaoine den phobal ar ábhar a bhaineann le tíortha eile.”
Cathaoirleach: Eoin McVey
Leas-Chathaoirleach: An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh
Faigh tuilleadh eolais faoi bhaill Bhord an NLI anseo.
Miontuairiscí Boird ceadaithe:
2025:
2024:
2023:
2022:
2021:

Pictured at Queens University Belfast are the Director and Board members of the NLI along with representatives from Queens University Belfast
Tugann na Coistí cúnamh agus comhairle don Bhord
An Coiste Comhairleach do Léitheoirí: cuidíonn agus tugann comhairle don Bhord maidir le seirbhísí NLI.
Cathaoirleach: Lorelei Harris
Baill:
Lian Bell
Michael Diviney
Harry Hughes
Liam O’Brien
An tOllamh Mary O’Dowd
An Coiste um Ghinealas agus Araltas: cuidíonn agus tugann comhairle don Bhord maidir le feidhmeanna, ginealas agus heraldaíocht an NLI.
Cathaoirleach: John Grenham
Baill:
An Dr Marie Bourke
Catriona Crowe
Lisa Grimm
Tony Hennessy
Nicola Morris
An Dr Rachel Murphy
An tOllamh Kalpana Shankar
Ex-officio:
An Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir
An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca: cúnamh agus comhairle a thabhairt don Bhord maidir le riosca, rialú, rialachas agus dearbhuithe gaolmhara an NLI.
Cathaoirleach: An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh
Baill:
Denis O’Connor
An tOllamh Philip O'Regan
Catriona Sharkey
Genevieve Wyeth
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Coistí trí ríomhphost a sheoladh chuig boardandcommittees@nli.ie
Is é an Stiúrthóir an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin a bhainistíonn an NLI i gcoitinne.
Stiúrthóir Reatha: An Dr Audrey Whitty
Stiúrthóirí roimhe seo:
An Dr Sandra Collins 2015-2022
Fiona Ross 2010-2014
Aongus Ó hAonghusa 2003-2009
Brendan O Donoghue 1997-2003
Seán Cromien 1997
An Dr Patricia Donlon 1989-1997
Michael Hewson 1982-1988
Alf MacLochlainn 1976-1982
An Dr Patrick Henchy 1967-1976
An Dr Richard J. Hayes 1940-1967
An Dr Richard Irvine Best 1924-1940
An Dr Robert Lloyd Praeger 1920-1924
Thomas W. Lyster 1895-1920
William Archer 1878-1895
Cuimsíonn an Fhoireann Ceannaireachta an Stiúrthóir agus gach ceann de ranna an NLI.
Is é cuspóir na Foirne Ceannaireachta straitéis an NLI a fhorbairt agus a thiomáint go rathúil i bhfeidhm, bunaithe ar shaineolas na foirne, agus ceannaireacht a léiriú trí chinnteoireacht chomhchoiteann agus freagracht chomhroinnte.
Stiúrthóir: An Dr Audrey Whitty
Ríomhphost: awhitty@nli.ie
Teileafón: 01 60 30 267
Leas-Stiúrthóir agus Ceannasaí na nEastát: Brian O'Donnell
Ríomhphost: bodonnell@nli.ie
Teileafón: 01 60 30 240
Ceannasaí Cumarsáide agus Forbartha: Liz Coffey
Ríomhphost: ecoffey@nli.ie
Teileafón: 01 60 30 250
Ceannasaí na mBailiúchán Digiteach: Eoghan Ó Carragáin
Ríomhphost: eocarragain@nli.ie
Teileafón: 01 60 30 219
Ceannasaí Taispeántas, Foghlama agus Cláreagraithe: An Dr Sinéad McCoole
Ríomhphost: smccoole@nli.ie
Teileafón: 01 60 30 284
Ceannasaí Airgeadais agus Príomhoifigeach Riosca: Kathleen Ruane
Ríomhphost: kruane@nli.ie
Teileafón: 01 60 30 266
Ceannasaí na nAcmhainní Daonna: Katy Lumsden
Ríomhphost: klumsden@nli.ie
Teileafón: 01 60 30 310
Ceannasaí na mBailiúchán Foilsithe: Eoin McCarney
Ríomhphost: emccarney@nli.ie
Teileafón: 01 60 30 223
Ceannasaí Soláthair Seirbhíse: Sandra McDermott
Ríomhphost: smcdermott@nli.ie
Teileafón: 01 60 30 227
Ceannasaí na mBailiúchán Speisialta: Crónán Ó Doibhlin
Ríomhphost: codoibhlin@nli.ie
Teileafón: 01 60 30 230
Leagtar amach i straitéis Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ár misean, ár bhfís agus ár luachanna agus ár gcuspóirí straitéiseacha don tréimhse 2022-2026.
NLI Strategy 2022-2026 (PDF 2.9MB)
- Beartas maidir le hÚsáid Inghlactha (PDF, 301KB)
Beartas um Chaomhnú Digiteach 2023 (PDF 171KB) - Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol
- Cód Iompraíochta an Bhoird (PDF, 246KB)
- Beartas Gaeilge (PDF, 287KB)
- Beartas maidir le TCI (PDF, 1MB)
- Beartas um Chosaint Leanaí, 2021 (PDF, 402KB)
- Beartas um Chumhdach Leanaí, 2021 (PDF, 207KB)
- Beartas Forbartha Bailiúchán 2022 (PDF, 387KB)
- Cairt Custaiméirí (PDF, 556KB)
- An Beartas um Nochtadh Cosanta (PDF, 749KB)
- Plean Gníomhaíochta Seirbhíse (PDF, 368KB)
- Beartas maidir leis na Meáin Shóisialta
Nochtadh Cosanta
An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta - 2024 (PDF 135KB)
An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta - 2022 (PDF )
An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta – 2021 (PDF 391KB)
An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta – 2020 (PDF 402KB)
An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta – 2019 (PDF 87KB)
An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta – 2018 (PDF 88KB)
Tuarascálacha Bliantúla
Tuarascáil Bhliantúil – 2023 (PDF 2.7MB)
Tuarascáil Bhliantúil - 2022 (PDF 2MB)
Tuarascáil Bhliantúil – 2021 (PDF 3MB)
Tuarascáil Bhliantúil – 2020 (PDF 87KB)
Tuarascáil Bhliantúil – 2019 (PDF 87KB)
Íocaíochtaí prasa
Tuairisceán maidir le híocaíochtaí Prasa, R2 2025 (PDF 91 KB)
Tuairisceán maidir le híocaíochtaí Prasa, R1 2025 (PDF 130 KB)
Tuairisceán maidir le híocaíochtaí Prasa, R1-4 2024 (PDF 558 KB)
Tuairisceán maidir le híocaíochtaí Prasa, R1-4 2023 (PDF 695 KB)
Tuairisceán maidir le hÍocaíochtaí Prasa, R1-4 2022 (PDF 1.24MB)
Tuairisceán maidir le hÍocaíochtaí Prasa, R1-4 2021 (PDF 512KB)
Tuairisceán maidir le hÍocaíochtaí Prasa, R1-4 2020 (PDF 480KB)
Tuairisceán maidir le hÍocaíochtaí Prasa, R1-4 2019 (PDF 488KB)
Íocaíochtaí os cionn €20,000
Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1, 2025 (PDF 157KB)
Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1-R4, 2024 (PDF 1MB)
Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1-R4, 2023 (PDF 1.4MB)
Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1-R4, 2022 (PDF 1.3MB)
Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1-R4, 2021 (PDF 592KB)
Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1-R4, 2020 (PDF 585KB)
Íocaíochtaí os cionn €20,000, R1-R4, 2019 (PDF 579KB)
Foráiltear san Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:
- an ceart chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais agus gach comhlacht poiblí a chomhlíonann forálacha Alt 6 den Acht;
- an ceart go ndéanfaí faisnéis phearsanta a cheartú nó a nuashonrú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
- an ceart cúiseanna a fháil le cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a mbíonn tionchar acu orthu.
Ciallaíonn na cearta seo, ó dháta áirithe (21 Aibreán, 1998 i leith na Leabharlainne Náisiúnta), gur féidir le daoine rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta a choinnítear orthu is cuma cathain a cruthaíodh an fhaisnéis, agus ar thaifid eile a cruthaíodh tar éis 21 Aibreán, 1998.
Conas a oibríonn SF?
Ceanglaítear an tAcht ar chomhlachtaí poiblí freagra a thabhairt ar iarratais ón bpobal ar fhaisnéis atá ina seilbh acu. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí a gcinneadh a thabhairt ar iarratas laistigh de 4 seachtaine tar éis dóibh é a fháil.
Conas is féidir liom Iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh chuig Leabharlann Náisiúnta na hÉireann?
Ba cheart duit iarratas a sheoladh, i scríbhinn nó trí ríomhphost, chuig:
Saoráil Faisnéise,
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann,
4 Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
Teil: +353 (1) 6030265
Ríomhphost: foi@nli.ie
Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh i d’iarratas:
- Ráiteas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise;
- An oiread eolais agus is féidir faoi na taifid atá á lorg;
- Cén fhormáid ar mhaith leat aon taifid a scaoilfear a fháil (e.g. fótachóipeanna)
Tabharfar freagra tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis an t-Iarratas a fháil.
An féidir liom rochtain a fháil ar aon fhaisnéis a lorgaím?
Tagann na taifid seo a leanas faoi raon feidhme na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise:
- gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta atá i seilbh na Leabharlann Náisiúnta beag beann ar cathain a cruthaíodh iad
- gach taifead eile a cruthaíodh ó thosach feidhme an Acht um Shaoráil Faisnéise (21 Aibreán 1998)
- aon taifid is gá chun tuiscint a fháil ar thaifead reatha fiú má cruthaíodh iad roimh an 21 Aibreán 1998
- taifid phearsanra na foirne atá ar seirbhís a cruthaíodh ón 21 Aibreán 1995, agus iad siúd a cruthaíodh roimh an dáta sin i gcás ina n-úsáidtear iad nó ina mbeartaítear iad a úsáid ar bhealach a mbíonn tionchar diúltach aige ar an duine lena mbaineann nó a d’fhéadfadh tionchar a imirt air.
Mar sin féin, chun gur féidir gnó a dhéanamh i gceart, beidh sé riachtanach uaireanta cineálacha áirithe faisnéise a dhíolmhú ó scaoileadh i gcásanna áirithe. Tá siad seo leagtha amach san Acht. I measc na bpríomhdhíolúintí tá taifid a bhaineann le:
- faisnéis rúnda agus íogair ó thaobh tráchtála de,
- faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an duine atá ag déanamh an iarratais).
Féadfar iarratais a dhiúltú freisin má mheastar go bhfuil siad ró-chuimsitheach nó neamhsoiléir, ach tá sé de dhualgas ar an Leabharlann Náisiúnta cabhrú leis an iarratasóir iarracht a dhéanamh an fhadhb seo a shárú.
An ngearrtar táille ar fhaisnéis a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?
Níl aon táille i gceist as iarratas a chur isteach. Maidir le hiarratais neamhphearsanta, féadfar táillí eile a ghearradh as an am a chaitear ag aimsiú taifead agus as aon chostais atáirgthe a thabhaíonn an Leabharlann Náisiúnta agus í ag soláthar an t-ábhair a iarrtar (táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála).
I gcás ina bhfuil an costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála níos lú ná €101, ní ghearrtar aon táille. I gcás ina bhfuil an costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála níos mó ná €500 ach níos lú ná €700, tá uasmhuirear €500 i bhfeidhm. I gcás ina bhfuil an costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála níos mó ná €700, féadfaidh an comhlacht diúltú an t-iarratas a phróiseáil.
Cuirfear sonraí na dtáillí iarbhír a bhaineann le d’iarratas in iúl duit i scríbhinn. Ba chóir íocaíocht a dhéanamh trí Ríomhaistriú Airgid nó seic nó ordú poist iníoctha le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Téigh i dteagmháil le foi@nli.ie le haghaidh sonraí bainc. Tá liosta de na táillí ábhartha leagtha amach thíos:
Liosta Táillí
- Níl aon táille i gceist as iarratas a chur isteach
- Cuardach agus Aisghabháil – €20 san uair (d’iarratais a sháraíonn an t-íosmhéid €100 i dtéarmaí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála), faoi réir na n-uasteorainneacha a luaitear thuas.
- €0.04 in aghaidh an bhileoige le haghaidh fótachóipe
- Táille athbhreithnithe inmheánaigh €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis)
- Achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis)
Nótaí:
- Ní ghearrtar aon táille mura bhfuil sna taifid lena mbaineann ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarratasóir, mura bhfuil líon suntasach taifead ann.
- Má tá tú ag éileamh táille iarratais laghdaithe, ní mór go mbeadh uimhir chlárúcháin an Chárta Leighis, ainm an Bhoird Sláinte eisitheora, agus do thoiliú leis na sonraí seo a fhíorú leis an mBord Sláinte sin ag gabháil leis an iarratas.
- Tá liosta iomlán táillí ar fáil ar iarratas.
Cad a tharlóidh mura bhfuilim sásta leis an gcinneadh ar m’iarratas SF?
Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne aon chinneadh a eisíodh an Leabharlann Náisiúnta trí scríobh chuig an Aonad um Shaoráil Faisnéise, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath 2, ag lorg Athbhreithniú Inmheánach ar an ábhar. Féadfaidh táille €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis) a ghearradh as achomharc den sórt sin. Níl aon táille ann d’iarratais ar athbhreithniú inmheánach a bhaineann le faisnéis phearsanta amháin nó i ndáil le cinneadh táille nó éarlais a ghearradh.
Ba chóir duit d’achomharc a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón dáta freagartha (cé gur féidir achomhairc dhéanacha a cheadú i gcúinsí áirithe). Beidh athbhreithniú iomlán ar an ábhar i gceist leis an achomharc ag ball foirne níos sinsearaí sa Leabharlann, agus cuirfear cinneadh in iúl duit laistigh de thrí seachtaine.
Cad a tharlóidh mura bhfuilim sásta leis an gcinneadh ar athbhreithniú inmheánach?
Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh laistigh de shé mhí trí scríobh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Má dhéanann tú achomharc, déanfaidh an Coimisinéir Faisnéise iniúchadh iomlán ar an ábhar, breithneoidh sé é agus eiseoidh sé cinneadh úr.
Ba chóir gach achomharc a sheoladh chuig:
An Coimisinéir Faisnéise,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2
Teil: +353 (1) 639 5689
Glao áitiúil: 1890 22 30 30
Facs: +353 (1) 639 5674
Ríomhphost: info@oic.ie
Féadfaidh táille €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis) a ghearradh ar iarratas den sórt sin. Arís, níl aon táille ann le haghaidh achomhairc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise a bhaineann le faisnéis phearsanta a bhaineann leis an duine féin amháin nó i ndáil le cinneadh táille nó éarlais a ghearradh.
An féidir liom cabhair a fháil chun iarratas a dhéanamh?
Is féidir. Má theastaíonn aon chabhair uait, beidh an fhoireann san Aonad um Shaoráil Faisnéise sásta cabhrú leat d’iarratas a chruthú.
An gá dom iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh chun faisnéis a fháil ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann?
Cuireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann faisnéis ar fáil don phobal go rialta trí bhileoga faisnéise, foilseacháin etc. Leanfaidh sé seo ar aghaidh. Soláthraíonn Saoráil Faisnéise foinse bhreise faisnéise trí rochtain a éascú ar thaifid nach gcuirtear ar fáil go rialta.
Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi Shaoráil Faisnéise?
Tá tuilleadh eolais faoi Shaoráil Faisnéise ar fáil ó:
An Coimisinéir Faisnéise,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2
Teil: +353 (1) 639 5689
Glao áitiúil: 1890 253 238
Facs: +353 (1) 639 5674
Ríomhphost: info@oic.gov.ie
An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe,
An Láraonad Beartais,
Urlár 3,
7-9 Rae Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2
Teil: +353 (1) 631 8258
Facs: +353 (1) 604 5750
Ríomhphost: cpu@per.gov.ie
Tá eolais níos cuimsithí faoi Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, ar fáil ag www.foi.gov.ie.
Tuilleadh eolais
- Freedom of Information Publication Scheme (PDF, 532KB)
-
Lámhleabhar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann maidir le Saoráil Faisnéise (PDF, 57KB)
2025 | R1 | R2 |
---|---|---|
Cuairteoirí Taispeántais* | 21,441 | 28,978 |
Cuairteanna Taighdeora** | 5,768 | 5,642 |
Cuairteanna Ar Líne*** | 397,000 | 365,902 |
2024 | |
---|---|
Cuairteoirí Taispeántais* | 127,402 |
Cuairteanna Taighdeora** | 25,200 |
Cuairteanna Ar Líne*** | 1,316,977 |
2023 | |
---|---|
Cuairteoirí Taispeántais* | 141,003 |
Cuairteanna Taighdeora** | 19,918 |
Cuairteanna Ar Líne*** | 927,104 |
*Áirítear cuairteoirí taispeántais chuig Seamus Heaney: Éist Anois Arís, Campas Shráid Chill Dara agus an Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta
**Áirítear leis an bPríomhsheomra Léitheoireachta, Seomra Léitheoireachta Lámhscríbhinní, Seomra Stair Teaghlaigh, Seomra Ealaíne agus Cartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta.
***nli.ie, registers.ie, sources.ie agus catalóg ar líne nli