Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Beartas maidir leis na Meáin Shóisialta

Mionghné ar fhuinneog dhaite le Leonardo Da Vinci i bPríomhfhoirgneamh na Leabharlainne NLI

Má leanann tú Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar na meáin shóisialta, feicfidh tú ábhar a chumhdaíonn roinnt díobh seo a leanas nó iad uile:

  • Faisnéis faoinár mbailiúcháin agus ár seirbhísí. 
  • Faisnéis faoi imeachtaí atá ar siúl ag an Leabharlann.
  • Tvuíteanna ó am go chéile maidir le himeachtaí / tionscnaimh sheachtracha a bhféadfadh a bheith ina n-ábhar spéise ag ár gcuid leantóirí. 
  • Foláirimh faoi ábhar nua ar ár suíomh gréasáin.
  • Faisnéis phraiticiúil eile ar obair na Leabharlainne.

Déanaimid monatóireacht ar mheáin shóisialta na Leabharlainne le linn na ngnáthuaireanta oibre (Luan go hAoine), agus déanaimid ár ndícheall freagra a thabhairt ar aon fhiosrúcháin ó úsáideoirí laistigh de 24 uair an chloig. Mar sin féin, b’fhéidir nach mbeimis in ann freagra ar leith a thabhairt ar na teachtaireachtaí agus na tuairimí go léir a fhaighimid. Is é an bealach is fearr le fiosrúchán a chur in iúl do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ná trí ríomhphost a sheoladh chuig info@nli.ie

 

Beartas Facebook

Fáiltímid roimh thuairimí agus idirghníomhaíochtaí ar leathanach Facebook na Leabharlainne. Tabhair faoi deara:

  • Bainfear aon tuairimí / ábhar maslach nó míchuí.
  • Blocálfar daoine a phostálann tuairimí a mheastar a bheith maslach nó míchuí.

 

Beartas X (Twitter)

Fáiltímid roimh thuairimí agus idirghníomhaíochtaí ar shruth Twitter na Leabharlainne. Tabhair faoi deara:

  • Bainfear aon tuairimí / ábhar maslach nó míchuí.
  • Blocálfar daoine a phostálann tuairimí a mheastar a bheith maslach nó míchuí.

Ní hionann atvuít agus a rá go dtacaímid le rud; má dhéanaimid atvuíteáil ar rud éigin, is mar gheall go mbraithimid go bhféadfadh sé a bheith ina ábhar spéise dár gcuid leantóirí.

Má leanann tú muid, ní leanfaimid ar ais thú go huathoibríoch. Is éard is cúis leis sin ná gur mian linn go mbeadh ár gcuid leantóirí in ann cuntais Twitter atá á leanúint againn a aimsiú go héasca, amhail institiúidí cultúrtha eile agus cuntais eile atá ábhartha.

 

Beartas Instagram

Fáiltímid roimh thuairimí, teachtaireachtaí agus idirghníomhaíochtaí ar fhotha agus scéalta Instagram na Leabharlainne. Tabhair faoi deara:

  • Bainfear aon tuairimí / ábhar maslach nó míchuí.
  • Blocálfar daoine a phostálann tuairimí a mheastar a bheith maslach nó míchuí.

 

Infhaighteacht

Féadfaidh sé nach mbeidh Facebook, Instagram agus Twitter ar fáil ó am go ham agus ní ghlacimid freagracht as aon easpa seirbhíse toisc gan iad a bheith ar fáil.

 

Rannpháirtíocht ar Líne

Cuireann an Leabharlann Náisiúnta raon imeachtaí ar líne ar fáil. Déantar cur síos i bhfaisnéis an imeachta ar ábhar na n-imeachtaí seo, lena n-áirítear aon léirmhíniú nó gnéithe eile atá mar chuid den imeacht.

Ní ghlacfar le haon iompar nó idirghníomhaíocht le linn na n-imeachtaí sin, trí aon mheán, a mheasann an Leabharlann a bheith míchuí nó maslach. Is féidir baill den lucht féachana atá ag gabháil d’iompar nó idirghníomhaíochtaí atá míchuí nó maslach a bhaint d’imeacht ar bith de rogha na Leabharlainne, ag am ar bith, agus a n-idirghníomhaíochtaí a scriosadh.

D’fhéadfadh aistarraingt bhuan rochtana ar imeachtaí ar líne na Leabharlainne, de rogha na Leabharlainne, a bheith mar thoradh ar chásanna arís is arís eile dá leithéid d’iompar nó d’idirghníomhaíochtaí.