An Idirbhliain: Nochtadh 2026
Tá áthas ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann cúrsa nua Idirbhliana a fhógairt a thosóidh i mí Eanáir 2026.
Tá iarratais ar oscailt ón lá inniu (10 Samhain) le haghaidh Idirbhliain: NOCHTADH Léaráid: Beocht a chur i Leabhair go dtí an 26 Samhain. Tugtar cuireadh do dhaltaí na hIdirbhliana a bhfuil suim acu ann iarratas a dhéanamh tríd an bhfoirm ar líne thíos.
Tá An Idirbhliain: NOCHTADH ceaptha chun daltaí a chur ar an eolas faoi bhailiúcháin speisialta agus uathúla Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, chun go mbeidh siad eolach ar úsáid na leabharlainne agus go leanfaidh siad dá húsáid ina gcuid staidéir amach anseo. In 2026, is é Léaráid: Beocht a chur i Leabhair teideal an chláir agus díreoidh sé ar an mbailiúchán Priontaí agus Líníochtaí. Agus léiriú mar théama aige, beidh an clár tarraingteach do dhaltaí a bhfuil suim acu san amharc-ealaín, dearadh grafach, stair, litríocht, scríbhneoireacht chruthaitheach, staidéir ar na meáin agus i staidéir leabharlainne.
Foghlaimeoidh na rannpháirtithe faoin leabharlann agus a bailiúcháin ollmhóra a choinníonn ‘cuimhne na hÉireann’, agus beidh teacht acu ar an seomra léitheoireachta iontach atá ann ó 1890. Déanfaidh daltaí iniúchadh ar bhailiúcháin na leabharlainne chun taighde a dhéanamh ar réimsí spéise agus fiosróidh siad freisin raon teicnící cruthaithe íomhánna trí shraith ceardlann phraiticiúil faoi stiúir ealaíontóirí. Gheobhaidh siad inspioráid ó na bailiúcháin, óna chéile agus ón bhfoirgneamh féin. Treoróidh éascaitheoir na rannpháirtithe i rith an chláir agus oibreoidh siad i dtreo imeachta deiridh chun a gcuid fionnachtana a nochtadh agus a thaispeáint.
Beidh An Idirbhliain: NOCHTADH 2026 ar siúl gach Máirt 10am – 3pm, thar dheich seisiún seachtainiúla ar na dátaí seo a leanas:
- 13/11/26
- 20/01/26
- 27/01/26
- 03/02/26
- 10/02/26
- 24/02/26
- 03/03/26
- 10/03/26
- 24/03/26
- 31/03/26
Beidh sé lá den chúrsa ar siúl ar an láthair ag NLI agus ceithre lá ar líne. Clúdófar costais iompair na rannpháirtithe a bheidh ag taisteal ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratais ná 26/11/25 ag 11:59pm.
Molaimid do gach duine iarratas a dhéanamh, ach tabhair faoi deara le do thoil, go bhfuil líon teoranta áiteanna ar fáil ar an gcúrsa. Ní mór do rannpháirtithe a bheith 16 bliana d’aois nó níos sine.
Má tá aon cheist agat faoin gcúrsa nó faoin bpróiseas iarratais, seol ríomhphost chuig tyreveal@nli.ie
Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh na chéad daltaí chuig An Idirbhliain: Nochtadh in NLI i mí Eanáir 2026!
Faigheann An Idirbhliain: NOCHTADH 2026 tacaíocht fhlaithiúil ó The Ireland Funds.
