Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i láthair ag an gcomhdháil ‘No Time To Wait’

Thug Kieran O’Leary, Bainisteoir Caomhnaithe Dhigitigh ag NLI, cur i láthair in éineacht le Niamh Murphy ó Institiúid Scannán na hÉireann ag an 6ú comhdháil bhliantúil ‘No Time To Wait’ sa Háig i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Déardaoin, 27 Deireadh Fómhair 2022
grianghraf de bhaill foirne ón Leabharlann ag déanamh cur i láthair os comhair slua ag No Time To Wait sa Háig – Deireadh Fómhair 2022
Kieran O’Leary, Bainisteoir Caomhnaithe Dhigitigh ag an NLI, ag déanamh cur i láthair ag an gcomhdháilNo Time To Wait
 

An aidhm atá leis an gcomhdháil ná cartlannaithe closamhairc/caomhnóirí digiteacha agus forbróirí a thabhairt le chéile chun a saothar agus a smaointe a chomhroinnt. 

Rinne Kieran cur i láthair in éineacht le Niamh ar cheist na claontachta teanga. Labhair Niamh ar bhealaí éagsúla ina bhfuil an Béarla in úsáid mar an teanga réamhshocraithe i réimse an chaomhnaithe dhigitigh, agus luaigh sí samplaí amhail teangacha ríomhchlárúcháin agus GitHub. Luaigh sí freisin go mbíonn deacrachtaí ag uirlisí caomhnaithe dhigitigh áirithe carachtair nach bhfuil ar fáil sa Bhéarla a láimhseáil, agus go ndéanann siad an litriú a chur as a riocht nó nach bhfeidhmíonn siad ar chor ar bith. Leag sí béim freisin ar chleachtais sa réimse ina dtagraítear do dhiaicriticí, amhail an síneadh fada, mar ‘charachtair neamhdhleathacha’ ar cheart iad a ‘ghlanadh’.

Sa dara cuid den chaint, chomhroinn Kieran roinnt samplaí iarbhír ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ina raibh fadhbanna ar leith agus réitigh uathúla iontu ar cheist na sínte fada. I ngach cás, luaigh sé go mbeadh sé de chlaonadh ag daoine na diaicriticí a bhaint den téacs agus na carachtair a ghalldú. Mar sin féin, ach féachaint níos grinne ar an scéal, is féidir teacht ar bhealaí chun na carachtair sin a chaomhnú agus iad a chur ag obair le huirlisí caomhnaithe dhigitigh, nó le huirlisí amhail Excel, freisin. Seachas diaicriticí a fhágáil ar lár (mar is cuid bhunriachtanach den fhocal iad), is iontach an rud é plé a chloisteáil ar an gcaoi ar féidir teacht timpeall ar shrianta den saghas sin sna córais.