Is é an t-athfhorbairt seo an t-athrú is suntasaí ar eispéireas an phobail ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ó d’oscail muid ár ndoirse den chéad uair ar Shráid Chill Dara in 1890. Athrófar ó bhonn an chaoi a bhfaigheann daoine rochtain ar ár mbailiúcháin náisiúnta agus a mbaineann siad leas astu.
Cuirfidh na spásanna nua taispeántais ar ár gcumas níos mó den 12 mhilliún mír sna bailiúcháin náisiúnta a chur ar taispeáint, idir lámhscríbhinní meánaoiseacha agus léarscáileanna stairiúla, ghrianghraif, cheol bileoige agus bhailiúcháin dhigiteacha chomhaimseartha. Cruthófar deiseanna nua chun scéalta na hÉireann a roinnt leis an bpobal trí chlár méadaithe de thaispeántais bhuana agus shealadacha. Beidh gach taispeántas saor in aisce, inrochtana agus dátheangach.
Cruthófar mol foghlama nua mar chuid den athfhorbairt freisin, spás tiomnaithe a bheidh ann ina mbeidh daoine de gach aois in ann eolas a chur ar bhailiúcháin NLI agus iad a iniúchadh trí cheardlanna cruthaitheacha, léirithe, cainteanna, imeachtaí agus deiseanna idirghníomhacha eile foghlama agus fionnachtana.
Cuirfear an bhalcóin os cionn ár Seomra Léitheoireachta stairiúil, a mbíodh glúnta scríbhneoirí, taighdeoirí agus léitheoirí ag tarraingt air, in oiriúint mar ghailearaí féachana a bheidh oscailte don phobal. Tabharfaidh sé sin deis do níos mó cuairteoirí blaiseadh a fháil den chuid uathúil seo de scéal liteartha na hÉireann, agus leanfaidh léitheoirí orthu ag obair i suaimhneas an tSeomra Léitheoireachta, a ndéanfar athchóiriú air.
Cuirfidh caifé nua agus siopa leabhar agus bronntanas leis an eispéireas do chuairteoirí, agus cuirfidh siad spásanna fáiltiúla ar fáil inar féidir leo a scíth a ligean, breathnú thart agus seal a chaitheamh sa Leabharlann.
Beidh na spásanna nua agus feabhsaithe seo le chéile suite ar sé leibhéal inrochtana, rud a thabharfaidh rochtain do léitheoirí, cuairteoirí, teaghlaigh, grúpaí scoile agus múinteoirí ar níos mó den Leabharlann Náisiúnta agus dá cuid bailiúcháin.
Dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
"Is cloch mhíle thábhachtach í fógra an lae inniu in athfhorbairt Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ó d’oscail NLI a doirse in 1890, chuireamar fáilte roimh na glúnta léitheoirí, taighdeoirí, scríbhneoirí agus cuairteoirí. Anois táimid ag athshamhlú na Leabharlainne do na glúnta atá le teacht. Táimid ar bís le níos mó de scéal na hÉireann a roinnt libh trí thaispeántais, imeachtaí agus deiseanna eile a eascróidh as an athfhorbairt seo. Táimid ag tnúth leis na spásanna seo a fheiceáil ag teacht chun beochta agus iad lán de dhaoine de gach aois a bheidh ag foghlaim, ag cruthú agus ag baint taitneamh as gach a bhfuil le tairiscint ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Sin í an fhís don todhchaí a bhfuilimid ag obair ina treo, agus táimid ar bís leis an gcéad chaibidil eile seo a roinnt libh.”
Tá an tionscadal seo á chur i gcrích i gcomhpháirt leis an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt (RCCS) agus le hOifig na nOibreacha Poiblí (OOP). Is mórthionscnamh é faoi Chlár Infheistíochta an Rialtais sna Forais Náisiúnta Chultúir, a leagtar amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta, Tionscadal Éireann 2040.