Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ceiliúir Oíche Chultúir 2026 ag NLI

Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026

Dé Máirt, 25 Lúnasa 2026
culture night 2026

Beimid ag glacadh páirt i gceiliúradh Oíche Chultúir 2026 agus beimid ar oscailt agus ag fáiltiú roimh chuairteoirí i rith thráthnóna Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair.

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Oscailte sa Tráthnóna: Caith tamall inár bPríomhfhoirgneamh, 5 p.m. - 9 p.m.

Beidh ár ndoirse ar oscailt idir 5 p.m. agus 9 p.m., agus cuirfear fáilte roimh chách.

  • Ó 5 p.m. ar aghaidh is féidir leat am a chaitheamh sa halla agus súil a chaitheamh ar an mionsamhail Lego den leabharlann atá cruthaithe nó cuairt a thabhairt ar thaispeántas William Butler Yeats.
  • Idir 6 p.m. agus 9 p.m., is féidir leat aghaidh a thabhairt ar an Seomra Léitheoireachta agus taitneamh a bhaint as áilleacht na háite.
  • Ag tosú ag 7:15pm, beidh ceol beo le cloisteáil. Beidh Amhránaithe Choláiste Mhuire, á stiúradh ag Maria Stanley, i mbun amhránaíochta. 

Ní gá áit a chur in áirithe chun cuairt a thabhairt ar an Seomra Léitheoireachta ná chun freastal ar an seisiún ceolmhar seo. 

 

Turas an Stiúrthóra ar an Leabharlann Náisiúnta, 5 p.m. - 6 p.m.

Bí i gcomhluadar an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, tráth a mbeidh tús á chur aici le himeachtaí Oíche Chultúir 2026 le turas treoraithe speisialta mórthimpeall ar ár bhfoirgneamh Victeoiriach stairiúil ar Shráid Chill Dara.

Foghlaim faoi ailtireacht na Leabharlainne, tabhair cuairt ar an Seomra Léitheoireachta cáiliúil, agus caith tamall ag smaoineamh faoi na naisc dhoimhne atá againn le cuid de na scríbhneoirí agus smaointeoirí is fearr in Éirinn. I rith an turais tabharfar cuairt freisin ar Sheomra Richard Hayes agus ar an Seomra Ealaíne, agus is deis ar leith a bheidh anseo chun tamall a chaitheamh i spásanna nach mbíonn sé de nós ag daoine mórán ama a chaitheamh iontu de ghnáth.

Tá saorchead isteach ach ní mór áit a chur in áirithe.

 

Taobh Thiar den Chuirtín: Stiúideo Digitithe NLI: An Príomhfhoirgneamh, 5 p.m.-8.45 p.m.

Tá ról lárnach ag Stiúideo Digiteach Leabharlann Náisiúnta na hÉireann sna hiarrachtaí atá á ndéanamh ár mbailiúcháin dhifriúla a chosaint agus a chur ar fáil. Tabhair cuairt orainn ar an Oíche Chultúir agus bain taitneamh as turas gearr, 15 nóiméad, chun léargas a fháil ar an méid atá i gceist le digitiú agus chun cuid de thorthaí ár gcuid oibre a fheiceáil.

Tá saorchead isteach ach ní mór áit a chur in áirithe. 

 

YEATS: Saol agus Saothair William Butler Yeats, 5 p.m.-9 p.m.

Suigh síos ar feadh tamaill agus bain taitneamh as cuid de na saothair is cáiliúla ó pheann an fhile seo mar chuid de thaispeántas W.B. Yeats. Caith súil ar na taispeántais ina dtugtar léargas ar go leor de na hábhair ar chuir sé spéis iontu: lena n-áirítear Éire, litríocht, agus béaloideas, drámaíocht, polaitíocht agus an diamhair, agus caith tamall ag smaoineamh ar an tionchar ollmhór a bhí aige ar fhéiniúlacht chultúrtha nua-aimseartha na hÉireann.

Beidh an taispeántas ar oscailt idir 5 p.m. agus 9 p.m. – ní gá áit a chur in áirithe.

Má theastaíonn tuilleadh eolais maidir le hinrochtaineacht inár bhfoirgnimh uait, féach anseo. 

 

Seamus Heaney: Éist Anois Arís, Ionad Cultúir agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann, Faiche an Choláiste, 5 p.m. - 9 p.m. 

Tugann taispeántas Seamus Heaney: Éist Anois Arís, deis do chuairteoirí ar an Oíche Chultúir, dul ar thuras iontach agus foghlaim faoi bhuaicphointí shaol agus fhilíocht Seamus Heaney, saothar filíochta atá bronnta ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Deis atá sa taispeántas chun díriú ar fhréamhacha tuaithe Seamus Heaney, ar a shaol oibre iontach speisialta mar fhile agus mar bhuaiteoir Dhuais Nobel. Caith súil ar ábhar an taispeántais ar do luas féin agus tapaigh an deis chun labhairt le baill foirne eolacha a bheidh in aice láimhe más mian leat.

Ní gá áirithint a dhéanamh – tar isteach agus cuir aithne ar dhuine de na filí is cáiliúla in Éirinn.

 

Taispeántas Live Aid, Cartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, 5 p.m. - 8.30 p.m. 

Live Aid, an “Júcbhosca Domhanda”, a reáchtáladh i Londain agus i bhFilideilfia, ar fhreastail breis is 150,000 duine air agus a craoladh beo trí úsáid á baint as teicneolaíocht cheannródaíoch chun beagnach 2 bhilliún duine, in 150 tír, a thabhairt le chéile, agus a bhailigh na milliúin chun déileáil leis an ngorta san Afraic. 

Do ghlúin ar leith daoine ar spéis leo ceol, eispéireas speisialta ba ea deis a bheith ag daoine breathnú ar Live Aid in 1985. Más spéis leat a bheith páirteach san eispéireas sin bí i láthair ag imeacht réamhsheolta speisialta mar chuid den Oíche Chultúir agus bain taitneamh ar ár dtaispeántas nua grianghraf, a roghnaíodh ó Chartlann Iontaobhas Band Aid, agus a bhronn Bob Geldof go flaithiúil ar an Leabharlann Náisiúnta in 2017.

Ní gá áit a chur in áirithe – bí linn agus bain taitneamh as an taispeántas speisialta seo.

 

Chun an ócáid seo a chomóradh, tá ábhar ó bhailiúchán Pháipéir Bhriotaise Yeats a bhaineann le A Vision digitithe ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear dréacht-lámhscríbhinn den leabhar féin. 

Ós saothar dlúth é A Vision, atá teibí go minic agus bunaithe freisin ar shiombalachas ó scríbhinní eile Yeats, tá sé ina dhúshlán do scoláirí Yeats le blianta fada, ach chuir sé comhthéacs ríthábhachtach ar fáil freisin maidir le meon an fhile ar na hathruithe a bhí ag teacht ar an saol mórthimpeall air. Leis an ábhar nua-dhigitithe seo, osclaítear deiseanna nua do thaighdeoirí ar fud an domhain chun an téacs seo a fhiosrú tuilleadh. 
 

Déan iniúchadh ar chuid den ábhar digitithe seo.

 

Mar chuid den seoladh seo, beidh imeachtaí poiblí saor in aisce á reáchtáil ag an NLI chun A Vision agus an córas creidimh atá leagtha amach ann a dhéanamh níos intuigthe. Áirítear orthu leanúint de na turais mhíosúla Journey to A Vision ar an taispeántas The Life and Works of William Butler Yeats, chomh maith le trí imeacht faoi stiúir an Dr Neil Mann, saineolaí ar A Vision, a bheidh dírithe ar an ngné seo de shaothar an fhile a bhuaigh Duais Nobel a mhíniú agus a fhiosrú níos doimhne. 

 A Vision | Córas, Siombailí agus Spiorad: Dé Máirt 22 Meán Fómhair 6pm - 7pm

Bígí i dteannta an NLI chun céad bliain ó foilsíodh an chéad eagrán de A Vision a chomóradh. Sa leabhar seo, déanann W.B. Yeats cur síos ar imeacht na staire agus ar thuras an anama. Tabharfaidh an Dr Neil Mann, saineolaí ar an saothar, réamheolas ar an leabhar, agus cuirfidh Crónán Ó Doibhlin, Ceann Bhailiúcháin Speisialta an NLI, focail fáilte roimh an imeacht. 

Agus é tumtha i siombalachas agus i bhfealsúnacht a d’eascair as saol scríbhneoireachta agus turgnamhachta sa draíocht, tá A Vision á mheas le fada an lá mar shaothar atá dlúth agus dúshlánach. Sa léacht seo, déanfaidh an Dr Neil Mann na coincheapa éagsúla atá riachtanach chun A Vision a thuiscint a mhíniú agus a shoiléiriú. Tabharfaidh sé léargas ar shaol saindiamhair Yeats, ar a chuid scríbhinní, ar a chaidrimh agus ar an gcóras briotais atá i gcroílár an leabhair féin. 

 

Na 28 Chéim den Ghealach: Iniúchadh ar A Vision le Yeats: Dé Céadaoin, 23 Meán Fómhair, 1pm- 2pm

Sa cheardlann seo, míneoidh an Dr Neil Mann conas an córas a d’fhorbair W.B. Yeats agus George Yeats a chur i bhfeidhm, chun an fheidhm a bhí beartaithe do A Vision a léiriú agus léargas a thabhairt ar smaointe agus ar chreidimh duine de na scríbhneoirí is cáiliúla in Éirinn. 

Faigh amach faoin tábhacht atá ag an nGealach i saothar Yeats ina iomláine, faoi róil an Mask agus Will in A Vision le Yeats, chomh maith leis an gciall a bhain Yeats leis an teideal The Daimonic Man a ghlacadh agus faoin gcaoi ar tháinig sé ar an tuairim go raibh sé de dhualgas air seasamh amach ón tsochaí inar mhair sé. 

 

Yeats Saindiamhair: Tábhacht na Lámhscríbhinní: Dé Céadaoin, 23 Meán Fómhair 4pm - 5pm

Sa seimineár seo, díreoidh an Dr Neil Mann ar phríomhthéacsanna agus ar phríomhábhair ar féidir iad a úsáid chun tuiscint níos fearr a fháil ar théamaí saindiamhair Yeats. Tá an seimineár dírithe ar scoláirí ar mian leo dul i ngleic leis an ngné níos mistéirí agus níos dúshlánaí seo de staidéar W.B. Yeats.