Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas | Yeats: Saol agus Saothair William Butler Yeats

  • Ar an láthair
Dáta Taispeántas Buan | Oscailte Luan go Domhnach
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 P638
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce, ní gá duit áirithint a bheith agat
Dáta Taispeántas Buan | Oscailte Luan go Domhnach
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 P638
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce, ní gá duit áirithint a bheith agat
WB Yeats ag caitheamh culaithe, ina shuí i gcathaoir agus ag baint beagáinín taca as bata siúil

William Butler Yeats (INDH3464)

Bain sult as ár dtaispeántas a bhfuil gradaim buaite aige ar William Butler Yeats (1865-1939), duine de mhórscríbhneoirí an 20ú haois agus a raibh tionchar suntasach aige ar fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann nua-aimseartha. Tá an taispeántas comhdhéanta de mhíreanna ó Bhailiúchán Yeats de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, na bailiúcháin is mó leabhar, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann le WB Yeats ar domhan.

Baineann an taispeántas le hiliomad spéiseanna Yeats – Éire, litríocht, béaloideas, amharclannaíocht, polaitíocht, misteachas, agus asarlaíocht. I measc na mbuaicphointí tá lámhscríbhinní de go leor de na dánta is mó a bhfuil tóir orthu de chuid Yeats lena n-áirítear “The Lake Isle of Inisfree” agus “Easter, 1916”, a bhonn Duais Nobel, déantáin phearsanta – ó thuairiscí scoile Yeats go píosa snoite lapis lazuli – grianghraif iontacha de Yeats agus a chlann agus a chairde, agus go leor eile.

Tá an taispeántas seo indéanta mar gheall ar fhlaithiúlacht mhuintir Yeats as na hearraí iontacha seo a bhronnadh ar an Leabharlann.

Taispeántas Buan, Oscailte Luan go Domhnach Luan, Déardaoin agus Aoine, 9:30am – 5pm, cead isteach deiridh ag 4:30pm Máirt - Céadaoin 9:30am – 7pm, cead isteach deiridh ag 6:30pm Satharn - Domhnach, 9:30am – 5pm, cead isteach deiridh ag 4:45pm Laethanta Saoire Bainc, 12pm – 5pm, cead isteach deiridh ag 4:45pm