Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas Live Aid | Clár na nImeachtaí

Imeachtaí i mí na Samhna agus na Nollag
  • Ar an láthair
Suíomh Suíomhanna Éagsúla: Leabharlann Náisiúnta 7-8 Sráid Chill Dara; An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta Barra an Teampaill
Catagóir Imeacht Taispeántas
Praghas Saor in aisce
Suíomh Suíomhanna Éagsúla: Leabharlann Náisiúnta 7-8 Sráid Chill Dara; An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta Barra an Teampaill
Catagóir Imeacht Taispeántas
Praghas Saor in aisce
80s style image of title

An geimhreadh seo, tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag comóradh an 40ú bliain de Live Aid, na ceolchoirmeacha domhanda a thug 1.6 billiún lucht féachana le chéile i mí Iúil 1985.

Léiríonn ár dtaispeántas nua sa Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Barra an Teampaill, grianghraif iontacha ó Chartlann Iontaobhas Band Aid. Tugann sé deis neamhchoitianta dúinn athchuairt a thabhairt ar atmaisféar, scála agus tionchar na nóiméad cultúrtha éachtach seo.

Is deis é taifead grianghrafadóireachta na n-ealaíontóirí a ghlac páirt sa ‘Global Jukebox’ a fheiceáil agus féachaint ar ghearrscannán a coimisiúnaíodh go speisialta ina n-úsáidtear níos mó de na grianghraif ón NLI chun an t-eispéireas dochreidte a roinn 1.6 billiún duine ar fud an domhain air in aon lá amháin a ghabháil. Ceithre scór bliain ar aghaidh ó na ceolchoirmeacha iomráiteacha i Londain agus Filideilfia in 1985 go dtí na cinn níos lú san Astráil, sa tSeapáin agus san Ísiltír, athghabhann siad cruthaitheacht, pobal agus spiorad na gceolchoirmeacha bunaidh.

Imeacht

Caife na hAetóipe + DJ

Dé Sathairn 15 Samhain, 2-4 p.m. | An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Chruinnithe, Barra an Teampaill

Saor in aisce. Buail isteach (bí ann go luath más mian leat caife a fháil go cinnte).

 

Lá Comhpháirtíochta na hAetóipe

Dé Sathairn, 22 Samhain, 1.30–4.00 p.m. | Príomhfhoirgneamh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara

Saor in aisce. Áirithint riachtanach. 

 

Dioscó Ciúin na 80idí

Déardaoin, 27 Samhain, 6.30–8.30 p.m.  | An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Chruinnithe, Barra an Teampaill

Saor in aisce. Clárú riachtanach. 

 

► Seanchoíche: Oíche Scéalaíochta

Déardaoin, 4 Nollaig, 6.30–10.00 p.m. | An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Chruinnithe, Barra an Teampaill 

Tá na ticéid don imeacht seo lán- liosta feithimh amháin 

 

Turais Lóin an Choimeádaí | Taispeántas Live Aid 

1-2 p.m., Dé Máirt 25 Samhain, Dé Máirt 2 Nollaig, agus Dé Máirt 3 Nollaig | An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Chruinnithe, Barra an Teampaill

Saor in aisce. Áirithint riachtanach. 

Más féidir lenár bhfoireann cabhair a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie.