Baile Átha Cliath faoi Sholas na Gealaí - Taispeántas Live Aid
- Ar an láthair
Is tionscnamh nua atá á reáchtáil ar fud na cathrach é Baile Átha Cliath faoi Sholas na Gealaí a thugann cuireadh duit chun saol chathair Bhaile Átha Cliath a bhlaiseadh ar an Déardaoin deiridh de gach mí tráth a mbeidh doirse na cathrach oscailte déanach sa tráthnóna
Bain taitneamh as cuairt a thabhairt ar Thaispeántas Live Aid ag an CNG, oscailte idir 5:00p.m. agus 8:30p.m. (tabharfar cead don duine deiridh dul isteach ag 8:15p.m.). Suite i mBarra an Teampaill, mar chuid den taispeántas beidh ceol cáiliúil ó na 80idí le cloisteáil ó cheolchoirmeacha Live Aid a reáchtáladh in Wembley agus i bhFilideilfia, rud a chiallaíonn gur féidir le daoine taitneamh a bhaint as eispéireas éisteachta tumthach.
Beidh an taispeántas ar oscailt go dtí 8.30pm ar an Déardaoin deiridh de gach mí.
Dátaí thíos:
28 Bealtaine 2026
25 Meitheamh 2026
30 Iúil 2026
27 Lúnasa 2026
24 Meán Fómhair 2026
29 Deireadh Fómhair 2026
26 Samhain 2026
28 Eanáir 2027
25 Feabhra 2027
25 Márta 2027
Mar chuid den chlár, beidh an Seomra Léitheoireachta i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara oscailte déanach sa tráthnóna freisin.
Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo.