Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Baile Átha Cliath faoi Sholas na Gealaí - Tabhair Cuairt ar an Seomra Léitheoireachta

  • Ar an láthair
Dáta 28 Bealtaine 2026 – 25 Márta 2027
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Imeacht
Praghas Saor in aisce. Ní Gá Áirithint a Dhéanamh.
Dáta 28 Bealtaine 2026 – 25 Márta 2027
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Imeacht
Praghas Saor in aisce. Ní Gá Áirithint a Dhéanamh.
image of reading room at night time

Is tionscnamh nua atá á reáchtáil ar fud na cathrach é Baile Átha Cliath faoi Sholas na Gealaí a thugann cuireadh duit chun saol chathair Bhaile Átha Cliath a bhlaiseadh ar an Déardaoin deiridh de gach mí tráth a mbeidh doirse na cathrach oscailte déanach sa tráthnóna

Caith tamall i gceann de na spásanna liteartha is fearr in Éirinn, spás a mbíonn taighdeoirí a bhfuil Ticéad Léitheora NLI acu ag triall air de ghnáth. 

Tabhair cuairt ar an Seomra Léitheoireachta i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar Shráid Chill Dara, oscailte idir 5:00pm agus 8:30pm (tabharfar cead don duine deiridh dul isteach ag 8:15pm), agus bain taitneamh as tamall a chaitheamh san fhoirgneamh stairiúil faoi sholas na gealaí.

Beidh an Seomra Léitheoireachta oscailte go dtí 8:30pm ar an Déardaoin deiridh de gach mí.

Dátaí thíos:
28 Bealtaine 2026
25 Meitheamh 2026
30 Iúil 2026
27 Lúnasa 2026
24 Meán Fómhair 2026
29 Deireadh Fómhair 2026
26 Samhain 2026
28 Eanáir 2027
25 Feabhra 2027
25 Márta 2027

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Éigse Éireann 2026, beidh an taispeántas Yeats: Saol agus Saothar William Butler Yeats ar oscailt go dtí 8.30pm.

Mar chuid den chlár beidh Taispeántas Live Aid sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta ar oscailt déanach sa tráthnóna freisin.
Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo.