Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ag Ceiliúradh Scéalta LGBTI+ i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bród Shona 2025!

Déardaoin, 26 Meitheamh 2025
Collage of LGBT + Yes Equality collection materials

Ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI), táimid bródúil as stair LGBTI+ a chaomhnú mar chuid de scéal na hÉireann.

Cartlann Aerach na hÉireann, Cartlann Dhigiteach Amhairc Tá Comhionannas, Bailiúchán Grianghrafadóireachta Christopher Robson , Páipéir Michael Barron , agus tuilleadh againn.

I rith Mhí an Bhróid seo, tugaimid cuireadh duit iniúchadh a dhéanamh ar réimse leathan acmhainní atá ar fáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann – ó ábhair chartlainne go taispeántais dhigiteacha agus pléphainéil.

 

1) Déan iniúchadh ar Chartlann Aerach na hÉireann

Cartlann Aerach na hÉireann an bhailiúchán is cuimsithí in Éirinn a thaifeadann stair, cultúr agus gníomhaíochas LGBTI+. Á coinneáil ag NLI, bailíonn an chartlann bheo seo scéalta ó shaol aiteach na hÉireann agus idirnáisiúnta ó lár an 20ú haois i leith.

Tá rogha coimeádta ar fáil ar líne anois — ina bhfuil 88 mír agus breis is 700 íomhá digitithe, lena n-áirítear grianghraif, póstaeir, litreacha, bileoga eolais, leabhair, agus go leor eile.

Materials from the Irish Queer Archive

Materials from the Irish Queer Archive

Poster entitled 'Building a Future; a Task for Gay Youth Groups' for the International Gay Youth Congress, 7th - 14th July 1985

Poster entitled 'Building a Future; a Task for Gay Youth Groups' for the International Gay Youth Congress, 7th - 14th July 1985 (MS 45,956/5/1)

Promotional flyer for the Lonely Gays Society

Promotional flyer for the Lonely Gays Society, circa 1974-2005 (MS 45,949/8/1)

Candidate information for Tonie Walsh for an upcoming election

Candidate information for Tonie Walsh for an upcoming election (MS 45,936/2/2)

Dancing at the Crossroads: Glamour Rooted in Despair; Alternative Miss Ireland book

Dancing at the Crossroads: Glamour Rooted in Despair; Alternative Miss Ireland, 1989-2004. (MS 46,006/2/1)

Programme for Gay Pride, June 1980

Programme for Gay Pride, June 1980 (MS 45,955/2/2)

2) Faigh amach an Feachtas Tá Comhionannas: Cartlann Dhigiteach

Bain sult as fuinneamh ceann de na gluaiseachtaí sóisialta is mó tionchair in Éirinn. Cuimsíonn Cartlann Tá Comhionannas níos mó ná 1,000 grianghraf a thaifeadann an feachtas ar son an chomhionannais phósta, agus is ceann de na chéad bhailiúcháin dhigiteacha a bunaíodh sa Leabharlann í.

Féach ar an mbailiúchán anseo.

Ten thousand people unite for Yes Equality National Canvas Day. PIC PAUL SHARP/SHARPPIX

Ten thousand people unite for Yes Equality National Canvas Day. Photographer: Paul Sharp 

3) Ag Féachaint Siar ar Deich mBliana de Chomhionannas Pósta

Ag comóradh deich mbliana ó vótáil Éire ‘Tá!’ ar chomhionannas pósta, bhí ócáid chomórtha againn le déanaí: 'Ag Féachaint Siar ar an bhFeachtas 'TÁ Comhionannas: Deich mBliana den Chomhionannas Pósta.'

Thug an plé painéil seo, a tionóladh ar an 15 Bealtaine 2025, feachtasóirí agus abhcóidí le chéile chun machnamh a dhéanamh ar an turas i dtreo an chomhionannais agus ar oidhreacht 2015.

Féach ar an imeacht iomlán:

3) Féach ar an Taispeántas Ar Líne Ag Maireachtáil le Bród

Rinnne an grianghrafadóir agus gníomhaí Christopher Robson taifead ar bhlianta fada de shaol agus agóidí LGBTI+, lena n-áirítear Bród Baile Átha Cliath, i mbailiúchán iontach de bhreis is 2,000 íomha.

Bronnta ag a pháirtí, Bill Foley, tá an bailiúchán le feiceáil anois i dtaispeántas ar líne, atá ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon.

An bhfuil suim agat an taispeántas Ag Maireachtáil le Bród a thaispeáint i d’ionad? Faigh tuilleadh eolais anseo nó déan teagmháil le exhibitions@nli.ie haghaidh tuilleadh sonraí agus ár mbróisiúr taispeántais.

Grianghraf de dhaoine ag siúl i rannpháirtíocht le Mórshiúl an Bhróid 2001 ar Shráid Parnell

Bród Átha Cliath 2001 (NPA ROBS1032)

4) Éist leis an tSraith Díospóireachta Ag Maireachtáil le Bród

Tabhair cuairt ar chainéal YouTube an NLI le haghaidh sraith comhráite spreagúla ar fhéiniúlacht, gníomhaíochas agus pobal LGBTI+ na hÉireann - san am atá thart, san am i láthair agus sa todhchaí.

Féach ar an tsraith:

Ag an NLI, creidimid i gcumhacht na staire a chaomhnú, go háirithe na staire a bhí i bhfolach tráth.


An lá Bród seo, tugaimid ómós d’athléimneacht, cruthaitheacht agus misneach phobail LGBTI+ na hÉireann. Tugaimid cuireadh duit na bailiúcháin náisiúnta thábhachtacha seo a iniúchadh, agus athchuairt a thabhairt ar na clocha míle ar an mbealach agus machnamh a dhéanamh orthu.