Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Tine Phictiúrlann Dhrom Collachair á Tabhairt chun Cuimhne: I nDiaidh ‘An Dó’

Dé Céadaoin, 2 Meán Fómhair 2026
burnt out building, people looking into coffins.

Aftermath of the fire (INDH620). Photo donated to the National Library of Ireland by Independent Newspapers (Ireland) Limited

Ar an 5 Meán Fómhair 1926, cailleadh 48 duine i dtine i bpictiúrlann i nDrom Collachair, Co. Luimnigh.

Céad bliain níos déanaí, cabhraíonn tuairiscí nuachtáin agus grianghraif chomhaimseartha atá le fáil i mbailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann linn chun an tragóid agus an méid a tharla ina diaidh a thabhairt chun cuimhne.

Ar thráthnóna an 5 Meán Fómhair 1926, bhí thart ar 150 duine bailithe le chéile i bpictiúrlann de shaghas éigin. a bhí cruthaithe i nDrom Collachair, Co. Luimnigh, chun féachaint ar roinnt scannán. I ndiaidh an ghearrscannáin, False Alarm, taispeánadh an príomhscannán, The Decoy.

Glactar leis an méid a tharla an tráthnóna sin mar cheann de na tubaistí is mó i stair na scannánaíochta in Éirinn.

Thosaigh an tine nuair a thit coinneal agus nuair a las sé an scannán níotráite so-lasta. Is scannán níotráite a bhíodh in úsáid i laethanta tosaigh na scannánaíochta. Scaip an tine ar fud na pictiúrlainne sealadaí, a bhí suite thuas staighre i seid mhór adhmaid ina raibh dhá urlár, ar luas lasrach. Ní raibh ach bealach amháin ann chun dul isteach agus amach as an bhfoirgneamh: dréimire.

Bhí scanradh ar an slua agus d'éirigh leo siúd ba ghaire don bhealach amach éalú, ach bhí go leor daoine fós sáinnithe taobh istigh. De bhrí go raibh barraí iarainn ar na fuinneoga ní raibh daoine in ann éalú trí na fuinneoga, agus chiallaigh neart na tine go raibh sé beagnach dodhéanta teacht i gcabhair ar dhaoine. Tuairiscíodh i nuachtán comhaimseartha “gur thit an t-urlár anuas mar bharr ar an donas”.

Cailleadh 48 duine, thart ar an deichiú cuid de dhaonra Dhrom Collachair. Bhí breis is leath de na daoine a cailleadh faoi bhun 25 bliain d'aois, agus bhí 15 leanbh ina measc. Ba iad na daoine ab óige a cailleadh ná beirt leanaí a bhí 7 mbliana d'aois.

Bhí sé beagnach dodhéanta ciall a bhaint as cé chomh dona is a bhí an caillteanas sin i bpobal beag cosúil leis seo. Bhásaigh teaghlach iomlán amháin trí chéile sa tubaiste: athair agus múinteoir bunscoile, Jeremiah Buckley, a bhean chéile Ellen, a n-iníon Bridie, deirfiúr Ellen, Kate Wall, agus a gcailín aimsire, Nora Kirwan, mar gheall ar an tine. San Evening Herald, i dtuairisc a foilsíodh ar an 6 Meán Fómhair 1926, deirtear gurb é an scéal áirithe seo “ceann de na rudaí b’uafasaí faoin tragóid seo”.

‘An Dó’ a thugtaí ar an tubaiste go háitiúil, ainm atá in úsáid ag na glúnta daoine ó shin i leith.

 

Pobal faoi bhrón

Díreach i ndiaidh na tragóide, bhí obair uafásach roimh phobal Dhrom Collachair - b'éigean dóibh na mairbh a aithint agus a chur.

Bhí bigil ar siúl i gcaitheamh na hoíche, agus dhún na tithe tábhairne áitiúla fad is a bhí an pobal faoi bhrón. An lá arna mhárach, leagadh coirp na marbh i gcónraí. Cinneadh gach duine a chur in uaigh mhór amháin ar thailte an tséipéil.

Bhí daoine ó fud na hÉireann i láthair ag an tsochraid. Bhí an tUachtarán W. T. Cosgrave i láthair, tháinig teachtaireachtaí comhbhróin ón Rí Seoirse V, ceannairí eaglaise, ceardchumainn, comhairlí contae agus eagraíochtaí eile.

Bhunaigh an tUachtarán Cosgrave ciste faoisimh náisiúnta chun tacú leis na daoine a raibh tionchar ag an tubaiste orthu. Leanadh ar aghaidh le hobair an Chiste le blianta fada agus rinneadh na híocaíochtaí deiridh in 1958.

I ndiaidh na tragóide, cuireadh ceisteanna tábhachtacha maidir leis an méid a tharla roimh an tine. Ag an am, bhíodh sé de nós ag daoine hallaí baile, siopaí agus foirgnimh eile a úsáid go sealadach mar phictiúrlanna, go háirithe amuigh faoin tuath in Éirinn. Go minic, bhíodh priontaí scannáin á bhfáil ar iasacht ó phictiúrlanna i mbailte agus cathracha níos mó agus bhíodh siad á dtabhairt chomh fada le pobail níos lú chun iad a thaispeáint.

I dtuairiscí comhaimseartha tugtar le fios go raibh na spóil scannáin a taispeánadh i nDrom Collachair faighte gan chead ó Chorcaigh. Tuairiscítear go raibh na cannaí scannáin fágtha taobh thiar ionas nach dtabharfadh aon duine faoi deara go raibh na spóil tógtha, rud a chiallaigh nach raibh an scannán níotráite so-lasta clúdaithe. Nuair a bheadh an scannán níotráite lasta, d'fhéadfadh sé dó go fíochmhar.

De bhrí gur pictiúrlanna sealadacha de shaghas éigin a bhí sna pictiúrlanna seo, níor tugadh aird i gcónaí ar na caighdeáin sábháilteachta a bhí riachtanach in áitribh cheadúnaithe. I nDrom Collachair, b’uafásach gach a tharla toisc nach raibh an spól scannáin clúdaithe agus nach raibh aon bhealach amach cuí as an bpictiúrlann.

 

Ceisteanna maidir le freagracht

Sna laethanta i ndiaidh na tine, díríodh ar na daoine a raibh baint acu leis an bpictiúrlann a eagrú.

Ar dtús gabhadh agus cuireadh dúnorgain i leith an teilgeora, Patrick Downing, agus an eagraí, William Babe Forde. Níor lean an Stát ar aghaidh leis an gcás seo i ndeireadh na dála, áfach.

Tá léargas le fáil i ngrianghraif atá i mBailiúchán Grianghraf Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar chuid de na daoine agus na háiteanna ar tagraíodh dóibh i ndiaidh na tine. Is cosúil go bhfuil Downing agus Forde le feiceáil in íomhá shuntasach amháin a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh na sochraidí. Tá bindealán le feiceáil ar lámh duine de na fir.

I ngrianghraf eile tugtar léargas ar an bhfoirgneamh dóite, mórshiúl na sochraide ag déanamh a bhealach trí Dhrom Collachair, sluaite bailithe le chéile ar na sráideanna, oifigigh phóilíneachta, siopaí dúnta an tsráidbhaile agus an uaigh mhór inar cuireadh na daoine ar fad a cailleadh sa tine.

In dteanna a chéile, is ionann na grianghraif seo agus taifead físiúil cumhachtach ar phobal a bhfuil iarracht á dhéanamh aige ciall a bhaint as an gcaillteanas dochreidte seo.

 

Tragóid tugtha chun cuimhne

Is í Tine Phictiúrlann Dhrom Collachair an tine is measa a tharla i bpictiúrlann in Éirinn riamh. Sa lá inniu ann, tá leabharlann phoiblí tógtha ar láithreán na tubaiste, i gcuimhne ar an 48 duine a cailleadh sa tine. Tá a gcuid ainmneacha siúd inscríofa ar íochtar croise sa reilig in aice láimhe.

names of people

Courtesy of Dromcollogher Community Council

Rinneadh go leor cainte faoin tubaiste sna laethanta agus seachtainí i ndiaidh na tine. Ní hamháin go raibh tuairiscí scríofa i nuachtáin áitiúla agus náisiúnta Éireannacha, bhí tuairiscí scríofa i bhfoilseacháin i dTuaisceart Éireann agus i bhfoilseacháin idirnáisiúnta freisin.

“Bhain an crá croí a bhí le brath taobh istigh agus taobh amuigh den fhoirgneamh stangadh as gach duine.” – An méid a bhí le rá ag Cairdinéal O’Donnell, i sliocht as The Limerick Leader

Chomh fada is a bhaineann le staraithe, taighdeoirí agus baill teaghlaigh sa lá atá inniu ann, is ionann na cuntais chomhaimseartha seo agus ábhar an-luachmhar: taifead de na himeachtaí nuair a tharla siad. Tugtar an stangadh agus an brón a bhí le mothú ag an am faoi deara iontu. Tá na daoine a cailleadh ainmnithe iontu. Tá eolas le fáil iontu faoi na socruithe sochraide, na ceisteanna a cuireadh i ndiaidh na tine agus an tslí ar dhéileáil an pobal trí chéile leis an tubaiste.

I measc bhailiúcháin nuachtáin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, tá léargas ar leith le fáil in The Limerick Leader ar an tubaiste agus ar an méid a tharla i ndiaidh na tubaiste. Tá eagráin digitithe ar fáil i bPríomhsheomra Léitheoireachta NLI ionas gur féidir le taighdeoirí an scéal seo a leanúint trí thuairisciú comhaimseartha.

Tá roinnt grianghraf i seilbh NLI freisin a bhaineann le tine Dhrom Collachair, i mBailiúchán Grianghraf Independent Newspapers, lena n-áirítear íomhánna de na sochraidí, an phictiúrlann dóite go talamh, an uaigh mhór agus na daoine a raibh tionchar ag an tubaiste isteach orthu.

Tá prionta Iodálach comhaimseartha speisialta ina dtugtar léargas ar an tine le fáil i mBailiúchán Priontaí agus Líníochtaí na Leabharlainne, dar teideal, Quando il cinematografo di Drumcollogher (Irlanda) divenne un rogo. Is féidir le daoine ar spéis leo súil a chaitheamh ar an ábhar atá inár seilbh, má tá Cárta Léitheora a bhfuil fáil saor in aisce air, acu.

newspaper headline

Sheffield Daily Telegraph, Tuesday 7th September 1926

Eve Herald newspaper

Evening Herald, Monday September 6th, 1926

newspaper headline

Dundee Courier, Scotland, Tuesday 7th September 1926

newspaper headline

Daily Express, London, Tuesday 7th September 1926

newspaper headline

Cork Examiner, Thursday 9th September 1926

newspaper headline

Limerick Leader, Monday 6th September, 1926

newspaper headline

Irish News (Belfast), Tuesday September 7th 1926

newspaper headline

Limerick Leader, Wednesday 8th September 1926

Eolas a fháil ar scéal na tubaiste i mbailiúcháin NLI

Céad bliain i ndiaidh na Tine i bPictiúrlann Dhrom Collachair, is féidir linn tairbhe a bhaint as bailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chun díriú ní hamháin ar fhíricí loma na tragóide ach ar chuimhne na ndaoine ar an méid a tharla.

Is foinsí iontacha iad nuachtáin chun taighde a dhéanamh ar imeachtaí stairiúla. Is féidir eolas a fháil i nuachtáin ní hamháin maidir leis an méid a tharla, ach maidir le tuiscint na ndaoine ar an méid a tharla ag an am: cé hiad na daoine ar chuir an méid a tharla isteach orthu, cén chaoi ar dhéileáil pobail leis an méid a tharla, céard iad na ceisteanna a bhí á gcur agus conas ar tháinig scéalta chun cinn sna laethanta agus seachtainí ina dhiaidh sin.

Tá bailiúcháin mhóra nuachtán i seilbh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, iad ar fáil i bhformáidí digiteacha, micreascannáin agus cruachóipe. Ina measc seo tá foilseacháin áitiúla agus náisiúnta ina gclúdaítear imeachtaí a tharla ar fud na hÉireann agus níos faide ó bhaile.

Má tá taighde á dhéanamh agat ar Thine Phictiúrlann Dhrom Collachair, nó imeacht suntasach eile a bhaineann le stair na hÉireann, tugaimid cuireadh duit scrúdú a dhéanamh ar bhailiúcháin na Leabharlainne inár seomraí léitheoireachta.

Buaicphointí an bhailiúcháin

Is mian le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann an 48 duine a cailleadh i nDrom Collachair ar an 5 Meán Fómhair 1926, agus an pobal a mhair i ndiaidh ‘An Dó’, a thabhairt chun cuimhne.