Tá sé déanta as craiceann ainmhithe nach bhfuil daite, craicne laonna, caorach, nó gabhar go hiondúil. Is tacaíocht mharthanach scríbhneoireachta é atá in úsáid leis na céadta de bhlianta. Cuireann athruithe timpeallachta isteach go mór air freisin - is féidir é a laghdú, a lúbadh, agus é a chuir as cruth dá mbarr. Tá sé dhúshlánach é a chuir ar ais go dtí chuma bhunaidh. Fiú le taighde fhairsing, is "ábhar beo" guagach é an pár agus mar sin, tá réitigh shaincheaptha agus láimhseáil chúramach ag teastáil ó gach togra.
Armas
Cuireadh meamram páir péinteáilte ón 18 haois a léiríonn armas John Lock as Ath Gó i gContae Bhaile Átha Cliath inár dtreo sa Roinn Caomhnaithe agus é lúbtha isteach air féin mar thoradh ar athruithe aeráide [Léaráid 1]. Bhí codanna den téacs doléite [Léaráidí 2-3], agus mar sin, bhí sé mar aidhm agam an cháipéis a oscailt amach go cúramach le go bhféadfaí í a léamh agus a stóráil go sábháilte.
[Fig.1] The main fold of the parchment, which limits access to the text.
[Fig. 2] The media on the visible areas is damaged and slightly faded, and the title is not legible.
[Fig. 3] The media on the visible areas is damaged and slightly faded, and the title is not legible.
Cóireáil Chaomhnaithe
Is féidir le pár a bheith measartha dolúbtha tar éis dífhoirmithe. D'fhonn na snáithíní collaigine a scaoileadh, ní mór bogthaise a thabhairt isteach sa chóras de réir a chéile. Sá chás seo, d'úsáid mé cuasán bogthaisithe - cruinneachán trédhearcach atá nasctha le taisire ultrasonach a ligeann dom monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar fhreagairt an pháir ar an mbogthaise [Léaráid 4].
[Fig. 4] The humidification chamber with controlled humidity and temperature.
Agus an pár scaoilte sa bhogthaise, ní mór srian a chur leis de réir is a thriomaíonn sé le nach dtiontaíonn sé ina chruth dífhoirmithe an athuair. Sa chás seo, bhain mé úsáid as an modh fáiscín-agus-bioráin: Ar dtús, líneáil mé clár sraithadhmaid le páipéar ionsúiteach cadáis 100% agus páipéar síoda poileistir neamhfhite. Leithdháil mé fáiscíní dochta timpeall imill an pháir, agus an cruth neamhrialta agus suíomh aon lagphointe á gcur san áireamh agam. Baineadh úsáid as bioráin le gach rud a dhaingniú ar an gclár sraithadhmaid trí na poill sna fáiscíní dochta [Léaráid 5-7].
[Fig. 5] The flattening station
[Fig. 6] The parchment under tension
[Fig. 7] The parchment under tension and a detail of the clips and pins.
Feistiú
Agus an pár á fheistiú, tá sé tábhachtach go n-úsáidtear ábhair a ligeann don phár bogadh píosa mar gheall ar an gclaonadh atá aige leathnú agus laghdú le hathruithe aeráide. Cuireadh modhanna feistithe nua-aimseartha as an áireamh toisc go raibh siad ró-fhadálach agus ní raibh rochtain ar an verso bán riachtanach. Is coitianta go n-úsáidtear stiallinse páipéir Seapánacha, ach ní raibh siad cuí sa chás seo de dheasca thiús an pháir agus a dhífhoirmiúchán a bhí dian. Dá greamaithe atá an dífhoirmiúchán, is mó an seans go bhfilleann an pár ar an gcruth sin.
[Fig. 8] One of many tests made to practice with different mounting styles.
Thriall mé modhanna éagsúla trí mhúnlaí a úsáid leis an modh is cuí a roghnú [Léaráid 8]. Ar deireadh, roghnaigh mé stiallinsí féinghreamaitheacha poileistir tanaí curtha ar imill agus coirnéil an fheistithe: cuireann a solúbthacht cosc ar aon damáiste don ábhar, ligeann a dtrédhearcacht rochtain fhísiúil iomláin dá chodanna uile, agus cuirfidh a láidreacht cosc ar an bpár lúbadh ar ais ina chéile [Léaráid 9-10].
[Fig. 9] A detail of the polyester strips used to mount the parchment on the board.
[Fig. 10] Once flattened and mounted, the parchment is accessible again.
Léiríonn gach earra páir dúshláin ar leith, agus ní mór gach togra a mheas i ndáil le gnéithe iomadúla, lena n-áirítear an spás atá ar fáil, am, riachtanais ábhair, seasmhacht na timpeallachta, inrochtaineacht, agus coinníollacha stórála. Maidir le caomhnú páir éifeachtach, éilítear anailís choisctheach áirithe agus tuar eolach ar an iompraíocht chun an straitéis is cuí a fháil amach ar mhaithe le caomhnú fadtéarmach. Mar chaomhnóirí, ní mór dúinn na gnéithe praiticiúla seo a mheas agus meas ollmhór a bheith againn ar chaighdeán ábhair an earra.