I dteannta sraitheanna fairsinge nuachtán, tá go leor earraí sainiúla uathúla sa bhailiúchán. Uaireanta ní bhfuair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ach correagrán nó dhó de theideal nuachtáin ar leith, nach gcoimeádtar aon sampla eile den teideal lena mbaineann sa bhailiúchán fós. Sna 1960idí ceanglaíodh na heagráin aonair sin le chéile, agus ábhair agus dátaí foilseacháin éagsúla ag baint leo, i sé imleabhar dar teideal Miscellaneous Newspapers. Rinneadh nuachtáin, a raibh ábhair agus dátaí foilseacháin éagsúla ag baint leo, a cheangal le chéile. Cuireadh an lipéad Miscellaneous Newspapers Volumes 1-6 ar na ceangail. Mar gheall gurb uathúil agus gur sobhriste na heagráin sin, tugadh tosaíocht dóibh lena gcaomhnú agus lena ndigitiú.
Seoladh Miscellaneous Newspapers Volume 6, ina raibh 55 nuachtán a foilsíodh in Éirinn sa tréimhse 1915-44, chuig stiúideo caomhnaithe na Leabharlainne lena chóireáil sular digitíodh é. Bhí roinnt rudaí le déanamh ar dtús chun na nuachtáin a ullmhú do phróiseas an digitithe, próiseas inar minic is gá láimhseáil thréan fhada a dhéanamh ar earraí stairiúla sobhriste.
Miscellaneous Newspapers Vol.6
Miscellaneous Newspapers Vol.6. Newspapers housed inside a library binding.
Miscellaneous Newspapers Vol.6. Newspapers housed inside a library binding
Díghrádú agus stóráil nuachtán
Ábhair neamhbhuana atá i nuachtáin go nádúrtha. San fhichiú haois ba as laíon adhmaid meicniúil a dhéantaí iad. Leis an ábhar sin ina raibh cion mór lignine, cruthaítí páipéar a bhriseadh go héasca le himeacht aimsire, go háirithe murarbh fhabhrach na dálaí timpeallachta faoinar stóráladh iad. Éiríonn snáithíní páipéir aigéadach agus díghrádaíonn siad dá bharr, agus an páipéar ag éirí donn, briosc nó an-bhog agus éasca le sracadh. Luíonn an chuid is mó de dhúch clódóireachta an nuachtáin ar dhromchla an pháipéir, rud a fhágann gurb éasca é a smearadh. Níor mheas na clódóirí ná na foilsitheoirí nuachtáin na fadhbanna sin a bheith ró-achrannach toisc nach raibh na nuachtáin ceaptha maireachtáil ní b’fhada ná lá nó dhó. Níor thuar siad go mbeifí ag iarraidh a nuachtáin a léamh céad bliain ina dhiaidh sin. Tá digitiú i measc bhealaí an lae inniu le hábhar nuachtán a chosaint, ach uaireanta ní mór do chaomhnóir an nuachtán a ullmhú agus a dheisiú.
Mar iarracht chun na mílte nuachtán scaoilte ina mbailiúchán a eagrú go héifeachtúil agus a spás stórála a íoslaghdú, chuir cuid mhór leabharlann cruacha nuachtáin aonair ina gceangail struchtúrtha in ord de réir teidil agus dáta, a dtugtar ‘ceangail leabharlainne’ orthu. Níorbh eol dóibh, áfach, gur chruthaigh siad fadhb eile agus an chéad fhadhb á réiteach acu. D’fhéadfadh na ceangail mheaisínfhuaite sin tionchair dhiúltacha nár bheag a imirt ar na nuachtáin a bhí istigh iontu.
Damáiste
Sampla den damáiste a d’fhéadfaí eascairt as na ceangail leabharlainne ó lár na haoise seo caite ab ea Miscellaneous Newspapers Volume 6. De bharr na meaisín fhuála ag fuáil feadh fhillteacha láir na nuachtán (.i. an gáitéar), bhí roinnt téacs doléite agus bhí baol mór ann go stróicfeadh an snáithe láidir tríd an bpáipéar lagaithe nuair a tiontaíodh na leathanaigh. Bhí cuid mhór stróicthí feadh na n-imeall ar fud na bpáipéar freisin, a raibh roinnt acu ina smidiríní. San am atá thart rinne duine iarracht cuid de na sracaí a dheisiú le téip (nach inmholta an beart é!). An t-aon bhealach leis na nuachtáin a dhigitiú go sábháilte gan tuilleadh damáiste a dhéanamh ná an ceangal a bhaint agus na páipéir a dheighilt ó chéile.
Sewing cuts off some text
Degraded papers easily torn out
Tears and old repairs
Cóireáil chaomhnaithe
Gearradh an clúdach ar shiúl, ach bhí an chruach nuachtán fós greamaithe le chéile feadh an droma toisc go raibh greamachán láidir curtha go fras ag an gceanglóir air sna 1960idí. Má úsáidtear greamachán láidir ar pháipéar lag, rachaidh cúrsaí in aimhréidh. Úsáideadh glóthach Laponite chun an seanghreamachán a dhéanamh bog lena bhaint, ansin baineadh an snáithe fuála go cúramach le sceanóg ghéar bhiorach. Baineadh na roic as gach nuachtán le sceanóg théite agus, chun na sracaí agus aon pháipéar caillte feadh na bhfillteacha láir a dheisiú, úsáideadh scuab chun ceallalós meitile (greamachán trédhearcach ar nós glóthaigh) a chur trí stiallacha de pháipéar síoda Seapánach 2gsm (páipéar éadrom an-mhín) [1]. D’fhonn na hábhair dheisiúcháin sin a roghnú, rinneadh tástálacha roimh ré chun teacht ar a raibh ab oiriúnaí i dtaca le tiús agus dath an pháipéir deisiúcháin agus dlús an ghreamacháin mhearthriomaithigh (chun nach gcuirfí an páipéar as a riocht agus chun gurbh fhéidir an iliomad sracaí a dheisiú go héifeachtúil). Ar deireadh sannadh fillteáin chartlainne aonair gan aigéad do na nuachtáin.
Cover removed
Old adhesive along the stack spine removed
Old sewing cut away
Text visible once again
Flattening creases
Repairing tears with Japanese tissue paper
Newspaper before conservation treatment
Newspaper after conservation treatment
Newspaper before conservation treatment
Newspaper after conservation treatment
New archival acid-free housing will improve long term preservation
Anois agus an chóireáil chaomhnaithe déanta ar Miscellaneous Newspapers Volume 6, tá an téacs go léir infheicthe, tá sé i bhfad níos éasca na nuachtáin a láimhseáil agus tá fíorbheagán baoil ann go dtarlódh tuilleadh damáiste i bpróiseas an digitithe.
I mbailiúcháin mhóra d’fhéadfadh sé nach mbeifí in ann na ceangail leabharlainne a bhaint de na nuachtáin go léir toisc go bhféadfadh roinnt seachtainí a bheith i gceist leis an gcóireáil chaomhnaithe ar gach ceann acu. Braitheann ord tosaíochta na nuachtán ar a thábhachtaí atá siad agus ar a mhéad atá an damáiste a rinneadh orthu leis an gceangal. Le nuachtáin de chineál ‘déanta don díghrádú’, is iomaí dúshlán a d’fhéadfaí a chur rompu siúd a ndéanann cúram díobh, ach is fiú an tairbhe an trioblóid leo toisc an bhlaiste den tseanaimsir is féidir a fháil uathu.
Rinneadh na nuachtáin seo a leanas ó Miscellaneous Newspapers Volume 6 a dhigitiú agus a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin NLI:
Bailiúcháin Irish Christian Front : Irish Christian Front. :: Catalóg na Leabharlainne
Bailiúcháin Republican Leader : The Republican Leader. :: Catalóg na Leabharlainne
Bailiúcháin Kerry Opinion : Kerry Opinion. :: Catalóg na Leabharlainne
Bailiúcháin Penapa : Penapa: :: Catalóg na Leabharlainne
Bailiúcháin Cork Augustinian : Cork Augustinian. :: Catalóg na Leabharlainne
Tagairtí
[1] Hutchison, Claire. “Safeguarding Scotland’s Newspapers: A Collaborative Approach to Preservation and Access”, IFLA International News Media Conference 2024. Safeguarding Scotland’s Newspapers: A Collaborative Approach to Preservation and Access
Míle buíochas le Maria Montcalm agus Siobhán O’Donovan in NLI as a n-ionchur úsáideach don bhlagphostáil seo.