Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Beannachtaí na Féile ó do Leabharlann Náisiúnta

Guímid Nollaig shona agus gach rath ort do 2026

Dé hAoine, 12 Nollaig 2025

Bhí áthas ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann fáilte a chur roimh an ealaíontóir agus dearthóir Peter O’Brien an mhí seo caite, nuair a thug sé cuairt chun an sceitse deiridh dár gcárta séasúrach 2025 a roinnt linn, mar aon leis na líníochtaí ullmhúcháin a chabhraigh leis a mhúnlú.

drawing

Final sketch for the NLI's 2025 Christmas card by Peter O'Brien

Sara Smyth, Peter O'Brien and Liz Coffey

L-R: Sara Smyth, Assistant Keeper in Special Collections, artist and designer Peter O'Brien and Liz Coffey, Head of Communications and Development

Tá sceitse Peter spreagtha ag ár bhfoirgneamh álainn ar Shráid Chill Dara. Nuair a osclaíodh an Leabharlann den chéad uair i mí Lúnasa 1890, thairg sí rud éigin neamhghnách do Bhaile Átha Cliath Victeoiriach: áit ina bhféadfadh mná staidéar agus léamh taobh le fir, gan bean choimhdeachta a bheith ag teastáil uathu.

Aithnítear Peter go forleathan mar dhuine de na dearthóirí faisin is mó le rá in Éirinn. Táimid bródúil as a Bhailiúchán Amharclainne a choinneáil anseo san NLI, lena n-áirítear a sceitsí cultacha do leagan Brian Friel de A Month in the Country, a cuireadh ar stáitse in Amharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath in 2015.

Is féidir leat an bailiúchán seo a iniúchadh tríd ár gcatalóg.

 

Sceitsí ullmhúcháin:

pencil and watercolour sketch
pencil sketch
pencil and watercolour sketch
pencil sketch
pencil sketch
pencil sketch

Is cuid thábhachtach den chaoi a dtacaíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le cleachtas cruthaitheach agus a leanann sí de bheith ag saibhriú ár mbailiúchán an comhoibriú le healaíontóirí comhaimseartha. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, is féidir leat foghlaim faoinár mbailiúchán Priontaí agus Líníochtaí  anseo.