Home, National Library of Ireland
Roghchlár

18th & Oidis phléisiúrtha an Fhómhair ón 19 haois le déanamh sa bhaile ó bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Dé Luain, 3 Samhain 2025
recipe for parsnip pye

Dé Luain, an 3 Samhain 2025. Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) ag cur fáilte roimh dhaoine le dul ar ais go cisteanna thithe móra na hÉireann sa 18 agus sa 19 haois agus oidis an Fhómhair a bhí ann leis na céadta bliain curtha ar fáil le haghaidh beadaithe agus chócairí amaitéaracha len iad a athdhéanamh sa bhaile.

Is ó bhailiúchán leabhair chócaireachta stairiúla agus lámhscríbhinní oideas an NLI iad na hoidis atá caomhnaithe ag an NLI agus a bhfuil anailís agus tras-scríbhinn déanta orthu ag cartlannaithe NLI, Nora Thornton agus Joanne Carroll. Tugtar léargas ar thraidisiúin bhia agus ar nósanna na sochaí ag an am sin mar gheall ar a ndíograis, oidis stairiúla a aimsiú agus a léirmhíniú. An uair sin, bhí sé de nós ag mná an tí na hoidis a roinnt lena chéile agus iad ar chuairteanna, agus cuireadh de chúram ar na cócairí na hoidis a thaifeadadh nó na mionsonruithe iontu a aimsiú.  

Idir Mharóg Mheacain Bháin ar féidir í a dhéanamh milis nó saillte, Anraith Tornapa breá a éilíonn dosaen tornapaí, agus Bhollóg Aráin Sinséir atá spíosraithe go saibhir agus atá ar bhlás branda líomóide agus oráiste criostalaithe, léirítear an réimse saibhir bia agus dí atá ann don t-am seo den bhliain i mbailiúcháin an NLI.  

Is cuid iad na hoidis uile de bhailiúchán fairsing leabhair chócaireachta agus lámhscríbhinní oideas an NLI, ar níos mó ná 200 bliain d’aois cuid acu agus iad caomhnaithe go díreach mar a scríobh na cócairí tí síos iad ag an am agus lena n-áirítear thart ar chéad leabhar oidis agus na céadta leabhar cócaireachta.  

Agus léargas á thabhairt ar shaol laethúil, ar bhlasanna, agus ar thraidisiúin na nglúnta a bhí romhainn, an Fómhar seo, cuireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann fáilte roimh an bpobal na hoidis a athaimsiú agus iad a athdhéanamh sa bhaile, agus ceangal a dhéanamh le hoidhreacht chócaireachta na hÉireann atá ann leis na céadta bliain.  

Agus dóibh siúd atá ag iarraidh teacht ar thuilleadh oideas i mbailiúcháin an NLI, tá an NLI ar oscailt agus saor in aisce do chách ar mhaith leo breathnú sna bailiúcháin, ar línear an láthair.  

Oidis:   

Maróg Mheacain Bháin. Ó NLI LS 42,009 Arna thiomsú ag Anna Irvine ó Theach Rosebank. 

Tras-scríbhinn an oidis: 

Bruith dhá mheacan bhána mhóra, fáisc an t-uisce astu, déan brúitín díobh agus cuir buíocháin dhá ubh, slisne de bhollóg Penny a bhí ar maos i spúnóg uachtair, agus beagán blastanais leo. [Déan é milis nó saillte de réir mar atá tóir agat air.]  Buail iad le chéile, bain úsáid as leafaos chun an mhias atá agat a líneáil agus déan é a bhácáil in oigheann atá measartha te- is féidir a lán comhábhar eile a chur isteach, amhail giorria nó teanga. 

Chun Leafaos briosc a dhéanamh. Ó NLI LS 42,009 Arna thiomsú ag Anna Irvine ó Theach Rosebank. 

Leathphunt plúir- 2 unsa siúcra 2 unsa ime Bláthaí  

1 ubh- taisrigh agus uachtar á chur leo? 

(Nótaí ón gcartlannaí NLI, Nora Thornton: Toisc nach raibh treoracha ann, rinne mé an taosrán mar is gnáth liom. Chuimil mé an t-im isteach sa phlúr go dtí go raibh sé cosúil le grabhróga aráin. D’fhág mé an siúcra ar lár de bharr go raibh mé ag iarraidh Maróg Mheacain Bháin shaillte a dhéanamh. Mheasc mé isteach an ubh bhuailte agus roll mé amach an taosrán chun an mias a líneáil sular líon mé na cásanna le líonadh meacain bháin. Shocraigh mé gan aon ghiorria nó teanga a chuir leis.) 

------- 

Pióg Mheacain Bháin ó NLI LS 51,643 

Tá an leabhar oideas scríofa i bpeannaireacht atá éagsúil. Deireadh an 18 haois go dtí tús an 19 haois. 

Tras-scríbhinn an oidis: 

Tóg na meacain bhána is fearr atá agat, agus bruith iad go dtí go bhfuil siad mín, ansin bain an craiceann díobh agus gearr iad ina slisní fada, agus blaistigh iad le siúcra agus cainéal, ansin cuir iad i do phióg, cuir neart ime thíos ag an mbun, agus ansin cuir tuilleadh ime ar an mbarr, agus cuir isteach mearóg, dátaí, buíocháin uibheacha agus iad lán (gan iad a ghearradh) agus crua, agus dún an phióg agus déan í a bhácáil, agus sula gcuirtear ar an mbord í, oscail í agus cuir leann de verjuice nó fíon Rennish leis, agus 2 nó 3 ubh bhuailte agus giota beag ime agus siúcra, ansin cuir í san oigheann arís ar feadh tamaill, agus clúdaigh arís í agus cuir í ar an mbord le siúcra curtha ar a barr. 

-------- 

Anraith Tornapa (a éilíonn 12 thornapa!) ó NLI LS 9929 

Tiomsaítear dhá leabhar oideas, c. 1775-1850 agus c. 1800-1875 in LS 9929. 

Tras-scríbhinn an oidis: 

Tóg dhá thornapa dhéag mhóra agus dhá cheann cabáiste, gearr an cabáiste agus gearr na tornapaí ina slisní beaga agus ceithre oinniún chomh maith, frioch na tornapaí agus oinniúin in im; agus cuir iad síos i dteannta an chabáiste, piobar agus ilspíosra, dornán mór ríse, dornán luibheanna milse agus peirsile agus déan iad stobhadh in ocht gcárt uisce, agus é clúdaithe os cionn tine mhalldóite, go dtí nach bhfuil ach trí chárt ann, cuir isteach giota beag vermicelli a bhí stofa in uisce eile, agus an t-uisce a dhoirteadh anuas? agus síothlaigh an t-anraith air, bruith é- déan é a bhlaistiú le giota beag salainn. 

-------- 

Bollóg Aráin Sinséir ó NLI LS 42,009 Arna thiomsú ag Anna Irvine ó Theach Rosebank. 

Is ionann 1 phionta triacla agus 2 phunt 

2 phunt plúir- 1 phunt siúcra - 1 phunt ime 

1 thaechupán sinséir mheilte agus 

1 phionta triacla.  

Tá an siúcra, an t-im, an sinséar agus an triacla le bruith go leáfaidh siad agus ansin fág é le fuarú agus cuir isteach plúr chomh maith le buíocáin agus gealacháin sé ubh atá buailte go maith agus spúnóg luatha péarla atá tar éis leá i dtaechupán uisce. Is mór a chuireann branda líomóide, almóinní a bhfuil blas milis ciotróin orthu agus oráistí criostalaithe léi. Toisc go n-ardaíonn sí an-ard agus í san oigheann, ba chóir í a chur i dtrí stán. 

(Nótaí ó chartlannaí NLI, Nora Thornton: Leasuithe ar an mbunoideas: Chuir mé sóid aráin in ionad 'luatha péarla', ar rogha eile é atá i bhfad níos sábháilte.

CRÍOCH