Dé Luain, 22 Nollaig 2025. Agus teaghlaigh ar fud na hÉireann ag malartú teachtaireachtaí Nollag le daoine muinteartha ó chian agus ó chóngar, tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) ag nochtadh fáil nua de chomhfhreagras fad-achair ó ré níos luaithe. Tugann Bailiúchán Litreacha Teaghlach McMonagle (1860–1903) léargas annamh ar shaol imirceach Éireannach sna Stáit Aontaithe le linn Chogadh Cathartha Mheiriceá, agus ar na daoine muinteartha a d’fhág siad ina ndiaidh i nDún na nGall.
Tá 25 litir sa bhailiúchán a seoladh chuig Cornelius McMonagle, ar a dtugtar Con/Condy air freisin, ó Bhá Uachtair i gCo. Dhún na nGall agus a chuaigh ar imirce go Meiriceá ag deireadh na 1850idí/tús na 1860idí. Ba é a dheartháir, a chairde agus baill teaghlaigh a bhí lonnaithe nó i mbun seirbhíse i Meiriceá a scríobh na litreacha, chomh maith le litreacha ó theaghlach Cornelius ar ais in Éirinn. Is suntasach é don tréimhse gur sa Bhéarla atá na litreacha, cé go mba as Gaeltacht Dhún na nGall é Cornelius.
Breisiú Suntasach ar Bhailiúchán Náisiúnta an NLI
Cuimsíonn na litreacha comhfhreagras ó:
-
Neal McMonagle, a bhí i mbun seirbhíse sa 52ú Reisimint Pennsylvania, Cuideachta C, ag scríobh ó South Carolina;
-
Patrick Hughes, deartháir céile arbh as Cill Chéirín, Co. na Gaillimhe ó dhúchas é, a bhí i mbun seirbhíse sa 58ú Reisimint Pennsylvania, Cuideachta H, a bhí lonnaithe in Virginia agus in North Carolina;
-
Na saighdiúirí Michael Burke (4ú Ceallraí New Jersey) agus Michael Ford;
-
Agus cúig litir ó theaghlach Cornelius i mBá Uachtair, Dún na nGall.
Tá litir fhoirmiúil sa bhailiúchán freisin a seoladh chuig teaghlach McMonagle ón Tiarna Richard Lyons, Aire na Breataine chuig na Stáit Aontaithe, maidir le scaoileadh Neal as Arm an Aontais.
I dteannta a chéile, léiríonn na litreacha seo guthanna na n-imirceach agus a ngaolta a bhfuil a gcuid eispéiris caomhnaithe anois mar chuid de chuimhne na hÉireann ag an NLI. Nochtann siad imní agus gean aithnidiúil; máthair ag tnúth le nuacht, áthas na litreacha a dhearbhaíonn sábháilteacht agus grá, agus an brú laethúil ar theaghlaigh feirmeoireachta i nDún na nGall ag deireadh an 19ú haois.
Radharc ar Shaol na Líne Tosaigh sa 19ú hAois
Tá luach stairiúil na litreacha sin soiléir go háirithe i litir dar dáta an 22 Nollaig 1863 ina scríobhann an saighdiúir Neal McMonagle ó Oileán Morris, Carolina Theas, ag cur síos ar na dálaí crua an gheimhridh agus a dhúil éadóchasach teacht abhaile: “Déanaigí gach is féidir chun mé a fháil amach ón áit seo,” impíonn sé ar a dheartháir Cornelius, ag cur síos ar an nochtadh, an t-ocras, agus réaltachtaí an chatha agus an Nollaig ag druidim. Scríobhann sé:
"Is áit ghránna í seo, déanaimid beag is fiú agus fiche nó tríocha fear a fheiceáil marbh ar an trá anseo gach taoide a thagann isteach, siúlaimid taobh leo agus téimid tharstu agus ní ligimid orainn féin go bhfeicimid iad go dtí go níonn an taoide amach arís iad...”
Litir ó Neal McMonagle, Oileán Morris [South Carolina], chuig a dheartháir Cornelius McMonagle, ag cur síos ar na dálaí ar an oileán agus ag impí air gach is féidir leis a dhéanamh "chun é a fháil amach as an áit seo", 22 Nollaig 1863.
Chomh coscrach céanna is ea litir ó mhatrarc an teaghlaigh Anne McMonagle i mBá Uachtair, ag impí ar a mic i Meiriceá scríobh abhaile. Léiríonn a cuid scríbhneoireachta an chaoi a bhféadfadh achar agus tost, teaghlaigh a chiapadh. Scríobhann sí nár chuala sí uathu le “fad an lá” agus iarrann sí cruthúnas go bhfuil siad beo agus slán:
“A Chondy agus a Neal a stór, tar éis asláithreacht fada, tógaimid ár bpeann inár lámha chun sibh beirt a chur ar an eolas faoin tír seo. Tá an cuma air dár linne nach bhfuil sibh beirt beo ar feadh chomh fada seo nó go bhfuil dearmad déanta agaibh orainn go léir. A Chondy a chara, is ionadh mór é go ndearna tú dearmad ar do mháthair ar an mbealach seo, tá a fhios agat go maith gur cuireadh chuig an tír sin thú chomh maith le haon fhear óg san áit seo..."
Litir ó Anne McMonagle, Co. Dhún na nGall, chuig Neal agus Cornelius McMonagle, ag iarraidh orthu scríobh chuici mar nár chuala sí uathu le fada an lá, Pennsylvania, 27 Lúnasa 1860.
Dúirt Crónán Ó Doibhlin, Ceannasaí Bailiúchán Speisialta i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
“Is léiriú suntasach é an cnuasach seo de litreacha teaghlaigh ar thábhacht agus leochaileacht an naisc teaghlaigh i lár an 19ú haois. Déanann siad doiciméadú ar na dúshláin ollmhóra a bhí roimh imircigh Éireannacha sna Stáit Aontaithe Mheiriceá le linn thréimhse an Chogaidh Chathartha, agus déanann siad cur síos mionsonraithe ar an scaradh, an t-uaigneas, an cruatan agus uafáis an chogaidh. Tugann siad léargas fíor freisin ar thábhacht na litearthachta agus ar an ngníomh simplí a bhaineann le scríobh litreacha sa tréimhse seo do theaghlaigh atá scartha nó scaipthe.”
Caomhnú agus Buanchoimeád ag an NLI
Déanann Bailiúchán Litreacha Teaghlaigh McMonagle doiciméadú ar thionchar pearsanta na himirce roimh an oll-theileagrafaíocht, nuair a d’fhéadfadh gurbh í litir amháin an t-aon nasc idir ilchríocha agus go dtógfadh sé seachtainí le teacht ar bhád poist. Cé go raibh siad dea-chaomhnaithe, léirigh na litreacha comharthaí iad a bheith caite de bharr iad á n-oscailt agus á bhfilleadh arís agus arís eile thar 150 bliain. Tá an páipéar glanta ag saineolaithe caomhnaithe ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus bhain siad úsáid as fíochán Seapánach chun stróiceadh agus caillteanais a dheisiú. Tá siad stóráilte go sábháilte anois agus ar fáil don phobal.
Féach ar an mbailiúchán i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar líne.
CRÍOCH