Tugann an comórtas bliantúil dúshlán do scoláirí dara leibhéil ar fud oileán na hÉireann dán ceaptha a aithris de ghlanmheabhair. Bhí an babhta ceannais ar siúl i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Dé hAoine seo caite.
Agus ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) agus Éigse Éireann, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh á eagrú, mheall comórtas na bliana seo 328 n-iontráil ó scoileanna ar fud na hÉireann. Bhí 20 n-iomaitheoir i mbabhta ceannais an chomórtais i mbliana ó 13 chontae, ón Aontroim go Ciarraí agus Loch Garman.
I gcomórtas na bliana seo, d’aithris scoláirí dán nár foilsíodh roimhe seo, Those Winter Evenings, leis an bhfile nach maireann Seamus Heaney. Tá an dán le fáil sa bhailiúchán dánta leis an bhfile, a foilsíodh le déanaí, The Poems of Seamus Heaney. Thacaigh an buaiteoir dhuais Nobel, nach maireann, leis an gcomórtas Poetry Aloud, agus luaigh sé an bealach iontach ina gceiliúrann sé an t-aoibhneas a bhaineann le bheith ag aithris filíochta agus ag éisteacht le filíocht, mar aon leis an luach a bhaineann leis an ngné Thuaidh-Theas atá ag an imeacht uile-oileáin sin.
Tá trí chatagóir sa chomórtas: sóisearach, idirmheánach, agus sinsearach. Ba iad na dánta ceaptha don bhliain seo ná The Power of Words le hAmanda Gorman (Catagóir Sóisearach), Among Treetops le hAlvy Carragher (ICatagóir idirmheánach), agus an dán nár foilsíodh roimhe seo Those Winter Evenings le Seamus Heaney (Catagóir Sinsearach).
Ainmníodh Luke Power mar bhuaiteoir foriomlán agus mar bhuaiteoir sa chatagóir idirmheánach. Bhronn Stiúrthóir NLI, an Dr Audrey Whitty, corn Poetry Aloud Seamus Heaney air.
Is í Bríd Ó Driscoll ó Mheánscoil Mhuire, Maigh Chromtha i gCorcaigh, buaiteoir na catagóire sóisearaí i mbliana. Is í Roísín Duke as Meán Scoil Mhuire i Longfort buaiteoir na catagóire sinsear. Bronnadh duais airgid ar gach scoláire agus bronnadh éarlais leabhar ar na múinteoirí ó na scoileanna as a dtagann na buaiteoirí ar fiú €300 í le tabhairt ar ais chuig a leabharlanna scoile.
Dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: "Is ceiliúradh áthasach é Poetry Aloud ar an áilleacht atá le fáil i labhairt agus in éisteacht le filíocht. Tá saothar na bhfilí is mó cáil na hÉireann i mbailiúchán fairsing Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá sé de phribhléid againn scoláirí ó gach cearn den oileán a chloisteáil ag aithris a ndánta le léiriú chomh croíúil agus machnamhach. Is buaicphointe i bhféilire rannpháirtíochta ár scoileanna gach bliain an comórtas, agus tá an caighdeán i mbliana tar éis an traidisiún sin a choinneáil ar bun le fíor-shainiúlacht. Tá tábhacht agus oidhreacht na filíochta mar fhoirm ealaíne is mó a bhfuil grá agus cáil uirthi in Éirinn ag dul ó neart go neart a bhuíochas leis an gcomórtas urghnách sin.”
Dúirt Liz Kelly, Stiúrthóir Éigse Éireann: "Bhí sé iontach a fheiceáil go raibh fuinneamh agus croí ag gach duine de scoláirí na bliana seo ina gcuid léirithe ag Poetry Aloud 2025. Gach bliain, leagann an comórtas seo béim ar an lúcháir agus ar chumhacht léiritheach na filíochta i lámha léitheoirí óga. Bíonn áthas orainn i gcónaí oibriú le comhghleacaithe i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, UCC agus scoileanna ar fud na hÉireann ar an tionscnamh thar a bheith tábhachtach seo. Comhghairdeas ollmhór do na buaiteoirí agus míle buíochas do na h-iomaitheoirí ar fad a ghlac pháirt ann."
I measc phainéal moltóireachta na bliana seo bhí an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Liz Kelly, Stiúrthóir Éigse Éireann, agus John Fitzgerald, file agus Ollamh Cúnta, Scoil an Bhéarla, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
CRÍOCH